I Rioġ 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Tairrġir ar Ḃaasa. 11 A scrios. 15 Israel roinnte. 28 Olcas Abab ṁac Omri. 1 An sin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Iehu mac Hanani a naġaiḋ Ḃaasa, ġa raḋ, 2 Ar son gur ṫóg misi súas ṫú as an luáiṫreaḋ, agus go ndéarna mé prionsa ḋiot ós cionn mo ṗobuil Israel; agus ar ṡiuḃail tusa a sliġe Ieroboam, agus ar ċuir tú dfíaċaiḃ ar mo ṗobal Israel peacuġaḋ, dom ḃrostuġaḋ ċum feirge re na bpeacaḋuiḃ; 3 Féuċ, sgriosfa mísi slioċd Ḃáasa, agus síolraḋ a ṫiġe; agus do ḋéana mé do ṫiġ cosṁuil ré tiġ Ieroboam ṁic Nébat. 4 An té ġeaḃus bás ó Ḃaasa annsa ċaṫruiġ íosuid na madruiḋ é; agus an ré leision do ġeaḃus bás ar an ṁaċaire íosuid éanlaiṫ a naiéir é. 5 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁraḋ Ḃaasa, agus gaċ a ndéarna sé, agus a ċuṁaċd, naċ ḃfuilid síad scrioḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel? 6 Mar sin do ċoduil Baasá a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ a Ttirsah é: agus do ríaġluiḋ Elah a ṁac iona áit. 7 Agus mar an gcéadna lé láiṁ an ḟáiḋ Iehu ṁic Hanani ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA a naġaiḋ Ḃaasa, agus a naġaiḋ a ṫiġe, eaḋon ar son gaċ uilc dá ndéarna sé a raḋarc an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċum feirge lé hoibriġṫiḃ a láṁ, do ċionn go raiḃ cosṁuil ré tiġ Ieroboam; agus do ċionn mar do ṁarḃ sé é. 8 ¶ Annsa seiseaḋ ḃlíaḋain fiṫċiod do Asa ríġ Iúdah do ṫosuiġ Elah mac Baasa ḃeiṫ na ríġ ar Israel ann Tirsah, ḋá ḃlíaḋuin. 9 Agus do ċoṁċoguir a ṡerḃíseaċ féin Simri, (caiptín leiṫe a ċarbad) na aġaiḋ, an feaḋ do ḃí ag ól a Ttirsah, nó gur ċuir é fein ar meisge a ttiġ Asa stioḃard a ṫiġe a Ttirsah. 10 Agus do ċuáiḋ Simrí a steaċ agus do ḃuail é, agus do ṁarḃ é, annsa seaċdṁaḋ blíaḋain ḟiṫċiod do Asa ríġ Iudah, agus do ríoġaiḋ féin iona áit. 11 ¶ Agus tárla, a nuáir do ṫosuiġ a rioġaċd, coṁlúaṫ agus do ṡuiġ sé iona ċaṫaóir ríoġa, gur ṁarḃ sé tiġ Ḃaasa uile: níor fágḃaḋ duine aige do ṁúnfaḋ a naġaiḋ an ḃalla, dá ġáol, nó dá ċáirdiḃ. 12 Marso do scrios Simri tiġ Ḃaaṡa uile, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA, do laḃair sé a naġaiḋ Ḃaasa re Iehu an fáiḋ. 13 Arson ṗeacaḋ Ḃaasa uile, agus ṗeacaḋ Elah a ṁic, lér ṗeacuiḋeadar, agus lé ttugadar air Israel peacuġaḋ, ag brostuġaḋ an TIĠEARNA Día Israel ċum feirge lé na ndíoṁáineasaiḃ. 14 Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Elah, agus a ndéarna sé uile, naċ ḃfuilid siad scrioḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel? 15 ¶ Annsa seaċdṁaḋ blíaḋain fiṫċiod do Asa ríġ Iúdah do ḃí Simri na ríġ seaċd lá ann Tirsa. Agus do ḃádar an pobal na suiġe a naġaiḋ Ġibbeton, noċ do ḃain leis na Ṗilistiniḃ. 16 Agus an muinntir do ḃí san ċampa do ċúaladar ḋá raḋ, Dfeall Simri, agus fós do ṁarḃ sé an ríġ: ar a naḋḃarsin do rinne Israel uile ríġ do Omri, caiptín an tslóiġ ós cionn Israel an lá sin annsa ċampa. 17 Agus do ċúaiḋ Omri súas ó Ġibbeton, agus Israel uile maille ris, agus do ṡuiġeadar a naġaiḋ Ṫirsah. 18 Agus tárla, a núair do ċonnaire Simri gur ġaḃaḋ an ċaṫair, go ndeaċaiḋ sé go pálás ṫiġe an ríġ, agus do ċuir sé tiġ an ríġ tre ṫeine ós a ċionn, agus déug sé, 19 Ar son a ṗeacuiḋ do ṗeacuiḋ sé a ndeanaṁ uilc a raḋarc an TIĠEARNA, ag siuḃal a sliġe Ieroboam, agus iona ṗeacaḋ do rinne sé, da ṫaḃairt ar Israel peacaḋ ḋéanaṁ. 20 Anois an ċuid oile do ġníoṁraḋ Ṡimri, agus a nfeall do rinne sé, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel? 21 ¶ Ann sin do ḃádar pobal Israel roinnte a ndá ċuid: do lean leaṫ an ṗobuil Tibni ṁac Ginat, do ḋéanaṁ riġ ḋe; agus do lean an leaṫ oile Omri. 22 Aċt an ċuid do lean Omrí do ḃuáiḋeadar ar an ccuid oile do lean Tibni ṁac Ginát: mar sin fúair Tibni bás, agus do ḃí Omri na ríġ. 23 ¶ Ann sa náonṁaḋ bliaḋuin déag ar ḟiṫċid do Asa ríġ Iúdah do ṫosuiġ Omri a rioġaċd ós cionn Israel, ḋa ḃlíaḋuin déug: do ḃí sé na ríġ a Ttirsah sé blíaḋna. 24 Agus do ċeannuiġ sé an cnoc Sámaria ó Ṡémer ar ḋá ṫalluinn airgid, agus do rinne foirgneaṁ ar an gcnoc, agus do ġoir sé ainm na caiṫreaċ do rinne sé, do réir anma Ṡemer lér leis an cnoc, Samária. 25 ¶ Aċt do rinne Omri olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus do rinne nios measa ná a raiḃ roiṁe uile. 26 Oír do ṡiuḃail sé a sligbe Ieroboam ṁic Nébat uile, agus iona ṗeacaḋ lé ar ċuir sé dfíaċaiḃ ar Israel peacuġaḋ, do ḃrostuġaḋ an TIĠEARNA Día Israel ċum feirge lé na ḋioṁáoineasaiḃ. 27 ¶ Anois an ċuid oile do ġnioṁraḋ Omri noċ do rinne sé, agus a ċuṁaċd do ṫaisbeín sé, naċ ḃfuilid siád scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel? 28 Mar sin do ċoduil Omri a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ é a Samária: agus do ḃí Ahab a ṁac na ríġ ann a áit. 29 ¶ Agus annsa noċtṁaḋ bliáḋain déug ar fiṫċid do Asa ríġ Iúdah do ṫosuiġ Ahab mac Omri a ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel: agus do ḃí Ahab mac Omri na ríġ oscionn Israel a Samária ḋá ḃlíaḋuin agus fiṫċe. 30 Agus do rinne Ahab mac Omri olc a raḋarc an TIĠEARNA ós cionn a nuile ríġ do ḃí roiṁe. 31 Agus tárla, aṁuil agus buḋ ní éattrom dósan siuḃal a bpeacaḋuiḃ Ieroboam ṁic Nébat, go ttug sé Iesebel inġean Etbaal ríġ ná Sidonianaċ na mnáoi, agus do imṫiġ agus do rinne serḃís do Ḃáal, agus do aḋuir sé ḋó. 32 Agus do ṫóg sé súas altóir do Ḃáal a ttiġ Ḃáail, noċ do rinne sé a Samária. 33 Agus do rinne Ahab garrán; agus do rinne Ahab nios mó do ḃrostuġaḋ an TIĠEARNA Día Israel ċum feirge náid ríġṫe Israel uile do ċuáiḋ roiṁe. 34 ¶ Is iona laéṫiḃ do ċuir Híel an Bet‐eliteaċ Ieriċo súas: do ċuir sé síos a bunáit a mbás a ċéidġeine Abiram, agus do ċuir na geataḋa súas a mbás Ṡegub a ṁac dob oige, do reír ḃréiṫre an TIĠEARNA do laḃair sé tre Iosua ṁac Nun. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society