Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

I Samuel 28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXVIII. Do ċuaiḋ Saul (anois a neudóċais) 5 a cceann ċoṁairle do ġaḃail ó ṁnáoi ag a raiḃ leannán síṫe.

1 Agus tárla an sna láeṫiḃsin, gur ċruinuiġ na Ṗilistíniġ a slóiġṫe a gcionn a ċeile ċum cogaiḋ, agus do ṫroid re Hisrael. Agus a duḃairt Aċis re Dáiḃi, Bíoḋ a ḟíos agad go deiṁin, go raċa tú amaċ liomsa ċum caṫa, ṫú féin agus do ṁuinntir.

2 Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċis, Go deiṁin biáiḋ a ḟios agadsa cred ḟéadfas do ṡerḃíseaċ do ḋéanaṁ. Agus a duḃairt Aċis re Dáiḃi, Uime sin do ḋéana mé coiṁéaduiġe mo ċinn díot go bráṫ.

3 ¶ Anoís déug Samuel, agus do ċaóineadar Israel uile é, agus do aḋlaiceadar é a Rámah, eaḋon iona ċaṫruiġ féin. Agus do ċuír Saul ar síuḃal an drong agá mbídís leannáin síṫ, agus luċd na bpiséog as an ttír amaċ.

4 ¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a néanáit, agus ṫangadar agus do ṡuiġeadar a Sunem: agus do ċruinniġ Saul Israel uile, agus do rinneadar foslungṗort a Ngilboa.

5 Agus a nuáir do ċonnairc Saul slúaġ na Ḃṗilistineaċ, do ḃí eagla air, agus do ċrioṫnuiġ a ċroiḋe go mór.

6 Agus a núair do ḟíafruiġ Saul scéula don TIĠEARNA, níor ḟreagair an TIĠEARNA é, a mbrionglóidiġ, nó le Urim, nó le fáiġiḃ.

7 ¶ Ann sin a duḃairt Saul re na ṁuinntir, Faġaiḋ ḋaṁ bean agá ḃfuil leannán síṫe, go ndeaċaḋ mé na ceann, dfaġáil coṁairle uaiṫe. Agus a duḃairt a ṡearḃḟoġantuiġe ris, Féuċ, atá bean agá ḃfuil leannán síṫe ann Endor.

8 Agus do ċuir Saul é féin a naiṁrioċd, agus do ċuir culaiḋ oile air, agus dimṫiġ, agus días fear leis, agus tangadar ċum na mná an sa noiḋċe: agus a duḃairt sé ría, Guiḋim ṫú, déana fáistine ḋaṁsa leis an leannán síṫe, agus tóg ḋaṁ súas an té, ainmneoċus mé ḋuit.

9 Agus a duḃairt an ḃean ris, Féuċ, is aiṫne ḋuit cred do rinne Saul, mar do scrios sé an luċd agá raḃadar leannáin síṫe, agus na draoiṫe, amaċ as an gcríċ: uimesin cred fá ḃfuil tusa ag cur lín ar manumsa, agus do ċur dfíaċaiḃ orum bás do ṫuillioṁ?

10 Agus do ṁionnuiġ Saul ḋi treas an TIĠEARNA, ag ráḋ, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní ṫeigeoṁuiḋ pionús ar biṫ ḋuit ar son na cúisise.

11 Ann sin a duḃairt an ḃean, Cía ġoirfeas mé ċugad? Agus a duḃairt seision, Goír ċugam Samuel.

12 Agus a núair do ċonnairc an ḃean Samuel, do ġoir sí na coṁairc go hárd: agus do laḃair an ḃean ré Saul, ḋa raḋ, Cred fár ṁeall tú mé? óir is tú Saul.

13 Agus a duḃairt an ríġ ría, Ná bíoḋ eagla ort: óir cred do ċonnairc tú? Agus a duḃairt an ḃean re Saul, Do ċonnairc mé dée ag éirġe a níos as an ttalaṁ.

14 Agus a duḃairt seision ría; Cred is foirm ḋó? Agus a duḃairt sisi, Atá seanduine ag teaċd a níos; agus falluing uime. Agus do aiṫin Saul gur bé Samuel é, agus do ċrom sé le na aġaiḋ ċum na talṁan, agus do ċláon é féin.

15 ¶ Agus a duḃairt Samuel re Saul, Cred far ḃúaiḋir tú mé, dom ġairm a níos? Agus do ḟreagair Saul, Atáim ro ḃuáiḋearṫa; óir atáid na Ṗilistiniġ ag déanaṁ cogaḋ am aġaiḋ, agus do ḋealuiġ Día riom, agus ní ḟreagrann sé mé níos mó, lé fáíġiḃ, nó le fisiḃ: uime sin do ġoir mé ortsa, go nínnéostá ḋaṁ cred ḋéanas mé.

16 Ann sin a duḃairt Samuel, Cred fá ḃfíafruiġeann tú ḋíomsa, ó ḋealuiġ an TIĠEARNA riot, agus go ḃfuil sé na naṁuid agad?

17 Agus do rinne an TIĠEARNA ḋó, mar do laḃair sé ṫríomsa: óir do ḟúaduiġ an TIĠEARNA an rioġaċd as do láiṁ sé, agus ṫug sé dot ċoṁarsainn do Ḋáiḃi í:

18 Do ḃríġ nar uṁluiġ tusa do ġuṫ an TIĠEARNA, agus naċ ar ḋioġail tú á ḟearg ḋíḃḟeirgeaċ ar Amalec, uimesin do rinne an TIĠEARNA an ní si riotsa a niuġ.

19 Os a ċionn sin do ḃéara an TIĠEARNA Israel maille leaċdsa a láṁuiḃ na Ḃṗilistineaċ: agus beiḋ tusa agus do ċlann mac amḟoċairse a maraċ: agus fós toirḃeriġ an TIĠEARNA sloġ Israel a laṁ na Ḃṗilistineaċ.

20 Ann sin do ṫuit Saul ar báll sínnte ar fad na talṁan, agus do ġaḃ eaglá ro ṁór é, do ḃríġ ḃríaṫra Ṡamuel: agus ní raiḃ neart ar biṫ ann; óir níor iṫ sé arán ar feaḋ an laóí, nó ar feaḋ na hoiḋċe.

21 ¶ Agus ṫáinic an ḃean ċum Sauil, agus do ċonnairc go raiḃ sé lán do ḃuáiḋreaḋ, agus a duḃairt sí ris, Féuċ, do uṁluiġ do ḃanóglaċ dot ġlór, agus do ċuir mé manum am láiṁ, agus déist mé red ḃríaṫraiḃ noċ do laḃair tú riom.

22 Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éistsí mar an gcéadna ré glór do ḃánógluiċ, agus léig ḋaṁsa greim aráin do ċur ad ḟiaḋnuisi; agus iṫ é, ċor go mbía neart ionnad, a núair ḃías tú ag imṫeaċd ann do ṡliġe.

23 Aċt do ḋiúlt seision, agus a duḃairt, Ni íosad. Aċd do ṡáruiġeadar, a ṡearḃḟoġantuiġiḋ, maille ris an mnáoi é; iondus gur áontuiġ sé dá nglór. Annsin déiriġ sé don taluṁ, agus do ṡuiġ sé ar an leabuiḋ.

24 Agus do ḃí láoġ raṁar ag an mnáoi san tiġ; agus do ḋeiṫfriġ sí, agus do ṁarḃ sí e, agus do ġlac plúr, agus dfuin, agus do rinne arán sleaṁuin de:

25 Agus ṫug sí lé agus do ċuir a ḃfiaġnuisi Ṡauil é, agus a ḃfiaḋnuisi a ṁuinntire; agus duádar bíaḋ. Ann sin déirġeadar súas, agus dimṫiġeadar rompa a noiḋċe sin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ