Leaḃar Rut 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Pósaḋ Ḃoas re Rut ar na ġeallaḋ leisin, mar is dúal don ḃraṫair fogus gaoil. 1 An sin a duḃairt Naomi a maṫairċliaṁuin ría, A inġean, naċ íarrfa misi suaiṁnios duitsi, ċor go mbeiṫear go maiṫ agad? 2 Agus a nois naċ ḃfuil Boas dar ccineaḋne, a raiḃ tusa a ḃfoċair a ċailineaḋ? Féaċ biáiḋ sé ag cáṫaḋ eórna a noċd ar urlár an ḃúailte. 3 Níġ ṫú féin ar a naḋḃarsin, agus ungaiḋ ṫú féin, agus cuir héadaċ umad, agus eíriġ síos ċum a nurlaír: aċd ná léig haiṫne ċum a nóglaiċ, nó go sguiriḋ sé diṫe agus dól. 4 Agus is aṁluiġ ḃías, a nuáir luiḋfios sé síos, go gcuirfe tusa coṁarṫa ar a náit a luiġfe sé, agus raċaiḋ tusa a steaċ, agus tóg an téadaċ dá ċosuiḃ, agus luiġ síos; agus inneosuiḋ sé ḋuit cred ḋéanas tú. 5 Agus a duḃairt sisi ría, Gaċa nabair tú riom do ḋéanad é. 6 ¶ Agus do ċuáiḋ sí siós ċum an úrláir, agus do rinne gaċ ní dá nduḃairt a maṫairċliaṁuin ría. 7 Agus a nuáir a duáiġ agus diḃ Boas, agus go raiḃ a ċroiḋe súgaċ, do ċuáiḋ sé a luiḋe láiṁ ré cárn a narḃa: agus ṫáinic sisi go mín, agus do noċd sí a ċosa, agus do luiġ sí síos. 8 Agus tárla san meaḋon oiḋċe, go ráiḃ eagla ar a nóglaċ, agus do iompóiġ é féin; agus, féaċ, do ḃí bean na luiḋe agá ċosuiḃ. 9 Agus a duḃairt seision, Cía ṫúsa? Agus do ḟreagaír sisi, Atáimsi Rút do ḃanóglaċ: cuir ar a naḋḃarsin do ċuim air do ḃanógluiġ; óir is braṫair fogus gáoil ṫú. 10 Agus a duḃairt seision, Go maḋ beannuiġ ḃías tusa ón TIĠEARRNA, a inġean; óir is mó an cineul do ṫaisbein tú fá ḋeireaḋ ná ar ttosaċ, do ḃríġ nár lean tú dáoine óga, maḋ saiḋḃir no daiḋḃir. 11 Agus a nois, a inġean, na bíoḋ eagla ort; do ḋéaná misi ḋuit gaċ éanní íarrus tú: óir atá a ḟios ag caṫair mo ḋáoineáḋsi uile gur bean ṡuḃailceaċ ṫú. 12 Agus anois is fíor gur braṫair fogus gáoil duit misi: aċd ċeana atá braṫair as foigsi ná mé. 13 Fán a noċd, agus is eaḋ ḃías de ar maidin, má ċoiṁlíonann sé ḋuitsi an ní is dúal do ḃraṫair gáoil, bíoḋ go maiṫ; déanaḋ sé mar is dúal do ḃraṫair gaoil: aċd muna ndéarna sé ḋuit mar is dúal do ḃraṫair gaóil, annsin do ḋéana misi ḋuit mar is dúal do ḃraṫair gaoil, fá mar ṁairios an TIĠEARNA: luiḋ síos go maidin. 14 ¶ Agus do luiḋ si agá ċosuiḃ go maidin: agus déiriġ sí suil dob eídir le duine aiṫne do ḃreiṫ ar ḋuine seaċ a ċéile. Agus a duḃairt seision, Ná bíoḋ a ḟios go ttáinic bean fá núrlar. 15 Agus a duḃairt sé mar an gcéadna, Taḃair leaċd an ḃraiṫlín atá agad umad, agus connuiṁ í. Agus a núair do ċonnuiṁ sí í, do ṫoṁuis seision sé miosúir eórna, agus do ċuir air a muin íad: agus dimṫiġ sí don ċaṫruiġ. 16 Agus a núair ṫáinic sí ċum a maṫairċleaṁna, duḃairt sí, Cía ṫusa, a inġean? Agus dinnis sisi ḋi gaċa a ndéarna an tóglaċ ría. 17 Agus a duḃairt sí, Ṫug sé na sé miosúir éórnaso ḋaṁ; óir a duḃairt sé riom, Ná héiriġ foluṁ a ccionn do ḃainċleaṁna. 18 Annsin a duḃairt sisí, Suiġ go suáiṁneaċ, a inġion, nó go ḃfeasa tú cionnus raċus an ċúis: óir ní ḃía an tóglaċ suáiṁneaċ, nó go ttuga sé na neiṫesi a gcríċ a niuġ féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society