Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

I Samuel 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Do ḃi míriaġuil ċloinne Ṡamuel ina aḋḃar ag Israel, ar rí a iarraiḋ. 10 Noċ ar innis sé a ḃéasa.

1 Agus tárla, a nuáir do ḃí Samuel áosta, go ndearna sé breiṫeaṁuin dá ṁacaiḃ ós cionn Israel.

2 Anois do bé ainm an ġin fá sine aige Ioel; agus ainm an dara, Abiah: do ḃádar na mbreiṫeaṁnuiḃ a Mbeer‐séba.

3 Aċ níor ṡiuḃluiġeadar a ṁic iona ṡliġṫiḃsan, agus do ċúadar a leaṫtaoiḃ ar son tarḃa, agus do ġlacadar cuṁa, agus do ċláonadar breiṫeaṁnus.

4 Ann sin do ċruinniġeadar s nsir Israel uile íad féin a gcionn a ċéile, agus tangadar ċum Samuel go Rámah,

5 Agus a duḃradar ris, Féaċ, atá tusa fóirfe, agus ní ṡiuḃluiġid do ṁic ann do ṡliġṫiḃ: a nois déana ríġ ḋúínn dar riaġlaḋ do nós na nuile ċineaḋaċ.

6 ¶ Aċ níor ṫaitin an ċúis re Samuel, a nuáir a duḃradar, Taḃair ríġ ḋúinn dar ríaġlaḋ. Agus do ġuiḋ Samuel an TIĠEARNA.

7 Agus a dúḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Eist re glór na ndaoineaḋ ann gaċ uile ní dá nabraid riot: óir ni tusa do ṫarcuisniġeadar, aċd do ṫarcuisniġeadar misi, go naċ béinn mo ríġ ós a gcionn.

8 Do réir a nuile oibreaċ dá ndéarnadar ón ló fá ttug misi súas as an Négípt íad gus an lá a niuġ, ler ṫréigeadar misi, agus le ndéarnadar seirḃís do ḋeeiḃ oile, is mar sin fós do níd riotsa.

9 Anois ar a naḋḃarsin éist re na nglór: giḋeaḋ taisbéin ḋóiḃ go dúṫraċdaċ, agus foillsiġ ḋóiḃ saṁuil an ríġ riaġloċus os a ccionn.

10 ¶ Agus dinnis Samuel bríaṫra an TIĠEARNA uile don ṗobal noċ do íarr ríġ air.

11 Agus a duḃairt sé, Buḋ é so béasa an riġ ḃías ós ḃur gcionn: Glacfuiḋ sé ḃur mic, agus óirdeoċuiḋ sé ḋó féin íad, ċum a ċarbad, agus dá mbeiṫ na marcṡlúaġ aige; agus rioṫfuid roiṁe a ċarbaduiḃ.

12 Agus óirdeoċuiḋ sé ḋó féin caiptíniġ ós cionn ṁílteaḋ, agus caiptíniġ ós cionn ċáogad, agus cuirfe sé íad do ṡáoṫruġaḋ a ḟearuinn, agus do ḃuáin a ḟoġṁair, agus do ḋéanaṁ a ṫrealaṁ cogaiḋ, agus trealaṁ a ċarbad.

13 Agus glacfuiḋ sé ḃur ninġeana do ḋéanaṁ unġaiḋ deaġḃolaiḋ, agus dá mbeiṫ na ccócairiḃ, agus na mbáiceiriḃ.

14 Agus tóigfe sé ḃur maċairiġe, agus ḃur ḃfíneaṁna, agus ḃur luḃġort ola, eaḋon an ċuid is féarr ḋíoḃ, agus do ḃéara sé ḋá ṡeirḃíseaċaiḃ íad.

15 Agus tóigfe sé deaċṁaḋ ḃur sil, agus ḃur ḃfíneaṁnaċ, agus do ḃéara sé dá oifigeaċaiḃ, agus dá ṡeirḃíseaċaiḃ íad.

16 Agus tóigfe sé ḃur searḃḟoġantuiġe fear, agus ḃur searḃḟoġantuiġe ban, agus na hógánuiġ is féarr aguiḃ, agus ḃur nassail, agus cuirfe sé ċum a oibre íad.

17 Tóigfe sé deaċṁaḋ ḃur gcáoraċ: agus béiṫí ḃur searḃḟoġantaiḃ aige.

18 Agus goirfiḋe na coṁairc an lá sin ar son an ríġ ṫoiġfíġ ḋaóiḃ féin; agus ní éisdfe an TIĠEARNA an lá sin liḃ.

19 ¶ Giḋeaḋ do ḋíultadar an pobal uṁluġaḋ do ġlór Ṡamuel; agus a duḃradar, Ni heaḋ; aċ biáiḋ ríġ aguinn ós ar gcionn;

20 Ċor go mbía sinne fós mar na cineaḋaċa uile; agus go ndéana ar ríġ breiṫeaṁnus oruinn, agus go ndeaċuiḋ amaċ roṁuinn, agus go ttroidiḋ ar gcaṫa.

21 Agus do ċuála Samuel bríaṫra an ṗobuil uile, agus do aiṫris sé íad a gclúasaiḃ an TIĠEARNA.

22 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Eist re na nglor, agus déana ríġ ḋóiḃ. Agus a duḃairt Samuel ré fearuiḃ Israel, Eirġeaḋ gaċ áon aguiḃ ḋá ċaṫruiġ féin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ