I Samuel 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Do ḃuail Ionatan agus fear iomċar a airm, na Ṗilistiniġ. 24 Aċ tug mionna dian a aṫar a ngar don ḃás é. 1 Anois tárla lá áiriġ, go nduḃairt Ionatan ṁac Sauil ris a nógánaċ do iomċair a airm, Eíriġ, agus déanam anonn go garda na Ḃṗilistineaċ, atá ar an ttáoiḃ ṫall. Aċd níor innis sé sin da aṫair. 2 Agus dfan Saul annsa ċuid dob ḟaide amaċ do Ġibeah fáoi ċrann pomgránait noċ atá a Migron: agus na dáoine do ḃí na ḟoċair do ḃádar timċioll sé ġcéad fear: 3 Agus Ahiah, mac Ahitub, dearḃraṫair Iċaboid, ṁic Ṗineas, ṁic Elí, sagart an TIĠEARNA ó Ṡíloh, ag iomċar eṗod. Aċd ni raiḃ a ḟios ag an bpobal gur imṫiġ Ionatan. 4 Agus eidir na sliġṫiḃ, cuṁga sin ar ṫairg Ionatan dul anonn go gárda na Ḃṗilistineaċ, do ḃí carruic géur a ttaóḃ ḋe, agus carruic géur don taoḃ eile: agus ainm aón ḋíoḃ Boses, agus Seneh ainm an taón eile. 5 Do ḃí aġaiḋ aón ḋíoḃ ar na suiġiuġaḋ buḋ ṫuáiḋ ṫall as coinne Ṁiċmas, agus aón oile buḋ ḋeas ṫall as coinne Ġibeáh. 6 Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán. 7 Agus a duḃairt fear iomċair a airm ris, Déana gaċ ní dá ḃfuil ad inntinn: iompoiġ ṫú féin; feúċ, atáimsi leaċd do réir do ṫola. 8 Ann sin a duḃairt Ionatan, Féuċ, raċam anonn mar a ḃfuilid na dáoinesi, agus foillseoċam sinn féin dóiḃ. 9 Aċ má deirid síad rinn marso, Fanuiḋ nó go ttigiom ċugaiḃ; annsin fanfam ar seasaṁ ann ar náit, agus ní raċam súas ċuca. 10 Aċd má deirid mar so, Tigiḋ súas ċugainn; annsin raċam súas: óir ṫug an TIĠEARNA ann ar láiṁ íad: agus biáiḋ so na ċoṁarṫa aguinn. 11 Agus do ṫaisbeanadar íad féin araon do ġárda na Ḃṗilistíneaċ: agus a duḃradar na Ṗilístiniġ, Feúċ, atáid na Heaḃruiḋe ag teaċd amaċ as na polluiḃ mar ar ḟolċadar íad féin. 12 Agus do ḟreagradar muinntir an ġárda Ionatan agus fear iomċair a airm, agus a duḃradar, Tigiḋ súas ċugainne, agus taisbeanfam ní ḋíḃ. Agus a duḃairt Ionatan re fear iomċair a airm, Tárr súas am ḋiáiġ: óir do ṫoirḃir an TIĠEARNA a láiṁ Israel íad. 13 Agus do ċuáiḋ Ionatan le dreapaireaċd súas air a laṁuiḃ agus air a ċosuiḃ, agus fear iomċair a airm na ḋiáiġ: agus do ṫuiteadar roiṁe Ionatan; agus do ṁarḃ fear iomċair a airm na ḋiáiġ. 14 Agus do ḃí an céad ár sin, ṫug Ionatan agus fear iomċair a airm, timċioll ḟiṫċid fear, taoḃ a stiġ timċioll leaṫ acra fearuinn, treaḃaḋ ċuingealaċ daṁ. 15 ¶ Agus do ḃí coiṁċriṫ annsa tsluaiġ, annsa maċaire, agus ar fud na ndaóine uile: an gárda, agus na creaċadóiriġ, do ḃí criṫeagla orrasan mar an gcéadna, agus do ċrioṫnuiġ an taluṁ: ionnus go raiḃ na ċrioṫnuġaḋ ro ṁór. 16 Agus do ḟéaċadar luċd faire Ṡauil a Ngibeáh Ḃeniamin; agus, do ċonncadar an slúaġ ag leaġaḋ as a ċéile, agus gur ṫiomáineadar ag búalaḋ ar a ċéile. 17 ¶ Annsin a duḃairt Saul ris an muinntir do ḃí na ḟoċair, Airṁiḋe anois, agus féaċaiḋ cía ċuaiḋ uáinn. Agus a nuáir do áirṁeadar, féuċ, ní raiḃ Ionatan ná fear iomċarṫa a airm ann. 18 Agus a duḃairt Saul ré Hahiah, Taḃair airc Dé annso. Oir do ḃí airc Dé an tansin ag cloinn Israel. 19 Agus tárla, an fad do ḃi Saul ag coṁráḋ ris an tsagart, go raiḃ an tarmán do ḃi a slúaġ na Ḃṗilistíneaċ ag dul ar aġaiḋ agus gur ṁéaduiġ sé: agus a duḃairt Saul ris an tsagart, Connuiṁ do láṁ. 20 Agus do ċruinniġ Saul agus a raiḃ do ḋaóiniḃ na ḟoċair íad féin, agus tangadar ċum an ċaṫa: agus féaċ do ḃí cloiḋeaṁ gaċ éanduine a naġaiḋ a ċompánuiġ, agus do ḃí dioġḃáil roṁór ann. 21 Tuilleaṁ eile na Heaḃruiḋe do ḃí a ḃfoċair na Ḃṗilistíneaċ roiṁe sin, noċ do ċúaiḋ súas léo don ċampa fa gcuáirt, diompoiġeadar sin mar an gcéadna leis na Hisraeliteaċaiḃ do ḃí a ḃfoċair Ionatan agus Ṡauil. 22 Fir Israel uile fós noċ do ḟoluiġ íad féin a sliaḃ Eṗraim, a nuáir do ċúaladar gur ṫeiṫeadar na Ṗílistiniġ, do leanadar sin mar an gcéadna go cruáiḋ íad ann sa ċaṫ. 23 Mar sin do ṡáor Día Israel an lá sin: agus do ċuáiḋ an troid anonn go Bet‐aḃen. 24 ¶ Agus do ḃádar muinntir Israel go haindeis an lá sin: óir do ċuír Saul na daoine fa ṁíonnuiḃ, ġa ráḋ, Go maḋ malluiġ an duine íosas bíaḋ ar biṫ go tráṫ nóna, ionnus go raiḃ misi dioġaltaċ ar mo náṁaid. Mar sin nar ḃláis éanduine do na daoiniḃ bíaḋ ar biṫ. 25 Agus tangadar muinntir na tíre uile ċum coilleaḋ; agus do ḃí mil ar an ttaluiṁ. 26 Agus a nuáir ṫangadar na daoine fán ccoil, féaċ, do ṡil an ṁil; aċd níor ċuir éanduine a láṁ ċum a ḃéil: oir do ḃí eagla na mionn ar na daóiniḃ. 27 Aċt ní ċúala Ionatan a nuáir do ċuir a aṫair na mionna ar na daóiniḃ: uimesin do ṡín bárr na slaite do ḃí na láiṁ, agus do ṫum a gcriaṫar meala, agus do ċuir a láṁ ċum a ḃeóil; agus do ṡoillsiġeadar a ṡúile. 28 Ann sin do ḟreagair duine don ṗobal, agus a duḃairt, Do ċuir haṫair mionna crúaiḋe ar na daóiniḃ, ḋá raḋ, Go maḋ malluiġ an duine íosas bíaḋ a níuġ. Agus do ċuáiḋ an pobal a nanḃfainne. 29 Ann sin a duḃairt Ionatan, Do ḃuáiḋir maṫair an dúiṫċe: féaċuiḋ, mar aṫċuinġe oruiḃ, mar do ṡoillsiġeadar mo ṡúilesi, do ċionn gur ḃláis mé don ṁilse. 30 Cá ṁéid ní sa ṁó, dá niṫidís na daóine go sáor a niuġ déadáil a náṁad noċ fúaradar? óir naċ bíaḋ anois ár buḋ roṁó a measc na Ḃṗilistineaċ? 31 ¶ Agus do ḃuáileadar na Ṗílistiniġ an lá sin ó Ṁiċmas go Haiialon: agus do ḃádar na daoine ro‐lag. 32 Agus do ṫiomáineadar na daóine ar na creaċaiḃ, agus do ġaḃadar cáoiriġ, agus daiṁ, agus gaṁna, agus do ṁarḃadar ar an ttaluṁ íad: agus dúadar na daóine íad, maílle re na ḃfuil. 33 Ann sin do innisiodar do Ṡaul, ġá ráḋ, Féaċ, do ṗeacaiḋ an pobal a naġaiḋ an TIĠEARNA, mar a táid ag iṫe gon an nfuil. Agus a duḃairt seision, Do ṡáruiġeaḃair: iomlaitiġ cloċ ṁór ċugamsa a niuġ. 34 Agus a duḃairt Saul, Leaṫnuiġiḋ siḃ féin a measc ċáiċ, agus abraiḋ ríu, Tugaidís ċugamsa annso gaċ éanduine a ḋaṁ, agus gaċ éanduine a ċáora, agus marḃaidís annso íad, agus iṫedís; agus ná peacuiḋeadís a naġaiḋ an TIĠEARNA a niṫe maille ris an ḃfuil. Agus tugadar an pobal uile gaċ éanduine a ḋaṁ leis a noiḋċe sin, agus do ṁarḃadar ann sin íad. 35 ¶ Agus do rinne Saul altóir don TIĠEARNA: si sin an ċéad altóir do rinne sé don TIĠEARNA. 36 Agus a duḃairt Saul, Deanum síos a ndiáiġ na Ḃṗilistineaċ san noiḋċe, agus creaċam íad nó go ttí solus na maidne, agus ná fágḃam duine ḋíoḃ. Agus a duḃradarsan, Déana giḋ ḃé ní is feárr do ċítear ḋuit. Ann sin a duḃairt an sagart, Táirngiom annso láiṁ re Día. 37 ¶ Agus díarr Saul coṁairle ar Ḋía, An raċa mé síos a ndiáiġ na Ḃṗilistineaċ? an ttiuḃra tú a láiṁ Israel íad? aċ níor ḟreagair sé an lá sin é. 38 ¶ Agus a duḃairt Saul, Táirngiḋ a laṫair annso, a ḃfuiltí do ḋaóiniḃ as feárr ann sin: agus bíoḋ a ḟios aguiḃ agus féaċuiḋ cáit a raiḃ an peacaḋ so a niuġ. 39 Oír, mar ṁaireas an TIĠEARNA, noċ ṡáorus Israel, bíoḋ gur ob ann Ionatan mo ṁacsa atá, do ġeaḃa sé bás go deiṁin. Aċd ní raiḃ duine a measc an ṗobail do ḟreagair é. 40 Ann sin a duḃairt sé re Hisrael uile, Bíṫíse ar éantaoḃ, agus braiḋ misi agus Ionatan mo ṁac don táoḃ eile. Agus a duḃairt an pobal ré Saul, Déana mar do ċítear ḋuit féin. 41 Uime sin a duḃairt Saul ris an TTIĠEARNA Día Israel, Taisbéan crannċar coṁṫrom. Agus do ṫuit ar Ṡaul agus ar Ionatan: aċd do sáoraḋ an pobal. 42 Agus a duḃairt Saul, Teilgiḋ crannċar eadramsa agus mo ṁac Ionatan. Agus do ṫuit sé ar Ionatan. 43 Ann sin a duḃairt Saul ré Ionatan, Innis daṁ cred do rinne tú. Agus do innis Ionatan dó, agus a duḃairt, Ní ḋéarna mé aċd beagán meala do ḃlas lé bárr slaite do ḃí am láiṁ, agus, féuċ, caiṫfiḋ mé bás dfaġáil. 44 Agus do ḟreagair Saul, Go ndéarna Día sin agus tuilleaṁ mar an gceadna: oir do ġeaḃa tú bás go deiṁin, a Ionatan. 45 Agus a duḃradar an pobal re Saul, An ḃfuiġe Ionatan bás, noċ do oibriġ an tárṫáil ṁórso ann Israel? Nar léigiḋ Día: mar ṁaireas an TIĠEARNA, ní raċaiḋ ruibe do ġruáig a ċinn ċum talṁan; óir do oibriġ sé le Día a niuġ. Mar sin do ḃeanadar an pobal Ionatan amaċ, naċ ar cuireaḋ ċum báis é. 46 Ann sin do ċuáiḋ Saul síos ó leanṁuin na Ḃṗilistíneaċ: agus do ċuádar na Ṗilistiniġ dá nionad féin. 47 ¶ Marsin do ġaḃ Saul an rioġaċd ós cionn Israel, agus do ċaṫaiġ a naġaiḋ a náṁad a nuile ṫáoḃ, a naġaiḋ Ṁóab, agus a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus a naġaiḋ Edom, agus a naġaiḋ ríġ Sóbah, agus a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus giḋ bé taoḃ a niompoiġeaḋ é féin, do ḃúaiḋreaḋ íad. 48 Agus do ċruinniġ sé sluáġ, agus do ḃuáil sé na Hamalecítiġ, agus do ṡáor Israel as láṁuiḃ na muinntire do ḃí dá milleaḋ. 49 ¶ Anois dob íad mic Ṡaul Ionatan, agus Isui, agus Melċisua: agus dob íad so anmanna a ḋeise inġean; ainm na mná fá sine Mérab, agus ainm na mná dob óige Miċal: 50 Agus Ahinoam ainm ṁná Ṡauil, inġean Ahimaas: agus ainm ċaiptín a ṡlóiġ Abner, mac Ner, dearḃraṫair aṫar Ṡaul. 51 Agus Cis aṫair Ṡauil; agus Ner aṫair Abner fá mac do Abiel é. 52 Agus do ḃí cogaḋ crúaiḋ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ an fad do ṁair Saul: agus a nuair do ċíoḋ Saul duine láidir ar biṫ, nó duine curata, do ḃeireaḋ ċuige é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society