Leaḃar Rut 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Rút ag Dioġluim na ndéasa arḃa a maċaire Ḃóas, ata so ag inniseaḋ ge ṫaínig ḋe. 1 Agus do ḃi fear gaóil ag Naomi a ttaoḃ a fir, duine cuṁaċdaċ a saiḋḃrios, do ṡlioċd Elimeleċ; agus a sé dob ainm ḋó Boas. 2 Agus a duḃairt Rút an Moabíteaċ re Naomi, Léig ḋaṁsa a nois dul fan maċaire, ċum déasa arḃa do ḋioġluim a ndiáiġ an té a ḃfaġa mé grása iona raḋarc. Agus a duḃairt sisi ría, Imṫiġ a inġean. 3 Agus do imṫiġ sisi, agus ṫáinic sí, agus do ḃí ag díoġluim déus a ndiaiġ na mbuainaiġ annsa ṁaċaire: agus tárla a ndán di teagṁáil ar an gcuid dón ṁaċaire noċ fa le Boas, noċ do ḃí do ṡlioċd Elimeleċ. 4 ¶ Agus, féaċ, ṫáinig Boas ó Ḃetlehem, agus a duḃairt ris na buanuiġiḃ, Go raiḃ an TIĠEARNA maille riḃ. Agus do ḟreagradarsan é, go mbeanuiġ an TIĠEARNA ṫusa: 5 Ann sin a duḃairt Boas re na ṡearḃḟoġantuiġ do ḟuiriġ ós cionn na meiṫle. Cía ar leis an cailínsi? 6 Agus do ḟreagair an searḃḟoġantuiġ do cuireaḋ ós cionn na meiṫle, agus a duḃairt, Ag so an cailín Ṁóabiteaċ ṫáinic ar a haís as tír Ṁóab lé Naomi; 7 Agus a duḃairt sí, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ déasa do ḋioġluim agus do ṫionól a ndiaiġ na meiṫle a measc na bpunann: mar sin do ṫáinic sí, agus dfan ó ṁaidin gus a nois, aċd gur ḟan sí tamall beag annsa tiġ. 8 Ann sin a duḃairt Boas re Rút, Naċ ccluin tú, á inġean? Ná héiríġ do ḋioġluim aír áon ṁaċaire oile, agus ná fág so, aċd fan ann so go daingion a naice mo ċailíneaḋsa: 9 Bídis do ṡúile ar an ṁaċaire a mbéid síad ag buáin, agus lean íad: naċ ar ḟúagair misi do na hogánuiḃ gan buáin ríot? agus a nuáir ḃías tart ort, imṫiġ ċum na soiṫeaċ, agus iḃ deoċ as an ní do ṫairngiodar na hóganuiġ. 10 Ann sin do ṫuit sisi air a haġaiḋ agus do uṁluiġ sí í féin gus an ttalaṁ, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuáir misi grása ann do raḋarc, as a mbéarṫá aiṫne orum, agus mé am ċoiṁiṫeaċ? 11 Agus do ḟreagair Boas, agus a duḃairt ría, Do taisbeanaḋ ḋáṁsa go hiomlán, a nuile ní dá ndéarna tú dot ḃainċliaṁuin ó fuáir ṫfear bás: agus mar dfág tú haṫair agus do ṁaṫair, agus an tír ann ar rugaḋ ṫú, agus mar ṫáinic tú a ccionn daoine nar ḃaiṫniḋ ḋuit roiṁe so. 12 Go ccúitiġ an TIĠEARNA do ṡaoṫar riot, agus go ḃaġa tú luaiḋeaċd iomlán ón TIĠEARNA Día Israel, a ttáinic tú fa na sciaṫánuiḃ, do ċur dóṫċuis ann. 13 Ann sin a duḃairt sí, Faġaim faḃar ad laṫair, á ṫiġearna; do ċionn go ttúg tú sólás daṁ, agus gur laḃair tú go muinntearḋa red ṡeirḃiseaċ, matá naċ ḃfuilim cosṁuil re haon dot ċailiniḃ féin. 14 Agus a duḃairt Boas ría, Tárr annso a naimsir bíḋ, agus iṫ don narán, agus tum do ġreim annsa ḃfinéagra. Agus do ṡuiġ sí láiṁ ris na buainaiġiḃ: agus do ṡeaċuid sesion grán doíte ḋi, agus duaiḋ sí, go raiḃ sí saiṫeaċ, agus gur ḟág sí fuiġioll. 15 Agus a nuáir do eíriġ sí suás do ḋioġluim, do áiṫin Boas dá óganaċuiḃ, ga raḋ, Ná bacaiḋ ḋi ḋioġluim do ḋéanaṁ a measc na bpunnann, agus ná cuiriḋ naíre uirre. 16 Agus léigiḋ tuitim do ċuid do na dórnanuiḃ ar lár déantoisg roimpe, agus fágḃuiḋ iad, go ndioġluimiḋsi iad, agus na haiṫisiġiḋ í. 17 Marsin do rinne sí dioġluim annsa ṁaċaire go tráṫnona, agus do lom sí ar ḋioġluim sí: agus do ḃí sé timċioll eṗah eórna. 18 ¶ Agus do ṫóg sí ar a muin é, agus do ċúaiḋ don ċaṫruiġ: agus ar ḃfaícsin dá maṫairċliaṁuin ar ḋioġluim sí: agus gur ṫarruing sí amaċ, agus go ttug ḋi ar ṫaisgiḋ sí déis ḃeiṫ sáiṫeaċ. 19 Agus a duḃairt a maṫairċlíaṁuin riá, Cáit a ndéarna tú dioġlum a niuġ? agus cáit ár ṡáorṫaiġ tú? go maḋ beannuiġ an té do ċuir aiṫne ort. Agus dinnis sisi dá maṫairċlíaṁuin cía a ḃfoċair ar ḋioġluim sí sin, agus a duḃairt sí, A sé ainm an té a ḃfoċair ar ṡáorṫuiġ mé a niuġ, Boas. 20 Agus a duḃairt Naomi ré na bainċliaṁuin, Go maḋ beannuiġ eision ón TTIĠEARNA, noċ nar ḋearmuid a ċinéul don ḃeó agus don ṁarḃ. Agus a duḃairt Naomi ría, Atá an te sin fogus a ngáol dúinn, áon do na dáoiniḃ gáoil is foigsi ḋúinn. 21 Agus a duḃairt Rút an Moabíteaċ, A duḃairt sé fós riom, caiṫfiḋ tú ḃeiṫ go daingion láiṁ rem ógánaċaiḃ, nó go ccríoċnuiġid síad mfoġṁar uile. 22 Agus a duḃairt Naomi re na bainċliaṁuin Rút, Is maiṫ, do ḋéana tusa a inġion, dul amaċ lena ċailíniḃsion, ċor naċ tteagṁaid riot a néanṁaċaire oile. 23 Marsin dfan sí go cinnte a ḃfoċair ċailíneaḋ Ḃoas do ḋioġlum go deireaḋ foġṁair na heórna agus ḟoġṁair na cruiṫneaċda; agus do rinne sí coṁnuiġe a ḃfoċair a maṫairċleaṁna. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society