I Rioġ 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Do ṫogair Adoniiah ċum an riġeaċd do ḃeiṫ aige. 12 Aċ is é Soluṁ do fuair i. 1 Anois do ḃí an ríġ Dáiḃi foirfe agus áosta a mblíaḋnuiḃ; agus do ċlúdadar é le héadaċ, aċd ní ḃfuáir sé teas ar biṫ. 2 Ar a naḋḃarsin a duḃradar a ṡearḃḟoġantuiġiḋ ris, Iarṫar dom ṫiġearna an ríġ maiġdion óg: agus seasaḋ sí as coinne an ríġ, agus déanaḋ sí friṫeolaṁ ḋó, agus luiġeaḋ sí iona ḃrollaċ, ċor go ḃfuiġe mo ṫiġearna an ríġ teas. 3 Mar sin díarradar cailín scíaṁaċ ar feaḋ ċóstaḋa Israel uile, agus fuaradar Abisag Sunamíteaċ, agus ṫugadar ċum an riġ í. 4 Agus do ḃí a nóigḃean ro sciáṁaċ, agus do ḟriṫeolaḋ sí an ríġ, agus do nioḋ minióstralaċd ḋó: aċ ní raiḃ an ríġ dfior aice. 5 ¶ Ann sin do árduiġ Adoniiaṫ mac Haggit é féin, ġa ráḋ, Biáiḋ misi am ríġ: agus do ġleús sé carbuid agus marcṡluáġ ḋó féin, agus cáogad fear do rioṫ roiṁe. 6 Agus níor ċuir a aṫair na aġaiḋ uair ar bíṫ a ráḋ, Cred fa ndeárna tú marso? agus do ḃí seison mar an gcéadna na ḟear ro ḃreáġa; agus a ndiáiġ Absolon do rug Haggit é. 7 Agus do ċoṁairliġ sé le Ióab mac Seruiah, agus re Abiatar an sagart: agus ag leanṁuin Adoniiah ḋóiḃ do ċungnádar leis. 8 Aċ Sádoc an sagart, agus Benaiah mac Iehoiada, agus Nátan an fáiḋ, agus Simei, agus Rei, agus dáoine cuṁaċdaċa do ḃean re Dáiḃi, ni raḃadar a ḃfoċair Adoniiah 9 Agus do ṁarḃ Adoniiah caóiriġ agus daiṁ agus áirnéís ṁéiṫ láiṁ re cloiċ Sohelet, noċ atá láiṁ ré Henrogel, agus ṫug sé cuireaḋ ḋá ḋearḃraiṫriḃ uile mic an ríġ, agus do ṁuinntir Iúdah uile searḃḟoġantuiġiḋ an riġ: 10 Aċ ni ṫug sé cuireaḋ do Nátan an fáiḋ, ná do Ḃenaiah, ná do na dáoimḃ cuṁaċdaċa, ná do Ṡolaṁ a ḋearḃraṫair. 11 ¶ Uimesin do laḃair Nátan re Batséba maṫair Ṡoláiṁ, ġa ráḋ, Naċ ccúala tusa go ḃfuil Adoniiah mac Haggit na ríġ, agus ní ḃfuil a ḟios sin ag Dáiḃi ar ttiġearna? 12 Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, léig ḋaṁsa coṁairle do ṫaḃairt dúit, lé ccoiseonuiġ tu hanum féin, agus anum do ṁic Solaṁ. 13 Eiriġ agus imṫiġ a steaċ go Dáiḃi ríġ, agus abaír ris, Naċ dtug tusa, do ṁionna, mo ṫiġearna, ó a ríġ, dot ḃanoglaiċ, ḋa ráḋ, Go deiṁin biáiḋ do ṁac Solaṁ na ríġ am ḋiáiġsi, agus suiġfiḋ sé am ċaṫaoir ríoġa? maiseaḋ cred fá ḃfuil Adoniiah na ríġ? 14 Féuċ, an feaḋ ḃías tusa annsin ag laḃairt ris an ríġ, tiucfa misi a steaċ fós ad ḋiaiġ si, agus daingneoċa mé do ḃriáṫra. 15 ¶ Agus do ċuáiḋ Bat‐séba a steaċ ċum an ríġ don tseómra: agus do ḃí an ríġ ro ḟoirfe; agus do ḃí Abisag an Sunamiteaċ ag miniostralaċd don ríġ. 16 Agus do ċrom Bat‐seba, agus do rinne sí uṁla don ríġ. Agus a duḃairt an riġ, Cred is áill leaċdsa? 17 Agus a duḃairt sisi rís, O mo ṫiġearna, do ṁionnuiġ tú fad ṪIĠEARNA Día dot ḃanoglaiċ, dá ráḋ, Go deiṁin biáiḋ Solaṁ do ṁacsa na ríġ am ḋiáiġsi, agus suiġfiḋ sé ann mo ċaṫaoir ríoġa. 18 Agus anois, féuċ, atá Adoniiah ag riaġluġaḋ; agus, ó mo ṫiġearna a ríġ, ní ḃfuil a ḟios sin agadsa: 19 Agus do ṁarḃ sé daiṁ agus áirnéis reaṁar agus mórán cáoraċ, agus do ṫug sé cuireaḋ do ṁacuiḃ an ríġ uile, agus do Abiatar an sagart, agus do Ióab caiptín an tslóiġ: aċ ní ṫug sé cuireaḋ dot ṡearḃḟoġantuiġ Solaṁ. 20 Agus tusa, mo ṫiġearna, ó á ríġ, atáid súile Israel uile ort, go ninneostá ḋóiḃ cía ṡuiġfios a ccaṫáoir rioġa mo ṫiġearna an ríġ na ḋiáiġ. 21 Nó teigeoṁaiḋ a núair, ċuideolus mo ṫiġearna an ríġ a ḃfoċair a aiṫreaḋ, go measfuiġṫear misi agus mo ṁac Solaṁ ar naindliġṫeaċaiḃ. 22 ¶ Aċt, ċeana, an feaḋ do ḃí sí fós ag coṁráḋ ris an ríġ, ṫainic Nátan an fáiḋ a steaċ mar án gcéadna. 23 Agus do innsiodar don ríġ ḋá ráḋ, Féuċ Nátan an faíḋ. Agus an tan ṫáinic sé a steaċ a ḃfiaḋnuise an ríġ, do ċláon sé é féin a laṫair an ríġ le na aġaiḋ ċum na talṁan. 24 Agus a duḃairt Nátan, O mo ṫiġearna, a ríġ, a nduḃairt tusa, Biáiḋ Adoniiah na ríġ am ḋiáiġ, agus suiġfiḋ sé ann mó ċaṫaóir ríoġa? 25 Oir do ċuáiḋ sé síos a niuġ, agus do ṁarḃ sé daiṁ agus áirnéis reaṁar agus caóiriġ go hiomadaṁuil, agus do ġoir sé mic an ríġ uile, agus caiptiniġ an tslóiġ, agus Abiatar an sagart; agus, féuċ, atáid ag iṫe agus ag ól da laṫair, agus a deirid siád, Go mairiġ an ríġ Adoniiah. 26 Aċt misi, misi do ṡearḃfoġántuiġ, agus Sádoc an sagart, agus Benaiah mac Iehoiada, agus do ṡearḃḟoġantuiġ Solaṁ, nior ġoir sé sinn. 27 A né mo ṫiġearna an ríġ do rinne na neiṫesi, agus nár ḟoillsiġ tú dot ṡearḃḟoġantuiġ, cía ṡuiġfioḋ a scaṫaóir mo tiġearna an ríġ na ḋiaiġ? 28 ¶ Ann sin do ḟreagair Dáiḃi ríġ agus a duḃairt, Goiriġ ċugam Bat‐seba. Agus ṫáinic sisi a ḃfiaḋnuisi an ríġ, agus do ṡeas a laṫair an ríġ. 29 Agus ṫug an ríġ a ṁionna, agus a duḃairt, Mar ṁairios an TIĠEARNA, noċ dfuasguil manum as gaċ uile aṁgar, 30 Aṁuil agus ṫug mé mo ṁionna ḋuitse fa an ṪIĠEARNA Día Israel, ġa ráḋ, Go deiṁin biáiḋ Solaṁ do ṁac na ríġ am ḋiaiġsi, agus suiġfiḋ sé am ċaṫaóir ríoġa ám áit; mar sin do ḋéana mé a niuġ go dearḃṫa. 31 Annsin do ċrom Bat‐séba lé na gnúis ċum na talṁan, agus do rinne sí uṁla don ríġ, agus a duḃairt, Go mairiġ mo ṫiġearna Dáiḃi ríġ go síorruiḋe. 32 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ríġ, Goiriḋ ċugam Sádoc an sagart, agus Nátan an fáiġ, agus Benaiah mac Iehoiada. Agus tangadar a laṫair an ríġ. 33 A duḃairt an ríġ riú mar an gcéadna, Beiriḋ liḃ searḃḟoġantuiġiḋ ḃur ttiġearna, agus tugaiḋ air Ṡolaṁ mo ṁac dul air mo ṁúille féin, agus béiriġ síos é go Gihon: 34 Agus ungaḋ Sádoc an sagart, agus Nátan an fáiḋ ann sin é na ríġ ós cionn Israel: agus séidiġsi an stoc, agus abruiḋ, Go mairiġ an ríġ Solaṁ. 35 Ann sin tiucfuiḋesi a níos na ḋiáiġ, ċor go ttiucfa se, agus go suiġfiḋ ann mo ċaṫaóir ríoġasa; óir biáiḋ sé na ríġ am áit: agus do órduiġ misi é ḃeiṫ na ríaġluiġṫeóir ós cionn Israel agus ós cionn Iúdah. 36 Agus do ḟreagair Benáiah mac Iehoiada an ríġ, agus a duḃairt, Amen: go nabra TIĠEARNA Día mo ṫiġearna an ríġ sin. 37 Mar do ḃí an TIĠEARNA lem ṫiġearna an ríġ, go raiḃ mair sin le Solaṁ, agus go ndéarna sé a ċaṫáoir ríoġa níos mó ná caṫaóir mo ṫiġearna Dáiḃi riġ. 38 ¶ Ann sin do ċuáiḋ Sádoc an sagart, agus Nátan an fáiḋ, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitiġ, síos, agus do ċuireadar Solaṁ ar ṁúille Ḋáiḃi ríġ, agus ṫugadar go Gihon é. 39 Agus do ḃean Sádoc an sagart aḋarc ola amaċ as an ttabernacuil, agus do ungaiḋ sé Solaṁ. Agus do ṡéideadar an stoc; agus a duḃairt an pobal uile, Go mairiġ an ríġ Solaṁ. 40 Agus ṫáinic an pobal uile a níos na ḋiáiġ, agus do ḃí an pobal ag píobaireaċd lé píobuiḃ, agus do rinneadar solás maille re gáirdeaċus mór, iondus gur scoilt an talaṁ lé na ḃfuáim. 41 ¶ Agus do ċúaluiḋ Adoniiah sin agus a luċd cuiriġ uile do ḃí na ḟoċair ar gcur deiriḋ le na gcuid biḋ diṫe. Agus a nuáir do ċualuiḋ Ióab guṫ an stuic, a duḃairt sé, Créd fá ḃfuil an tormánso na caiṫreaċ ag dul ṫríd a ċéile? 42 Agus an fad do ḃí ġa ráḋ sin, féuċ, ṫáinic Ionatan mac Abiaṫair an sagart: agus a duḃairt Adoniiah ris, Tárr a steaċ; óir is duine cróḋa ṫú, agus atáid sceula maiṫe leaċd. 43 Agus do ḟreagair Ionatan agus a duḃairt sé re Adoniiah, Go deiṁin do rinne Dáiḃi ríġ ar ttiġearna, ríġ do Ṡolaṁ. 44 Agus do ċuir an ríġ Sádoc an sagart leis, agus Nátan an fáiḋ, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitiġ, agus tugadar air dul ar ṁúille an riġ: 45 Agus do ung Sádoc an sagart agus Nátan an táiḋ é na riġ ann Gihon: agus tangadar a nios as sin ag urġáirdiuġaḋ, iondus gur líon an ċaṫair dfuáim agus dfoṫrom. Agus a sé sin an giorac do ċualaḃairsi. 46 Agus fós atá Solaṁ na ṡuiġe a ccaṫaóir na rioġaċda. 47 Agus tuiheaṁ oile, ṫangadar serḃísiġ an ríġ do ḃeannuġaḋ ar ttiġearna Dáiḃi ríġ, ġa ráḋ, Go ndearna Día ainm Ṡolaiṁ níos féarr ná hainmsi, agus go ndéarna sé a ċaṫóir níos mo ná do ċaṫaóir. Agus do ċlaon an ríġ é féin ar a leabuiḋ. 48 Agus mar an gcéadna is marso a duḃairt an ríġ, Go maḋ beannuíġ an TIĠEARNA Día Israel, noċ ṫug duine do ṡuiḋe ann mo ċaṫaóir ríoġa a niuġ, agus mo ṡúile féin da ḟaicsin. 49 Agus do ġaḃ eagla a raiḃ air cuireaḋ a ḃfoċair Adoniiah, agus déirġeadar suas, agus dimṫiġ gaċ áon aca roiṁe. 50 ¶ Agus do ġaḃ eagla Adoniiah roiṁe Ṡoloṁ, agus déiriġ sé, agus do imṫiġ, agus do rug sé greim ar aḋarcaiḃ ua haltóra. 51 Agus do hinnseaḋ do Ṡolaṁ ḋá ráḋ, Féuċ, atá eagla ar Adoniiah roiṁe an ríġ Solaṁ: óir, féuċ, rug sé greim ar aḋarcaiḃ na haltora, ġa ráḋ, Tugaḋ an ríġ Solaṁ a ṁionna ḋaṁsa a niuġ naċ muirtiḋ se a ṡearḃḟoġantuiġ leis an gcloiḋeaṁ. 52 Agus a duḃairt Solaṁ, Má ḟoillsiġionn sé é féin na ḋuine curata, ní raċa éan ruibe ḋá ġruáig fá ṫaluṁ: aċt má geiḃṫear droiċṁéin ann, cuirfiġear ċum báis é. 53 Mar sin do ċuir an ríġ Solaṁ fios air, agus ṫugadar léo a nuas ó naltóir é. Agus ṫáinic sé, agus duṁluiġ é féin don ríġ Solaṁ: agus a duḃairt Solaṁ ris, Imṫiġ dot ṫiġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society