Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Isaiah 30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXX. Gu ḃfuil neart an ṗobuil, a cciúnas, agus a ndoṫċus.

1 Aṁairg don ċloinn ċeannairgiḋ, a deir an TIĠEARNA, ġaḃus coṁairle, agus naċ uáimse; agus ḟolċas lé folaċ, aċd ní lé mo spioraidsi, iondus go ccuirfidis peacaḋ a gceann peacaiḋ:

2 Noċ ṡiúḃluiġios do ḋul síos don Négipt, (agus nar íarr ar mo ḃéulsa;) dá neartuġaḋ féin a neart Ṗarao, agus do ḋóṫċusaḋ a sgaile na Hégipte!

3 Uime sin ḃías neart Ṗárao na náire ḋaóiḃsi, agus ḃur ndóiġ a sgáile na Hégipte ḃur naiḋṁilleaḋ.

4 Oír do ḃádar a ṗrionnsaḋ a Soan, agus ṫangadar a ṫeaċda go Hanes.

5 Do ḃádar uile náireaċ fa ṗobal naċ ar ḟéad tarḃuġaḋ ḋóiḃ, agus naċ raiḃ na gcungnaṁ nó na soċar, aċt na náire, agus fós na míoċlú.

6 Ualaċ beaṫaċ an deisceirt: go tir na buáiḋearṫa agus na goiṁe, as a ttig an leoṁan óg agus sean, an ḃipear agus an naiṫir niṁe etil ṫinntiġe, iomċoruid síad a saiḋḃrios ar ġuáilliḃ assal óg, agus a nionnṁus ar ċruitiḃ cáṁall, ċum pobail naċ ttairḃeoċaiḋ ḋóiḃ.

7 Oír buḋ díoṁaóin cungnaṁ na Négipteaċ, gan ḃríġ ar biṫ: uimesin déiġ misi ar a ṡonso, Sé a neart fanṁain na ċoṁnuiḋe.

8 ¶ Anois éiriġ, scríoḃ é a cclár as a ccoinne, agus cuir a leaḃar é, ċor go mbí ag a naimsir ṫiucfas go bráṫ agus go síorruiḋe:

9 Gur pobal cogṫaċ íad, clann ḃréagaċ, clann le naċ áill dliġeaḋ an TIĠEARNA do ċluinsion:

10 Noċ a deir ris na féuċadóiriḃ, Ná faiciḋ; agus ris na faiġiḃ, Ná tairġiriḋ ḋúinne neiṫe cearta, laḃraiḋ rinne neiṫe bláiṫe, tairġiríḋ cealga:

11 Téiġiḋ amaċ as a tsliġe, filliḋ do leaṫtaóiḃ as an ccasán, tugaiḋ ar Aon Naoṁṫa Israel cosg roṁuinn.

12 Ar a naḋḃarsin is marso a deir Aon Náoṁṫa Israel, Do ḃríġ go ttarcuisniġṫí an ḃríaṫarsa, agus go ccurṫaói ḃur ndóṫċus a nainleaṫtrom agus a nurċóid, agus go ḃfantaói orrasin:

13 Uimesin biáiḋ an téacceartso ḋaoiḃsi mar ḃriseaḋ ullaṁ ċum tuiteama, ag at amaċ a mballa árd, a ttig a ḃriseaḋ ar ball go hobann.

14 Agus brisfe sé é aṁuil briste soiṫiġe a nuisge ḃristior na ḃloḋuiḃ; ni ċoigeola sé: ionnus naċ ḃfuiġṫear iona ḃriseaḋ píosa le a mbéarṫaói teine on teallaċ, nó leis a ttiuḃarṫaói uisge as an log.

15 Oir is marso a deir an Tiġearna DIA, Neaċ Náoṁṫa Israel; A niompoġ agus a suáiṁnios béiṫí tárṫúiġṫe; a cciúnas agus a ndóṫċus ḃías ḃur neart: agus níor ḃáill liḃ.

16 Aċt a duḃraḃairsi, Ní heaḋ; óir teiṫfiom ar eaċaiḃ; uimesin teiṫfiḋesi; agus, Do ḋéanamne marcuiġeaċd ar an mbeaṫuċ lúaṫ; ar a naḋḃarsin ḃías an luċd leanfas siḃ lúaṫ.

17 Teṫfiḋ aon ṁíle le haċṁusán áoin; lé haċṁusán cúigir teiṫfiḋe: nó go ḃfágṫar siḃ mar ṁáolán ar ṁullaċ an tsléiḃe, aṁuil brataċ ar ċnoc.

18 ¶ Giḋeaḋ fuirḟeiṫṁiġ an TIĠEARNA, ré ḃeiṫ grásaṁuil daóiḃ, agus áirdeoċṫar uimesin é, ċor go ndéana sé trócaire oruiḃ: óir is Día breiṫeaṁnuis an TIĠEARNA: is beannuiġ an ṁéid ḟuirḟeiṫfios air.

19 Oír áitreoḃuid na daóine a Sion ann Ierusalem: ní ġuilfiḋ tú ní sa ṁó: biáiḋ sé ro ġrásaṁuil duit ar ccluinnsion ġoṫa héiġiṁ; a nuáir do ċluinnfiḋ sé sin, freagorniḋ sé ṫú.

20 Agus mátá go ttaḃair an TIĠEARNA arán na haindeisi ḋaóiḃsi, agus uisge an smaċduiġṫe, giḋeaḋ ní háṫroċṫar do luċt teagaisg a ccoirnéul ní as mó, aċd ċífid do ṡúile do luċt teagaisg:

21 Agus do cluinfid do ċlúasa focal táoḃ ṡíar ḋíot, ḋá ráḋ, Sí so an tsliġe, siuḃluiġiḋ innte, a nuáir ḟillfiḋe ar an láiṁ ḋeis, agus a nuáir ḟillfiḋe ar an láiṁ ċlé.

22 Truaillfiġṫí fós folaċ híoṁáiġeaḋ greanta dairgiod, agus córuġaḋ híoṁáiġeaḋ leaġṫa dór: teilgfiḋ tú uáit íad aṁail éadaċ salaċ; a déara tú ris, Imṫiġ as so.

23 Annsin do ḃéara sé fearṫuinn do ṡíl, le a siolċuirfe tú ṫfearann; agus arán do ḃiseaċ na talṁan, agus biáiḋ sé méiṫ agus tóirṫeaċ: annsa lósin inġeiltfiḋ háirnéis a maċairiġiḃ fairsinge.

24 Na daiṁ fós agus na hassail óga noċ ṫreaḃus an fearann íosuid beaṫa ġlan, noċ do cáiṫeaḋ leis a tslúasaid agus leis a ccriaṫar.

25 Agus biáiḋ ar gáċ uile ṡlíaḃ árd, agus ar gaċ cnoc árd, sroṫa agus caiseaḋa uisgeaḋ a ló a náir ṁóir, a nuair ṫuitfid na tuir.

26 Tuilleaṁ oile biáiḋ solus na gealuiḋe mar ṡolus na gréine, agus biáiḋ solus na gréine seaċd‐nuiread, mar ṡolus ṡeaċd lá, annsa ló a gceangoluiḋ an TIĠEARNA súas briseaḋ a ṗobail, agus leiġisfiḋ buille a ċneiḋe.

27 ¶ Féuċ, ṫig ainm an TIĠEARNA ó imċéine, ag loscaḋ le na ḟeirg, agus is trom a úalaċsin: ataid a ṗuisíniġe lán dfeirg, agus a ṫeanga aṁuil teine loisgniġe:

28 Agus roiċfiḋ a anál, aṁuil tuile, tar ḃrúaċ go lár an ṁuinéil, do ċríaṫraḋ na ccineaḋaċ lé críaṫar an díoṁaóinis: agus biáiḋ srían a ngíalluiḃ an ṗobal, dá ṫaḃairt orra seaċrán do ḋéanaṁ.

29 Biáiḋ caintic, aṁuil annsa noiḋċe a núair náoṁṫar an tsollamoin; agus gáirdeaċus croiḋe, aṁail mar ṫéid duine le píob do ḋul ar ṡlíaḃ an TIĠEARNA, go Háon cuṁaċdaċ Israel.

30 Agus do ḃéara an TIĠEARNA fa deara a ġuṫ glórmar do ċluinsion, agus foillseoċuiḋ sé tuirling a láiṁe a núas, maille re dioġaltas a ḟeirge, agus lé lasair ṫeineaḋ scriosta, maille re sgabaḋ, lé hanfa, agus lé cloiċṡneaċda.

31 Oír is tré ġuṫ an TIĠEARNA ḃuáilfiġear an Tassírianaċ síos, noċ do ḃuáil lé slait.

32 Agus biáiḋ gaċ imṫeaċd na slaite seasṁuiġ, noċ leagfas an TIĠEARNA air, maille re tiompanuiḃ agus re cláirseaċaiḃ: agus a ccaṫaiḃ crioṫnuigṫe ṫroidfios sé leis.

33 Oír do hórduiġeaḋ Toṗet ón tseanaimsir; iseaḋ, don ríġ fós do hullṁuiġeaḋ é; do rinne sé doṁuin agus leaṫan é: sé a ċárn sin teine agus iomad connaiḋ: lasaiḋ anál an TIĠEARNA é, aṁuil sruṫ ruiḃe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ