I Rioġ 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIX. Eliiah ag teiḋeaḋ ó Iesabel, 5 do ċoṁḟurtuiġeaḋ re Aingeal Dé é sa nfásaċ. 1 Agus dinnis Ahab do Iesebel gaċ a ndéarna Elias, agus fós mar do ṁarḃ sé na fáiġe uile leis an gcloiḋeaṁ. 2 Ann sin do ċuir Iesebel teaċdaire go Helias, ġa ráḋ, Go ndéanuid na dée, anso riu marsin, agus tuilleaṁ fós, muna ndéarna misi do ḃeaṫasa mar ḃeaṫa ḋuine ḋíoḃsan fáoi namso a máraċ. 3 Agus a núair do ċonnairc seision sin, déiriġ sé, agus dimṫiġ ar son a anma, go ttáinic go Beer‐séba, noċ ḃeanas ré Iúdah, agus dfág a óglaċ annsin. 4 ¶ Aċt dimṫiġ sé féin uiḋe laé a steaċ annsa ḃfásaċ, agus ṫáinic agus do ṡuiġ síos faói ċrann Iuniper: agus díarr sé ḋó féin bás dfaġáil; agus a duḃairt, As lór anois; a ṪIĠEARNA, beír leaċd manum; óir ní féarr misi ná maiṫreaċa. 5 Agus mar do luiġ sé faói ċrann Iuniper agus do ċoduil, féuċ, do ċorruiġ aingiol é annsin, agus a duḃairt ris, Eiriġ agus íṫ. 6 Agus daṁaírc seision, agus, féuċ, do ḃí bairġin do bruiṫeaḋ ar an ngríosuiḋ, agus crúiscín uisge agá ċeann. Agus a duáiġ sé agus do iḃ sé, agus do luiḋ sé síos arís. 7 Agus ṫáinic aingeal an TIĠEARNA a rís an dara huáir, agus do ċorruiġ é, agus a duḃairt, Eiriġ agus iṫ; do ḃríġ go ḃfuil an tsliġe ro ḟada agad. 8 Agus déiriġ seision, agus a duáiġ sé agus do iḃ sé ní, agus do ċuáiḋ a neart an ḃíḋ sin ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe go Hóreb slíaḃ Dé. 9 ¶ Agus ṫáinic sé annsin go húaṁuiġ, agus do rinne sé coṁnuiḋe ann; agus, féuċ, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċuige, agus a duḃairt ris, Cred atá tú ḋéanaṁ annso, a Elias? 10 Agus a duḃairt seision, Do ḃí mé ró éudṁar ar son an TIĠEARNA Día na slóġ: óir do ṫréigeadar clann Israel do ċunnraḋ, do ṫeilgeadar síos haltóra, agus do ṁarḃadar ṫfáiġe leis an ccloiḋioṁ; agus misi, misi aṁáin, ar fágḃaḋ; agus atáid ag íarruiḋ manma, do ḃuain asum. 11 Agus a duḃairt seision, Imṫiġ amaċ, agus seas ar a tslíaḃ as coinne an TIĠEARNA. Agus, féuċ, do ġaḃ an TIĠEARNA ṫairis, agus do réub gaoṫ ṁór laidir na sléiḃte, agus do briseaḋ na mbloġuiḃ ná cairge roiṁe an TIĠEARNA; aċd ní raiḃ an TIĠEARNA annsa ġaóiṫ: agus a ndiáiġ na gaóiṫe crioṫ talṁan; aċd ní raiḃ an TIĠEARNA annsa ċrioṫ talṁan: 12 Agus a ndiáiġ an ċreaṫa talṁan teine; aċd ni raiḃ an TIĠEARNA san teine: agus tar éis na teineaḋ guṫ suáiṁneaċ cáol. 13 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċúaluiḋ Elias é, annsin dfoluiġ sé a aġaiḋ iona ḟalluing, agus do ċúaiḋ amaċ, agus do ṡeas a ndul a steaċ na húaṁa. Agus, féuċ, ṫáinic guṫ ċuige, agus a duḃairt, Cred do ní tú annso, a Elias? 14 Agus a duḃairt seision, Do ḃí mé ro éudṁar ar son an TIĠEARNA Día na slóġ: do ḃríġ gur ṫréigedar clann Israel do ċunraḋ, gur ṫeilgeadar sios haltóra, agus gur ṁarḃadar ṫfáiġe leis an ccloiḋeaṁ; agus misi, misi aṁáin, ar fágḃaḋ; agus atáid ag íarruiḋ manma do ḃuáin asum. 15 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Eiriġ, fill ann do ṡliġe go fásaċ Damascus: agus ar tteaċd ḋuit, ung Hasael do ḃeiṫ na ríġ ós cionn na Síria: 16 Agus Iehu mac Nimsi ungfas tú do ḃeiṫ na ríġ ar Israel: agus Elisa mac Saṗat ó Abel‐meholah ungfas tú na ḟáiḋ ad áit féin. 17 Agus tiucfuiḋ a ccriċ, giḋ bé raċus ó ċloiḋeaṁ Hasael go muirfiḋ Iehu é: agus giḋ bé raċus ó ċloiḋioṁ Iehu go muirfiḋ Elisa é. 18 Aċd ċeana dfág misi agum féin seaċd míle ann Israel, na glúine uile nar ṡléaċt do Ḃaal, agus gaċ uile ḃéul nar ṗóg é. 19 ¶ Marsin dfág sé sin, agus fúair sé Elisa ṁac Saṗat noċ do ḃí ag treaḃaḋ, agus dá ċonglán deug daṁ roiṁe, agus eision ag an dara daṁ déug: agus do ġaḃ Elias ṫairis, agus do ṫeilg a ḟalluing air. 20 Agus dfág seision na daiṁ, agus do rioṫ a ndiáiġ Elias, agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ maṫair agus mo ṁaṫair do ṗógaḋ, agus annsin leanfuiḋ mé ṫú. Agus a duḃairt seision rís, Imṫiġ ar hais a rís: óir cred do rinne misi riot? 21 Agus dfill seision a rís úaḋ, agus do ġlac sé cúpla daṁ, agus do ṁarḃ sé íad, agus do ḃruiṫ an nfeóil lé culaiḋ na ndaṁ, agus ṫug do na daoiniḃ, agus a duadar. Annsin déiriġ sé, agus do ċúaiḋ a ndiaiġ Elias, agus do rinne miniostralaċt ḋó. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society