Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Iudais 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Ag gríosaḋ búanus a gcreidiṁ, tairrġirionn sé deire dólasaċ na ḃfaiġeaḋ cluáineaċ.

1 Iudas, searḃḟoġantuiġe Iósa Críosd, agus dearḃráṫair Ṡéumuis, ċum na druinge atá ar na ngairm, ar na náoṁaḋ ó Ḋía Aṫar, agus ar na gcoiṁéud fá ċoṁair Iósa Críosd:

2 Trócaire, síoṫċáin, agus gráḋ, go raiḃ maille riḃ go ro líonṁar.

3 A ḋearḃráiṫre gráḋaċa, ar ndéunaṁ a nuile ḋitċill daṁ ar sgríoḃaḋ ċuguiḃ a dtimċioll an tslánuiġṫe ċoitċinn, do ḃí na riaċdanus oram sgríoḃaḋ ċuguiḃ, ċum ḃur dteaguisg fá ċaṫúġaḋ go diṫċiollaċ ar son an ċreidiṁ tugaḋ éunuáir aṁáin do na náoṁuiḃ.

4 Oír tangadar dáoine áiriġe, neiṁḋíaġa, ar téultoġ a steaċ, noċ do ḃí fadá ó ṡin roiṁ láiṁ orduiġṫe ċum an ḃreiṫeaṁnuis so, noċ iompoiġeas grás ar Ndé a neaṁġloine, agus ṡéunas an táon Ṁaiġisdir, Día, agus ar Dtíġearna Iósa Críosd.

5 Ar a naḋḃarsin is mían leam ḃur ccur a gcuiṁne, ar ḃfaġáil a ḟeasa éunúir aṁáin, an tan do ṡáor an Tiġearna, an pobal ó Néigipt, gur sgrios sé na ḋiáiġ sin an dream nár ċreid.

6 Na haingil mar an gcéudna nár ċoiṁéid an ċeúd sdaid ann a raḃadar, aċd do ḟág a nionad coṁnuiġe féin, do ċoiṁéid sé íad a ngeiṁliḃ síorrúiḋe fá ḋorċadas ċum breiṫeaṁnuis an láe ṁóir.

7 Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caiṫreaċa na dtimċioll, noċ do lean do ḋrúis air an moḋ céudna sin, agus do lean dainṁíanuiḃ coiṁṫiġeaċa na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineaḋ síorruiḋe.

8 Aċd fós mar an gcéudna saluiġid an dreamsa tré na gcodlaḋ an ċolann, agus cuirid úaċdaránaċd a dtarcuisne, agus do níd anċaint ar an luċd agá ḃfuil áirdċeannas.

9 Giḋeaḋ Míċael an tarċaingeal, an tan do ċaṫuiġ sé a naḋuiġ an díaḃail agus do rinne sé diosbóireaċd a dtimċioll ċuirp Ṁáoise, níor laṁ sé breaṫ ṁasluiġeaċ do ḃreiṫ air, aċd a duḃairt sé, Go nimḋearga an Tíġearna ṫú.

10 Aċd do níd an dreamsa anċáint ar na neiṫiḃ naċ aiṫniḋ ḋóiḃ: agus giḋ bé neiṫer ar a ḃfuil eólas nadúrṫa aca, do réir na nainṁinnteaḋ gan réusun, truáillid íad féin ionnta.

11 Buḋ hanáoiḃinn dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċúadar amúġa tré ṁéalltóireaċd ṫúarasduil Ḃálaaim, agus do sgriosaḋ iad tré ḃeiṫ ḋóiḃ coṁċonntrarḋa re Córe.

12 As buill ċáiḋeaċa íad so ann ḃur ḃféusduiġiḃ grádga, an tan ḃíd ar ḟéusda maille riḃ, dá mbeaṫuġaḋ féin gan ḟaitċeas ar biṫ: neóill gan uisge, dá mbreiṫ fá gcuáirt ris na gáoṫuiḃ; crainn do ṁeaṫ, ar naċ ḃfuil toraḋ, do éug fá ḋó, ar na mbuáin as a ḃfréuṁaċ;

13 Garḃṫonna fairge, sgeiṫeas a náire féin aṁuil ċúḃar; réulta seaċráin, fá ċóṁair a ḃfuil an dorċadas fíorḋorċa dá ṫaisge go síorruiḋe.

14 Agus do rinne Enoċ fós, an seaċdṁaḋ pearsa ó Aḋaṁ, fáiḋeadóireaċd ar a saṁuil so, ag ráḋ, Féuċ atá an Tíġearna ag teaċd gon a ṁíltiḃ náoṁ,

15 Ċum breiṫeaṁnuis do ḋéunaṁ ar na huile ḋáoiniḃ, agus dimḋeargaḋ gaċ a ḃfuil neiṁḋíaġa na measg ar son na nuile ġníoṁarṫaḋ neiṁḋíaġa do rinneadar go neiṁḋiaġa, agus ar son gaċ uile ḋroċḟócal dar laḃradar na peacuiċ neiṁḋíaġa na aġuiḋ.

16 As luċ monṁuir, agus gearáin an dreamsa, ḃíos ag siúḃal réir a nainṁían féin; agus agá laḃrann a mbéul neiṫe aiḋḃéil, maille ré ḃeiṫ ḋóiḃ ag déunaṁ iongantuis do ṗearsánuiḃ dáoineaḋ do ġráḋ éudála.

17 Giḋéaḋ, bíoḋ coíṁna aguiḃse a ċaired, ar na bríaṫruiḃ noċ do laḃradar apsduil ar Dtíġearna Iósa Críosd roiṁe só;

18 Eaḋon go ndúḃraḋ riḃ go mbíaḋ luċ sgige sa naimsir ḋeiġeanuiġ, ag siúḃal do réir a nainṁían neiṁḋíaġa féin.

19 A síad so an dream sgaras íad féin ré gáċ, agus íad colluiḋe, gan an Spiorad.

20 Aċd ar mbeiṫ ḋíḃse, a ċaired, ḋá ḃur ḃfollamnuġaḋ féin ann ḃur gcreideaṁ ró náoṁṫa, maille ré ḃeiṫ ḋíḃ ag urnuiġe sa Sbiorad Náoṁ,

21 Coiṁéuduiġ siḃ féin a ngráḋ Dé, ag súil ré trócaire ar Dtíġearna Iósa Críosd ċum na beaṫa marṫannuiġ.

22 Agus bíoḋ truáiġe aguiḃ do ḋruing áiriġe, ar ndéunaṁ eidirḋealuiġe ḋíḃ eatorra:

23 Agus sáoruiḋ dream eile ré faitċeas, dá dtarruing as an dteine; agus fos bíoḋ fúaṫ aguiḃ do néudaċ atá ar na ṡalċaḋ ón gcoluinn.

24 Fá ḋeóiġ don tí lér féidir ḃur gcoiṁéud ar oilḃéim dfaġáil, agus ḃur gcur a ḃfíaḋnuise a ġlóire féin gan ċoir ar biṫ maille ré roġáirdeaċais,

25 Don náon Ndía eagnuiġe na áonar ar Slánaiġṫeóir, glóir agus mórġaċd, neart agus cúṁaċda, a nois agus go sáoġal na sáoġal. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ