Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

II Samuel 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XX. Ceannairce Ṡeba. 4 Do ṁarḃ Ioab Amasa. 16 Tugaḋ an ceann do Ṡeba.

1 Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.

2 Mar sin do ċuáiḋ gaċ éanduine Disrael súas ó ḃeiṫ a ndiáiġ Ḋáiḃi, agus do leanadar Séba ṁac Biċrí: aċt do ċeangladar muinntír Iúdah ré na ríġ, ó Iordan air fad go Hierusalem.

3 ¶ Agus ṫáiníc Dáiḃi ḋa ṫiġ ann Ierusalem; agus do ġlac Dáiḃi an deiċneaṁar ban a leannáin, noċ dfág sé ag cuṁdaċ án tiġe, agus do ċuir a bpriosún íad, agus do ḃeaṫuiġ íad, aċd níor luiġ sé léo. Mar sin do ḃádar fá íaḋaḋ go ló a mbáis, béo a mbaintreaḃaċus.

4 ¶ Ann sin á duḃairt an ríġ re Amasa, Cruinniġ ċugamsa fir Iúdah faói ċeann trí lá, agus bí féin annso a laṫair.

5 Mar sin do ċuáiḋ Amasa do ċruinniuġaḋ ḟear Iúdah: aċd dfan sé níos faide ná an tam cinnte dórduiġ seision dó.

6 Agus a duḃairt Dáiḃi ré Abisai, A nois do ḋéana Seba ṁac Biċri niosmó do ḋoċar ḋúinn nó do rinne Absolon: beir leaċd ṫusa mumntir do ṫíġearna, agus lean é, deagla go ḃfuiġeaḋ sé caiṫreaċa daingne ḋó féin, agus go nimṫeoċaiḋ mar sin uáinn.

7 Agus do ċuáiḋ muinntir Ióab amaċ ná ḋiáiġsion, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitíġ, agus na fir ċurata uile: agus do ċúadar a maċ as Ierusalem, do ṫóruiġeaċd a ndiaiġ Ṡéba ṁic Biċri.

8 A nuáir do ḃádar ag an ccloiċ ṁóir atá ag Gibeon, do ċúaiḋ Amasa rompa. Agus do ḃí Ióab criosluiġe re na ċulaiḋ do ċuir sé uime, agus air sin crios maille le cloiḋeaṁ ceangailte ar a ṡlíastaiḃ iona ṫruáill; agus ag dul amaċ ḋó do ṫuit sé as.

9 Agus a duḃairt Ióab re Amasa, An ḃfuil tú slán, a ḋearḃraṫair? Agus do ġlac Ióab Amasa ar ḟéasóig iona laíṁ ḋeis do ṫaḃairt póige ḋó.

10 Aċt ní ṫug Amasa aire don ċloiḋeaṁ do ḃí a láiṁ Ióab: mar sin do ḃuáil sé é don ċloiḋeaṁ an sa ccuigeáḋ ásna, agus do leíg sé a inniġe amaċ fán ttalaṁ, agus níor ḃuail sé a rís é; agus fúair sé bás. Marsin do lean Ioab agus Abisai a ḋearḃraṫair a a ndiáiġ Ṡéba ṁic Biċri.

11 Agus do ṡeas duine do ṁuinntir Ióab láiṁ ris, agus a duḃairt, An té ler bionṁuin Ióab, agus an té atá ar son Ḋaiḃi, éirġioḋ sé a ndiáiġ Ioab.

12 Agus do ḃí Amasa ḋá ḋúnfuirt a ḃfuil a lár na sliġeaḋ móire. Agus a nuáir do ċonnairc an tóglaċ gur ḟanadar cáċ uile na seasaṁ, do áṫarruiġ sé Amasá as a tsliġe ṁóir a steaċ ansa maċaire, agus do ṫeilg éadaċ ṫairis, a núair do ċonnairc sé go ḃfanaḋ gaċ éanduine dá ttigeaḋ go nuige é na ṡeasaṁ.

13 A núair do haṫarruiġeaḋ é don tsliġe ṁóir, do ġluáisiodar an pobal uile a ndiáiġ Ioab do ṫóruiġeaċd a ndiáiġ Ṡéba ṁic Biċri.

14 ¶ Agus do ċuáiḋ sé tré ṫreaḃuiḃ Israel uile go Habel, agus go Betmaaċah, agus na Beritiġ uile: agus dó ċruinniġeadar a ccionn a céile, agus do leanadar eision,

15 Agus tangadar agus do ċampuiġeadar na aġaiḋ ann Abel Ḃetmaaċah, agus do ṫeilgeadar claḋ súas a naġaiḋ na caiṫreaċ, do ṡeas ansa trinnse: agus do ḃriseadar a raiḃ do ḋaóiniḃ a ḃfoċair Ióab an balla, ḋá ṫeilgion síos.

16 ¶ Ann sin do eíġ bean ċríonna amaċ as an gcaṫruiġ, Eístiġ, eistiġ; guiḋim siḃ, abruiḋ ré Ióab, Tarr a leiṫ, go laḃra misi riot.

17 Agus a nuáir ṫáinig sé laíṁ ría, a dúḃairt an ḃean, An tú Ióab? Agus do ḟreagair seision, as mé. Ann sin a duḃairt si ris, Eist bríaṫra do ḃanóglaiċ. Agus do ḟreagair seision, eísdiem.

18 Ann sin do laḃair sí, ḋá raḋ, Do buḋ gnáṫ leó laḃairt a nallód, ġa ráḋ, Go deiṁin íarrfuid síad coṁairle ar Abel: agus mar sin do ċríoċnuiġeadar an ċúis.

19 Is áon misi don droing atá síoṫċánta agus firinneaċ a Nísrael: atá tusa ag íarruiḋ caiṫreaċ do ṁilleaḋ agus fós príoṁċaṫair a Nísrael: cred fá sluícfeá suás oiġreaċd an TIĠEARNA?

20 Agus do ḟreagair Ióab, agus a duḃairt, Go maḋ fada, go maḋ fada sin uaimsi, go sluicfin súas nó go millfinn í.

21 Ni mar sin atá an ċúis, aċ duine ó ṡlíaḃ Eṗraim, dar bainm Séba ṁac Biċri, noċ do ṫóg súas a láṁ a naġaiḋ an ríġ, eaḋon a naġaiḋ Ḋáiḃi: seaċaduiġ eision aṁáin, agus imṫeoċuiġ mísi ón ċaṫruiġ. Agus a duḃairt an ḃean re Ioab, Féuċ, teilgfiġear a ċeann ċugad tar an mballa.

22 Ann sin do ċúaiḋ an ḃean mar a raiḃ an pobal uile iona gliocus. Agus do ḃeanadar a ċéann do Ṡéba ṁac Biċri, agus do ṫeilgeadar amaċ ċum Ióab é. Agus do ṡéid seision stoc, agus dfilleadar ón ċaṫruiġ gaċ éanduine ḋá ṫiġ féin. Agus dfill Ióab go Hierusalem ċum an ríġ.

23 ¶ Anois do ḃí Ióab ós cionn ṡlóiġ Israel uile, agus Benaiah mac Iehoiada ós cionn na Ċeretiteaċ agus ós cionn na Bpeletíteaċ:

24 Agus do ḃí Adoram ós cionn an ċíosa: agus Iehosaṗat mac Ahilud na ċuiṁniġṫeóir:

25 Agus Séba na scriḃnéoir: agus Sádoc agus Abíatar na sagartuiḃ.

26 Agus do ḃí Ira mar an gcéadna an Iairiteaċ na ṗríoṁ‐uaċdarán timċioll Ḋáiḃi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ