Isaiah 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII. Ualaċ agus milleaḋ na Hetiopia. 1 Aṁairg don tír atá ag folaċ lé sciaṫánuiḃ, noċ atá taóiḃ ṫall daḃuinn na Hétiópia: 2 Noċ ċuireas teaċda úaṫa ar an ḃfairge, eaḋon a soiġṫiġiḃ buigṡiḃne ar na huisgeaḋuiḃ, ġa ráḋ, Imṫiġiḋ, a ṫeaċta lúaṫa, go cineaḋ sreaṫnuiġṫe agus lomṫa, ċum daóine úaṫḃásaċ óna ttosaċ go ttí so; cineaḋ ar na ttoṁus amaċ agus ar na saltairt síos, ar ṁilleadar na haiḃne a ḃfearann! 3 Féuċuiḋsi uile, a áitreaḃṫaċa an tsáoġail, agus a ċoṁnuiġṫeaċa na talṁan, a nuáir ṫoigfios sé brataċ súas ar na sléiḃtiḃ; agus a nuáir ṡéidfios sé a stoc, éistiġsi. 4 Oir is marsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Glacfa mé mo ṡuáiṁneas, agus measfa mé ann máit ċoṁnuiġe aṁuil teas glan ar luiḃionnuiḃ, agus aṁuil néul drúċda a tteas a nfoġṁair. 5 Oír roiṁe an ḃfoġṁar, a nuáir is abaiḋ an fás, agus abuiḋeas an ċáor ṡearḃ annsa mbláṫ, géarrfuiḋ sé amaċ aráon na slaitíne le corránuiḃ béarrṫa, agus béaruiḋ sé leis agus géarrfuiḋ síos na beangáin. 6 Fúigfiḋṫear lé ċéile íad ag éanlaiṫ na slíaḃ, agus ag beaṫuiġiḃ na talṁan: agus saiṁreoċuid a néanlaiṫ orra, agus geiṁreoċuid uile ḃeaṫuige na talṁan orra. 7 ¶ Annsa namsin béarṫar tioḋlacaḋ ċum TIĠEARNA na slóġ ó ṗobal ar na scaóileaḋ ó ċéile agus ar na lomaḋ, agus ó ṗobal úaṫḃásaċ ó na ttosaċ gus a nois; pobal ar na scaraḋ amaċ agus do saltraḋ faói ċois, ar ṁilleadar na haiḃne a ḃfearann, go nuige áit anma TIĠEARNA na slóġ, slíaḃ Síon. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society