I Samuel 29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIX. Na Ṗilistiniġ ag dol agceann ċaṫ re Sauil. 6 Do ċuireadar Daiḃí uaṫa lé clú. 1 Anois do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ a sluaġ uile a gcionn a ċéile go Haṗec: agus do ḃí Israel a ccampa láiṁ re tobar atá ann Iesreel. 2 Agus do ġluáisiodar tiġearnuiḋe na Ḃṗilistineaċ le na gcéaduiḃ, agus lé na míltiḃ: aċd do ġlúais Dáiḃi agus a ṁuinntir ann a ndeireaḋ a ḃfoċair Aċis. 3 Ann sin a duḃradar prionnsuiḋe na Ḃṗilistineaċ, Cred do níd na Heaḃruiḋesi ann so? Agus a duḃairt Aċis re prionnsaḋuiḃ na Ḃṗilistineaċ, Naċ é so Dáiḃi, searḃḟoġantuiḋ Ṡauil ríġ Israel, noċ atá am ḟoċairsi na laéṫesi, nó na blíaḋnasa, agus ní ḃfuair mé loċd ar biṫ ann ó ṫaínic sé ċugam gus a niuġ? 4 Agus do ḃádar prionnsuiḋe na Ḃṗilistineaċ féargaċ ris; agus a duḃradar prionsuiḋe na Ḃṗilistineaċ ris, Taḃair air an ḃfearso filleaḋ, go ndeaċaiḋ sé don náit do órduiġ tu ḋó, agus ná héirġeaḋ sé síos linne ċum caṫa, deagla go mbiaṫ sé ar naġaiḋ san ċaṫ: óir cred an ní lé dtuillfeaḋ sé síṫ a ṁaiġistir? naċ le ceannuiḃ na ndáoine so? 5 Naċ é so an Dáiḃi, dár ċánadar ó ḃéul go beul annsa daṁsa, ḋá ráḋ, Do ṁarḃ Saul a ṁílte, agus Dáiḃi a ḋeiċ mílte? 6 ¶ Ann sin do ġoir Aċis Dáiḃi ċuige, agus a duḃairt ris, Go dearḃṫa, mar ṁairios an TIĠEARNA, do ḃí tú díreaċ, agus is maiṫ ann mo raḋarcsa do ḋul amaċ agus do ṫeaċd a steaċ am ḟoċairsi ann sa tslúaġ: óir ní ḃfúair mé olc ionnad ón ló fá ttáinic tú ċugam gus a niuġ: giḋeaḋ ni ḃfuil faḃar ag na teiġearnuiḃ ḋuit. 7 Ar a naḋḃarsin fill anois, agus imṫiġ a síoṫċáin, ċor naċ tuillfiḋ tú míċead faḋ tiġearnaḋ na Ḃṗilistineaċ. 8 Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċis, Aċ cred do rinne mé? agus cred fuair tú ann do ṡearḃḟoġantuíġ an fad atáim agad gus an ló a niuġ, as naċ ḃféaduim dul do ṫroid re naiṁde mo ṫiġearna an ríġ? 9 Agus do ḟreagair Aċis agus a duḃairt re Dáiḃi, Atá a ḟios agamsa go ḃfuil tú go maiṫ am raḋarc, aṁuil aingeal Dé: giḋeaḋ a duḃradar prionnsuíḋe na Ḃṗilistineaċ, Ní raċaiḋ sé linne súas ċum an ċaṫa. 10 Ar a naḋḃarsin anois éiriġ súas go moċ ar maidin maille re searḃḟoġantaiḃ do ṁaiġistir ṫáinic leaċd: agus cóṁlúaṫ agus ḃeiṫí súas go moċ ar maidin, agus ḃias solus aguíḃ, imṫiġiḋ. 11 Mar sin déiriġ Dáiḃi agus a ṁuinntir ċum imeaċd go moċ ar maidin, dfilleaḋ go críċ na Ḃṗilistineaċ. Agus do ċúadar na Ṗilistiniġ súas go Iesreel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society