Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Isaiah 32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXII. Gurab riġeaċt na síṫċaiṁ, iġeaċt Ċriosd.

1 Feuċ, ríġfiḋ ríġ a ḃfíreantaċd, agus ríaġloċuid prionnsaḋa a mbreiṫeaṁnus.

2 Agus biáiḋ neaċ mar áit fasgaiḋ on ġaóiṫ, agus mar ḟolaċ ó nanfa; aṁuil aiḃne uisge a náit ṫirim, aṁail sgáil cairge móire a ḃfearann ṫartṁar.

3 Agus ní ḃéid súile na druinge do ċífeas céoḋaċ, agus éistfid clúasa na ndaóine ċluinfiós.

4 Tuigfiḋ fós croiḋe na ndaóine meargánta éolus, agus biáiḋ teanga na mbriotaċ réiḋ ċum laḃarṫa go soilléir.

5 Ní goirfiġear an tamadán ní sa ṁó dáonnaċdaċ, agus ní haibeorṫar an santaċ do ḃeiṫ saiḋḃir.

6 Oír laiḃeoruiḋ an tamadán amadánaċd, agus oibreoċuiḋ a ċroiḋe éaigceart, do ġnáṫuġaḋ fúarċráḃuiḋ, agus do laḃairt earráide a naḋuiġ an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ anma a nocraiġ folaṁ, agus do ḃéara ar ḋiġ an tartṁair failliuġaḋ.

7 Is olc fós soiṫiġiḋ an tsantuiġ: tionscnuiḋ sé droiċṫionnscanta do scrios an ḃoiċd le bríaṫraiḃ bréagaċa, eaḋon a nuáir laḃras an teasḃuiḋeaċ go ceart.

8 Aċt tionnscnuiḋ an duine dáonnaċdaċ neiṫe dáonnaċdaċa; agus lé neiṫiḃ dáonnaċdaċa ṡeasfas sé.

9 ¶ Eirġiḋe súas, a ṁná súaiṁneaċa; cluiniḋ mo ġuṫ, a inġeana dóṫċusaċa; tugaiḋ éisteaċd dom ġlór.

10 Beiṫi mórán do láeṫiḃ agus do ḃlíaḋnuiḃ buáiḋearṫa, síḃsi a ṁná doṫċusaċa: óir fáilleoċuiḋ cruinniuġaḋ na ngrápuiġeaḋ, ní ṫiucfaiḋ an toraḋ.

11 Crioṫnuiġiḋ, a ṁná suáiṁneaċa; bíṫí buáiḋearṫa, a ṁná dóṫċusaċa: noċdaiḋ siḃ, agus déanaiḋ siḃ féin lomnoċd, agus criosluiġiḋ saicéadaċ ar ḃur leasraiḃ.

12 Guilfid síad ar son na ccíoċ, ar son na maġ mín, ar son na fíneaṁna tórṫuiġ.

13 Tiucfaid dosáin agus dreasa ar ḟearann mo ṗobail; fós, ar uile ṫiġṫiḃ an ġáirdeaċuis a ccaṫruiġ an tsóláis:

14 Do ḃríġ go ttréigfiġear na páláis; go ḃfúigfiġear iomad na ccaiṫreaċ; béid na puirt agus na tuir na núaṁuiḃ go bráṫ, gairdeaċus assal ḟíaḋta, inḃear na ttréud;

15 ¶ Nó go ndóirtear an spiorad oruinn ó náird ṡúas, agus go raiḃ an fásaċ na ṁaġ ṫóirṫeaċ, agus go meastar an maġ tóirṫeaċ na ḟoraóis.

16 Ann sin áitreoḃuiḋ breiṫeaṁnus ansa ḃfásaċ, agus biáiḋ ceart na ċoṁnuiḋe annsa ṁaġ ṫóirṫeaṁuil.

17 Agus buḋ síoṫċáin obair na fíréuntaċda; agus buḋ súaiṁneas éifeaċt a nionnracuis agus daingion go bráṫ.

18 Agus cóiṁneoċuiḋ mo ṗobalsa a náitreaḃ ṡíoṫċanta, agus a ttiġṫiḃ daingne, agus a socaṁul ṡuáiṁneaċ;

19 A nuáir ḟéarfas sé cloiċṡneaċda, ag teaċd a nuas air an ḃforaóis; agus ísleoċuiġ an ċaṫair í féin a nionad ísiol.

20 Is beannuiġ siḃ a ḋrong ṡíolċuirios laíṁ ris na huile uisgeaḋuiḃ, ċuirios amaċ cos an daiṁ agus a nassail.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ