Isaiah 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Gu bi creideaṁ, no riġeaċt Ċriosd, 2 sgiaṁaċ, 6 seasṁaċ. 1 Agus annsa ló sin greamoċuid móirṡeisior ban déinḟear aṁáin, ġa ráḋ, Iósam ar narán féin, agus caiṫfeam ar néadaċ féin: aṁáin goirṫear ad ainmsi sinn, do ċur scannla ḋínn. 2 ¶ Annsa ló sin bíaiḋ beangan an TIĠEARNA sgíaṁaċ agus glórṁar, agus biaiḋ toraḋ na talṁan oirḋeirc agus cuḃaiḋ den ṁéid raċus as do Israel. 3 Agus tiucfa a ccríċ, an té fúigfiġear a Sion, agus an té ḟanfas ann Ierusalem, go ngoirfiġear náoṁṫa ḋe, eaḋon gaċ neaċ atá scríoḃṫa a measg na mbéo ann Ierusalem: 4 An tan niġfios an TIĠEARNA truailleaḋ inġean Sion, agus ġlanfas fuil Ierusalem as a lár le spioraid an ḃreiṫeaṁuis, agus le spíoraid an loisgṫe. 5 Agus cruṫoċuiġ an TIĠEARNA ar gaċ áonáit ċoṁnuiġe do ṡliaḃ Ṡion, agus ar a hoireaċdusuiḃ, néull agus céo san ló, agus loinnreaḋ teineaḋ lasaṁla san noiḋċe: óir biaiḋ cuṁdaċ ar an nglóir uile. 6 Agus biáiḋ tabernacuil ann mar sgáile ón teas a naimsir an láe, agus mar áit dídin, agus mar ḟolaċ ón stoirm agus ó nfearṫuinn. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society