Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

I Samuel 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I Tug Día toraḋ do Hannah, do ḃí aimrid. 20 Eaḋon Samuel.

1 Anois do ḃí duine áiriġ ó Ramataim‐soṗim, do ṡliaḃ Eṗraim, agus dob é a ainm Elcanah, ṁac Ieroham, ṁic Elihu, ṁic Tohu, ṁic Suṗ, Eṗratiteaċ:

2 Agus do ḃádar días ban aige; Hannah ainm ṁná ḋíoḃ, agus Peninnah ainm na mná oile: agus do ḃí clann ag Peninnah, aċd ní ráiḃ clann air biṫ ag Hannah.

3 Agus do ṫiaġ an fearsa súas as a ċaṫruiġ féin gaċa bliaḋna daḋraḋ agus do ḋéanaṁ íoḋbarṫa do Ḋía na slúaġ a Síloh. Agus dob íad dís mac Elí, Hoṗni agus Ṗineas, bá sagairt an TIĠEARNA ann sin.

4 ¶ Agus a nuáir do ḃí an tam a ndearna Elcanah íoḋbairt, ṫug sé roinn do Ṗeninnah dá ṁnaoi, agus dá cloinn ṁac agus inġean uile.

5 Aċt do Hannah ṫug sé roinn ḋúbalta; óir dob ionṁuin leis Hanna: aċd do ḋruid án TIĠEARNA a brú.

6 Agus do ḟearguiḋ a heascara go mór í, da cur ar cuṫaċ, do ḃríġ gur ḋruid an TIĠEARNA a brú.

7 Agus mar da níoḋ sé sin gaċa blíaḋna, a núair do ṫíaġ sisi súas go tiġ an TIĠEARNA, marsin do ḃuáiḋreaḋ sí í; uimesin do ġuileaḋ sí, agus ní iṫeaḋ sí.

8 Ann sin a duḃairt Elcanah a fear ría, A Hannah cred fá nguilionn tú? cred fá naċ iṫeann tú bíaḋ? agus cred fá ḃfuil do ċroiḋe duḃaċ? naċ féarr ḋuit misi ágad ná deiṫneaṁar mac?

9 Ann sin déiriġ Hannah a nuair a dúadar bíaḋ a Síloh, agus tar éis íad deoċ ól. (A nois do ḃí Eli an sagart na ṡuiḋe ar stól láiṁ ré posta ṫeampuill an TIĠEARNA.)

10 Agus do ḃí sí lán do ḋoilġios intinne, agus do ġuiḋ sí an TIĠEARNA, agus do ġuil sí go géar.

11 Agus ṫug sí móid, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA na sluáġ, má ḟéuċann tú ḋa ríriḃ ar ḃuáiḋreaḋ do ḃanóglaiċ, agus mo ċuiṁniuġaḋ, agus gan do ḃanóglaċ do ḋearmad, aċd go ttiuḃra tú dot ḃanóglaiċ leanaṁ mic, annsin do ḃéara misi don TIĠEARNA é ar feaḋ uile láeṫe a ḃeaṫa, agus ní raċa sgían ḃéarrṫa ar a ċeann.

12 ¶ Agus tárla, mar do ḃí sí ag urnaiġ a ḃfad a laṫair an TIĠEARNA, gur ċoṁarṫuiġ Elí a béul.

13 Anois, do laḃair Hannah ann a croiḋe; aṁáin gur ċorruiġeadar a puisíniġ, aċd níor ċlos a guṫ: uimesin do ṡaóil Eli go raiḃ sí ar meisge.

14 Agus a duḃairt Elí ría, Gá fad ḃías tusa ar meisge? cuir uáit do ċuid fíona.

15 Agus do ḟreagair Hannah, agus a duḃairt, Ní heaḋ, a ṫiġearna, aċd bean acá ḃfuil a spiorad doilġiosaċ mé: níor iḃ mé fíon nó deoċ láidir, aċd do ḋóirt mé manam amaċ a laṫair an TIĠEARNA.

16 Ná meas do ḃanóglaċ do ḃeiṫ na hinġin Belial: óir is as iomad mo ġearáin agus mo ḋoilġis do laḃair mé go ttí so.

17 Ann sin do ḟreagair Eli agus a duḃairt, Imṫiġ a síoṫċáin: agus go ndéonuiġ Día Israel haṫċuinge ḋuit noċ do íarr tú air.

18 Agus a duḃairt sisi, Faġaḋ do ḃanóglaċ grása ad ḟiaġnuisi. Marsin do imṫiġ an ḃean roimpe, agus duáiġ si bíaiḋ, agus ní raiḃ a gnúis duilḃir ni sa ṁó.

19 ¶ Agus do éirġeadar súas ar maidin go moċ, agus do aḋradar a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḟilleadar, agus tangadar ḋá ttiġ go Rámah: agus do ḃí Elcanah ag a ṁnaoi Hannah; agus do ċuiṁniġ an TIĠEARNA uirre.

20 Uime sin tárla, a nuáir ṫáinic a naimsir timċioll tar éis Hannah do ḃeiṫ torraċ, go rug sí mac, agus ṫug Samuel dainm air, ġa ráḋ, Do ċionn gur íarr mé ar an TTIĠEARNA é.

21 Agus do ċuáiḋ an tóglaċ Elcanah, agus a ṁuinntir uile, súas do ḋeanaṁ na híoḋbarṫa blíaḋnaṁla don TIĠEARNA, agus do ċoiṁlíonaḋ a ṁóide.

22 Aċt ní ḋeaċaiḋ Hannah súas: óir a duḃairt si ré na fear, Ní raċa mé súas, nó go mbeantar an leanaṁ do ċíġ, agus annsin béara mé hom é, go ttaisbeantar a laṫair an TIĠEARNA é, agus go ḃfanaiḋ annsin go bráṫ.

23 Agus a duḃairt Elcanah a fear ría, Déana mar do ċítear ḋuit féin; fan no go mbeantar do ċíġ é; aṁáin go ndaingniḋ an TIĠEARNA a ḟocal. Marsin do ḟan an ḃean, agus tug cíoċ dá mac nó gur oil sí é.

24 ¶ Agus a nuair do ḃean do ċíġ é, rug sí lé súas é, maille re trí bulóguiḃ, agus eṗah ṗlúir, agus buidéul fíona, agus rug go tiġ an TIĠEARNA a Síloh é: agus do ḃí an leanaṁ óg.

25 Agus do ṁarḃadar bulóg, agus tugadar an leanaṁ ċum Elí.

26 Agus a duḃairt sí, O a ṫiġearna, mar ṁaireas hanum, mo ṫiġearna, is misi an ḃean do ṡeas ad ḟoċair annso, ag guiḋe an TIĠEARNA.

27 Ar son an leiniṁsi do ḃí mé ag guiḋe; agus ṫug an TIĠEARNA maṫċuinġe ḋaṁ, noċ do íarr mé air:

28 Uime sin ṫug mé mar an gcéadna don TIĠEARNA é; an feaḋ ṁairfios sé fillfiġṫear ċum an TIĠEARNA é. Agus do aḋair sé an TIĠEARNA annsin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ