Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

I Rioġ 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Do ḋruid Eliiah na speúra súas trí bliaḋna. 8 Do íoc Día pailteas a néaraic longaḋ ríḋ.

1 Agus a duḃairt Elias an Tisbiteaċ, noċ do ḃí dáitreaḃaiḋ Gílead, ré Hahab, Mar ṁairios an TIĠEARNA Día Israel, a laṫair a ṡeasuimse, ní ḃiáiḋ drúċd nó fearṫuinn annsna blíaḋnuiḃsi, aċd do reír mfocuilsi.

2 Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċuige, ġa ráḋ,

3 Imṫiġ roṁad as so, agus éiriġ don leaṫ ṡoir, agus foluiġ ṫú féin ag an naḃuinn Ċerit, atá as coinne Iordan.

4 Agus Iseaḋ ḃías, go nioḃa tú as an naḃuinn; agus do aiṫin misi do na fíaċaiḃ do ḃeaṫuġaḋ annsin.

5 Már sin dimṫiġ sé agus do rinne do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA: óir dimṫiġ sé agus do rinne coṁnuiġ ag an naḃuinn Ċerit, atá as coinne Iordan.

6 Agus tugadar na fíaiċ arán agus feóil ċuige ar maidin, agus arán agus feóil tráṫnóna; agus do iḃ sé as an naḃuinn.

7 Agus tárla tar eís tamuill, gur ṫiormuiġ an naḃann uile, do ċionn naċ raiḃ fearṫuinn san tír.

8 ¶ Agus ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA ċuige, ḋa ráḋ,

9 Eiriġ, imṫiġ roṁad go Sareṗat, noċ is le Sidon, agus déan coṁnuiġ annsin: féuċ, do aiṫin misi do ḃaintreaḃuiġ annsin do ċongṁáil súas.

10 Marsin déiriġ sé, agus do ċuáiḋ go Sareṗat. Agus a nuáir ṫaínic sé go geata na caiṫreaċ, féuċ, do ḃí an ḃaintreaḃaċ annsin ag cruinniuġaḋ maideaḋa: agus do ġoir seision í, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, taḃair ċugam, beagán uisge a soiṫeaċ, go niḃe mé.

11 Agus mar do ḃí sí ag dul ar a ċionn, do ġoir sé uirre, agus a duḃairt, Ġuiḋim ṫú, taḃair leaċd, greim aráin ann do láiṁ.

12 Agus a duḃairt sisi, Mar ṁairios do ṪIĠEARNA Día, ní ḃfuil éanḃairġin agum, aċd lán baise do ṁin a mbairille, agus beagán ola a gcrúisgín: agus, feúċ, atáim ag cruinniuġaḋ maide nó ḋó, le ndeiseoċuinn sin ḋaṁ féin agus dom ṁac, go niṫmis é, agus go ḃfaġamáois bás.

13 Agus a duḃairt Elias ría, Ná bíoḋ eagla ort; imṫiġ agus déana mar a duḃairt tú: aċd déana ḋaṁsa bairġin ḃeag ḋe sin ar ttús, agus taḃair ċugam í, agus na ḋiáiġ sin deasuiġ ḋuit féin agus dot ṁac.

14 Oír marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Ní caiṫfiġear bairille na mine, agus ní ṫeisdeoċuiḋ do ċrúisgín na hola, go ttí an lá fá ccuirfiḋ an TIĠEARNA fearṫuinn ar an ttaluṁ.

15 Agus dimṫiġ sisi agus do rinne sí do reír mar a duḃairt Elias: agus a duáiġ sí fein, agus eision, agus a tiġ ar feaḋ blíaḋna go hiomlán.

16 Agus níor caiṫeaṁ bairille na mine, agus ní mó do ṫeasduiġ do ċrúisgín na hola, do réir ḟocail an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé tre Elias.

17 ¶ Agus tárla tar éis na neiṫeanso, gur ġlac teinnios mac ṁná an tiġe; agus do ḃí a ṫeinnios coṁborb agus sin, naċ ar fágḃaḋ anál ann.

18 Agus a duḃairt sisi ré Hélias, Cred é ḋaṁsa riotsa, a óglaiċ Dé? an ttáinic tú ċugam do ġairm mo ṗeacaḋ ċum mo ċuiṁne, agus do ṁarḃaḋ mo ṁic?

19 Agus a duḃairt seision ría, Taḃair ḋaṁsa do ṁac. Agus do ġlac sé as a brollaċ é, agus rug se súas ar lota é, mar a mbíoḋ sé féin, agus do ċuir na luiġe ar a leabaiḋ féin é.

20 Agus do ġoir sé ar an TTIĠEARNA, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA mo Ḋía, an ttug tú olc fós ar an mbaintreaḃuiġ a ḃfoċair a ḃfuilim ar cúairt, ag marḃaḋ a mic?

21 Agus do ṡín sé é féin ar an leanaṁ trí huáire, agus do éiġ sé ċum an TIĠEARNA, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA mo Ḋía, guiḋim ṫú, filleaḋ anum an leiniṁ ann a rís.

22 Agus do ċúalaiḋ an TIĠEARNA guṫ Elias; agus ṫáinic anum an leiniṁ ann a rís, agus do aiṫḃéoġuiḋ sé.

23 Agus do ṫóg Elias an leanaṁ, agus rug síos as a tséomra é don tiġ, agus ṫug ḋa ṁaṫair é: agus a dubairt Elias, Féuċ, atá do ṁac béo.

24 Agus a duḃairt an ḃean re Helias, Anois aiṫniġim ar so gur tusa óglaċ Dé, agus gur fíor briaṫar Dé ann do ḃéul.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ