Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Jonah 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Urnaiġ Ionah as broinn a néisg, 10 agus a ṡáoraḋ.

1 Annsin do ġuiḋ Iónah an TIĠEARNA a Ḋía as broinn a néisg,

2 Agus a duḃairt, Déiġ mé do ḃríġ maindeise ċum an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ sé mé; as broinn na hdáiġe déiġ mé, agus do ċúala tú mo ġuṫ.

3 Oír do ṫeilg tú annsa naigéun mé, a lár na ḃfairgeaḋ; agus tangadar na tuilte am ṫimċioll: do ċúadar do ṫreaṫain agus do ṫonna ṫorum.

4 Annsin a duḃaírt mé, Atáim teilgṫe as do raḋarcsa; giḋeaḋ féuċfaiḋ mé a rís leaṫ red ṫeampall náoṁṫa.

5 Ṫangadar na huisceaḋa um ṫimċioll, eaḋon go nuige an tanam: do ḋruid an taigéan umam timċioll fa ccuáirt, do ċrap a nfeamnaċ timċioll mo ċinn.

6 Do ċuáiḋ mé síos go híoċtar na sléiḃteaḋ; do ḃí an talaṁ go na ḃarraḋuiḃ am ṫimċioll go bráṫ: giḋeaḋ ṫug tusa manam súas ó ṫruailleaḋ, a ṪIĠEARNA mo Ḋía.

7 An tan do anḃfainniġ manam ionnam a stiġ do ċuiṁniġ mé air an TTIĠEARNA: agus ṫáinic murnuiġ ċugad, a steaċ dot ṫeampall náoṁṫa.

8 An drong ċoiṁéadas díoṁaóinis ḃréagaċa, tréigid síad a ttrócaire féin.

9 Aċt íoḋboruiḋ misi ḋuitsi maille re guṫ ḃuiḋeaċuis; díolfa mé an ní noċ do ṁóidiġ mé. Is ón TTIĠEARNA atá slánuġaḋ.

10 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ris a níasg, agus do sceiṫ sé Iónah amaċ air an ttalaṁ ttirim.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ