I Rioġ 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Olcas Abiiam. 9 Feaḃas Asa rí Iúdah. 27 Do scríos Baasa rí Israel tiġ Ieroboam. 1 Anois ann sa noċdṁaḋ blíaḋain déug do ríġ Ieroboam ṁac Nébat do ríoġaiḋ Abiiam ós cionn Iúdah. 2 Trí blíaḋna do ḃí sé na ríġ ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Maaċa, inġean Abisalom. 3 Agus do ṡiuḃail sé a bpeacaḋuiḃ a aṫar uile, noċ do rinne roiṁe: agus ní raiḃ a ċroiḋe iomlan le na ṪIĠEARNA Día, már ċroiḋe a aṫar Dáiḃi. 4 Giḋeaḋ do ṫug a ṪIĠEARNA Día lóċrann dó ann Ierusalem ar son Dáiḃi, do ċur a ṁic súas na ḋíaiġ, agus do ḋaingniuġaḋ Ierusalem: 5 Do ċionn go ndéarna Dáiḃi an ní fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, agus nar ḟill do leaṫṫaóiḃ ó ní ar biṫ dár aiṫin de ar feaḋ laéṫeaḋ a ḃeaṫa, aċt aṁáin a ccúis Uriah an Hititeaċ. 6 Agus do ḃí cogaḋ eidir Rehoboam, agus Ieroboam ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa. 7 Anoís an ċuid oíle do ġníoṁraḋ Abiiam, agus a nuile ní dá ndearná sé, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah? Agus do ḃí cogaḋ eidir Abiiam agus Ieroboam. 8 Agus do ċoduil Abiiam agá aiṫriḃ; agus do aḋlaiceadar é a ccaṫruiġ Ḋáiḃi: agus do ḃí Asa á ṁac na ríġ na áit. 9 ¶ Agus annsa ḃfiṫċeaṁad blíaḋain do Iéroboam ríġ Israel do ríoġuiḋ Asa ós cionn Iúdah. 10 Agus do ḃí sé na ríġ an Ierusalem blíaḋuin agus dá ḟiṫċíod. Agus do bé ainm a ṡeanṁaṫar Maaċah, inġean Abiseolam. 11 Agus do rinne Asa gaċ éainni fa maiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, mar do rinne Dáiḃi a aṫair. 12 Agus do scrios sé ná sodomitíġ amaċ as an ḃfearann, agus do áṫruiġ sé na hioḋuil uile noċ do rinneadar a aiṫreaḋ. 13 Agus mar an gcéadna Máaċah a a ṡeanṁaṫair, do aṫruiġ sé ise fós ó ḃeiṫ na bainríoġain, do ċionn go ndéarna sí íoṁaiġe a ngarrán; agus do scrios Asa a hioḋal agus do loisg sé é, láiṁ ré haḃuinn Cidron. 14 Aċd níor háṫruiġeaḋ na háite árda: giḋeaḋ do ḃí croiḋe Asa iomlán leis an TTIĠEARNA an fad do ṁair sé. 15 Agus ṫug sé a steaċ go tiġ an TIĠEARNA na neiṫe dó ṫíoḋlaic a aṫair, agus na neiṫe do ṫioḋluic sé féin, airgiod, agus ór, agus soiṫiġe. 16 ¶ Agus do ḃí cogaḋ eidir Asa agus Baasa ríġ Israel ar feaḋ a sáoġail. 17 Agus do ċuáiḋ Baasa ríġ Israel súas a naġaiḋ Iúdah, agus do ċuir sé Rámah súas, ċor naċ ḃféadfaḋ áon dul amaċ nó teaċd a steaċ go Hása ríġ Iúdah. 18 Annsin do ġlac Asa ar fágḃaḋ dairgiod agus dór a nionnṁuisuiḃ ṫiġe an TIĠEARNA, agus ionnṁus ṫiġe an ríġ, agus ṫug sé a láiṁ a ṡerḃíseaċ íad: agus do ċuir an ríġ Asa íad go Ben‐hadad, ṁac Tabrimon, ṁic Hésion, ríġ na Síria, noċ do ḃí na ċoṁnuiġ an Damascus, ġa ráḋ, 19 Atá ceangal eadrumsa agus tusa, agus eidir maṫair agus haṫair: féuċ, do ċuir mé ċugad tioḋlacaḋ óir agus airgid; tárr agus bris hossaḋ re Baasa ríġ Israel, ċer go néireoċaḋ sé ḋíomsa. 20 Marsin do áontuiġ Ben‐hadad lé ríġ Asa, agus do ċuir caiptíniġ a ṡluáiġ do ḃí aige a naġaiḋ caiṫreaċ Israel, agus do ṁill sé Iion, agus Dan, agus Abel‐bet‐maaċah, agus Cinnerot uile, maille re tír Napṫtali uile. 21 Agus tárla, a nuáir do ċúala Báasa sin, gur éiriġ ó ḃe ag toigḃail Rámah, agus go ndéarnaiḋ sé coṁnuiġ a Dtirsah. 22 Ansin do ċuir an ríġ Asa fúagra ar feaḋ Iúdah uile; (níor coigleaḋ éanduine:) agus rugadar cloċa Rámah léo, agus an taḋmad, ler ċuir Baasa súas í; agus do ċuir an ríġ Asa súas léo sin Géba Ḃeniamin, agus Mispah. 23 An ċuid oile do ġníoṁraḋ Asa uile, agus a ċuṁaċd uile, agus gaċ a ndéarna sé, agus na caiṫreaċa do ċuir sé súas, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah? Giḋeaḋ iona aóis ḟoirfe do ḃí teinnios cos air. 24 Agus do ċoduil Asa agá aiṫriḃ, agus do haḋlaiceaḋ a ḃfoċair a aiṫreaḋ a ccaṫruiġ Ḋáiḃi a aṫair é: agus do ḃí a ṁac Iehosaṗat na ríġ ann a ionad. 25 ¶ Agus do ṫosuiġ Nádab mac Ieroboam ar ríġe ós cionn Israel annsa dara bliaḋain do Asa ríġ Iúdah, agus do ḃí na ríġ ós cionn Israel ḋa ḃliaḋuin. 26 Agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃail sé a sliġe a aṫar, agus iona ṗeacaḋ lé ttug sé ar Israel peacuġaḋ. 27 ¶ Agus do ċoṁċoguir Baasa mac Ahiiah, do ṫiġ Issaċar, ann a aġaiḋ; agus do ṁarḃ Baasa é ann Gibeton, noċ ḃeanus ris na Ṗilistiniḃ; (óir do ċuir Nádab agus Israel uile campa an gaċ táoḃ do Ġibeton). 28 Eaḋon an treas blíaḋain do Asa ríġ Iúdah do ṁarḃ Baasa é, agus do ḃí na ríġ iona áit. 29 Agus tárla, a nuáir do ḃí na ríġ, gur ḃuáil se tiġ Ieroboam uile; níor ḟág sé ag Ieroboam áon do léigfeaḋ anál amaċ, nó gur scrios sé é, do réir ráiḋ an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé tre na ṡearḃḟoġantuiġ Ahiiah an Siloníteaċ: 30 Do ċionn peacaḋa Ieroboam noċ do ṗeacaiḋ sé, agus le ttug sé ar Israel peacuġaḋ, tre na ḃrostuġaḋ ler ḃrostuiġ sé an TIĠEARNA Día Israel ċum feirge. 31 Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Nádab, agus a ndéarna sé uile, naċ ḃfuilid siad scríoḃṫa a leaḃar croinice rioġ Israel? 32 ¶ Agus do ḃí cogaḋ eidir Asa agus Báasa ríġ Israel ar feaḋ a laéṫe. 33 Annsa treas blíaḋain do Asa ríġ Iúdah do ṫosuiġ Baasa mac Ahiiah ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel a Ttirsah, ceiṫre bliaḋna fiṫċiot. 34 Agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃail sé a sliġe Ieroboam, agus iona ṗeacaḋ le ttug sé ar Israel peacuġaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society