Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Leaḃar Rut 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Do ċeangail Rut gu gráḋaċ re na maṫair-ċleaṁna.

1 Anois tárla annsna laéṫiḃ a raḃadar na breíṫeaṁuin na núaċdaráin, go raiḃ gorta sa dúiṫċe. Agus do ċuáiḋ duine áiriġ do Ḃetlehem‐Iúdah do ċoṁnuiḋe go tír Ṁoab, é féin, agus a ḃean, agus a ḋías mac.

2 Agus do bé ainm an duine Elimeleċ, agus ainm a ṁná Naomi, agus ainm a ḋeisi mac Mahlon agus Ċilion, Eṗratitiġ ó Ḃetlehem‐Iúdah. Agus tangadar a steaċ go dúṫaiġ Ṁóab, agus dfanadar ansin.

3 Agus fúair Elimeleċ fear Naomi bás; agus do fágḃaḋ ise, agus a días mac.

4 Agus do ġaḃadarsan mná ċuca fein do ṁnáiḃ Ṁóab; Orpah dob ainm do ṁnaói ḋíoḃ, agus Rút ainm na mná oile: agus do ċoṁnuiġeadar annsin timċioll ḋeiċ mblíaḋan.

5 Agus fuáir mar an ccéadna, Mahlon agus Ċilion bás aráon; agus do fágḃaḋ an ḃean gan ṁaca gan ḟear.

6 ¶ Ann sin do éiriġ sí maille re na bainċleaṁnuiḃ, ċor go ḃfillcaḋ sí as tír Ṁoab: óir do ċúalaiḋ sí a ttír Ṁoab mar do ḟiosruiġ an TIĠEARNA a ṗobal le taḃairt aráin dóiḃ.

7 Uimesin do ċuáiḋ sí amaċ as a náit ann a raiḃ sí, agus a días baincleaṁna le; agus do ġluáisiodar san tslíġe do ḋul tar a nais go tír Iúdah.

8 Agus a duḃairt Naomi re na días ḃainċleaṁnuiḃ, Eirgiḋe, filleaḋ gaċ aon aguiḃ go tiġ a maṫar: go ndéarna an TIĠEARNA go trócaireaċ riḃ, mar do rinneaḃairsi ris na marḃuiḃ, agus riomsa.

9 Go ttugaiḋ an TIĠEARNA ḋaóiḃ suaíṁneas, dá gaċ áon aguiḃ a ttiġ a fir. Annsin do ṗóg sí íad; agus do ṫogḃadarsan súas a nguṫ, agus do ġuileadar.

10 Agus a duḃradar ría, Go deiṁin fillfimne leaċd a gcionn do ḋaóine.

11 Agus a duḃairt Naomi, Filliḋ arís a inġeana: cred fa raċaiḋ siḃ liomsa? an ḃfuilid fós mic am ḃroinnse do ḃíaḋ na ḃfearuiḃ aguiḃ?

12 Filliḋ arís, a mġeana, imṫiġiḋ roṁuiḃ; óir atáimsi ro ḟoirfe do ḃeiṫ ag fear. Dá nabruinn, Atá dóṫċus agum, da mbeiṫ fear agum fós a noċd, agus fós go mbéaruinn mic;

13 An ḃfanfaḋ siḃsi ríu nó go ḃfasaidís? an ḃfanfaḋ siḃ ríu ó ḟearuiḃ do ḃeiṫ agaiḃ? ní heaḋ, a inġéana; óir goilliḋ orum go mór ar ḃur sonsa, go ndeaċaiḋ láṁ an TIĠEARNA amaċ am aġaiḋ.

14 Agus do ṫógḃadarsan a nguṫ ós áird, agus do ġuileadar a rís: agus do ṗóg Orpah a maṫaircleaṁain; aċd do ċeangail Rút ría.

15 Ar a naḋḃarsin a duḃairt sisi, Féaċ, dfill do ċoiṁċliaṁuin ar a hais a ccionn a daoine, agus a gcionn a dée: fillsi a ndiaiġ do ċoiṁċleaṁna.

16 Agus a duḃairt Rút, Ná bíarr orum ṫfágḃáil, nó filleaḋ ó ḃeiṫ ad leanṁuin: óir giḋ bé áit a raċa tú, raċa mé ann; agus mar a ngeaḃa tú lóistín, is ann ḃíadsa: is íad do ḋaoine ḃus daoine ḋaṁsa, agus do Ḋía ḃus Día ḋaṁ:

17 Mar a ḃfuiġe tú bás, is ann éagfadsa, agus is annsin aḋlaicṫear mé: go ndeárna an TIĠEARNA marsin liomsa, agus fós ní is mó, má ḋealuiġionn éinní aċd bás riot mé.

18 A nuair do ċonnairc si go raiḃ sí coṁḋaingion sin a ninntinn ċum dul lé, annsin níor laḃair sí ní is mó ría.

19 ¶ Marsin do imṫiġeadar araon nó go ttangadar go Betlehem. Agus tárla, a nuáir ṫangadar go Betlehem, gur buaiḋreaḋ an ċaṫair uile na ttimċioll, agus go nabraidís, An í so Naomi?

20 Agus a duḃairt sisi ríu, Ná goiriḋ Naomi ḋíomsa, goiriḋ Mára ḋíom: óir do roinn an Tuileċuṁaċdaċ go roṡearḃ rium.

21 Do ċuáiḋ mé amaċ lán, agus ṫug an TIĠEARNA don ḃaile mé a rís foluṁ: uime sin cred fa ngoirṫí Naomi ḋíom, ó rinne an TIĠEARNA fiaġnuise a maġaiḋ, agus gur smaċduiġ an Tuileċuṁaċdaċ mé?

22 Marsin do ḟill Naomi, agus Rút an Móabiteaċ, a bainċliaṁuin, maille ría, noċ do ḟill as tír Ṁóab: agus tangadar go Betlehem a ttosaċ ḟoġṁair na héorna.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ