I Samuel 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Do iṫ Dáiḃi an taran taisbeanta. 10 Do leig air fein ḃeiṫ ar buile, agus é ná ṫeiċṁeaċ. 1 An sin táinic Dáiḃi go Nob go Haċimeleċ an sagart: agus do ḃí eagla ar Aċimeleċ ag teagṁáil re Dáiḃi, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuil tú a táonar, gan éanduine ad ḟoċair? 2 Agus a duḃairt Dáiḃi re Haċimeleċ an sagart, Do aiṫin an ríġ gnoṫuiġ ḋíom, agus a duḃairt sé riom, Ná bíoḋ fios éainniṫe don naḋḃar fá ḃfuilim dot ċur, agus aiṫniġim ḋíot na bióḋ a ḟios ag éanduine: agus do ċuir mé mo ṡearḃḟoġantuiġe don náitse, agus don náit úd óile. 3 Anois ar a naḋḃar sin cred sin atá agad? taḃair ḋamsa cúig haráin am láiṁ, nó giḋ bé ní atá a laṫair. 4 Agus do ḟreagair an sagart Dáiḃi, agus a duḃairt, Ní ḃfuil arán coitċeann ar biṫ fám láiṁ, aċd atá arán coisreacṫa ann; má ċongṁadar na hoganuiġ íad féin ní fa luġa ḋe ó ṁnáiḃ. 5 Agus do ḟreagair Dáiḃi an sagart, agus a duḃairt ris, Go deiṁin do congṁaḋ mná uáinne trí lá anois, ó ṫáinic misi amaċ, agus atáid soiṫiġe na nógán glan, agus an tarán fós coiṫċeann air ṁoḋ, dá náoṁṫuiġ a niuġ é annsa tsoiṫeaċ. 6 Ann sin ṫug an sagart arán coisreacṫa ḋó: óir ní raiḃ arán ar biṫ ann aċd an tarán taisbéanta, noċ do ṫógḃaḋ as fiaġnuise an TIĠEARNA, do ċur aráin teiṫ annsa ló ar tógḃaiḋ as é. 7 Anois do ḃí duine áiriġ do ṁuinntir Ṡauil annsin an lásin, ar na ċongṁáil a laṫair an TIĠEARNA; agus a sé dob ainm ḋó Doeg, Edomíteaċ, ceann na náoḋuireaḋ do ḃí ag Sául. 8 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċimeleċ, Agus naċ ḃfuil annso ar do ċumas gaṫ nó cloiḋeaṁ? óir ní ṫug misi mo ċloiḋeaṁ nó marm oile líom, do ċionn nar ḃfuláir deiṫnios do ḋéanaṁ le gnoiḋṫuiġ an ríġ. 9 Agus a duḃairt an sagart, Cloiḋeaṁ Ġoliah an Ṗilistineaċ, noċ do ṁarḃ tusa a ngleann Elah, féuċ, atá sé annso casda a néadaċ taoḃ ṡíar don néṗod: maḋ áill leaċdsa sin do glacaḋ, beir leaċd é: óir ní ḃfuil aiṫearraċ annso. Agus a duḃairt Dáiḃi, Ní ḃfuil a leiṫeid eile ánn; taḃair ḋaṁ é. 10 ¶ Agus deiriġ Dáiḃi, agus do ṫeiṫ sé an lá sin ar eagla Ṡauil, agus do ċuáiḋ ċum Aċis ríġ Ġát. 11 Agus a duḃradar searḃḟoġantuiġe Aċis ris, Naċ é so Dáiḃi ríġ na críċe? naċ duḃradar aḃráin ó ḃéul go beul dóa ndaḃsuiḃ, ġa ráḋ, Do ṁarḃ Saul a ṁílte, agus Dáiḃi a ḋeiċ mílte? 12 Agus do ṫaisgiḋ Dáiḃi na bríaṫraso iona ċroiḋe, agus do ḃí sé lán deagla Aċis ríġ Gát. 13 Agus do áṫruiġ sé a ḃéasa ḋá laṫairsion, agus do léig air féin ḃeiṫ ar buíle ann a láṁuiḃ, agus do scríobaḋ ar ḋoirsiḃ an geata, agus do léigeaḋ a ṡeile tuitim a nuas ar a ḟéasoig. 14 Ann sin a duḃairt Aċis re na ṡerḃíseaċaiḃ, Féúċ, do ċítí go ḃfuil an tóglaċ ar buile: uime sin cred fá ttugaḃair ċugamsa é? 15 An ḃfuil easḃuiḋ ḋáóine ar buíle orumsa, as a ttugaḃair an fearso do ḋéanaṁ mire dom laṫair? an ttiucfaiḋ an toglaċ so a steaċ dom ṫiġse. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society