Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

II Samuel 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Do ċáoin Daiḃi Absolon. 18 Tug sé maiṫeaṁnas dá eascairdiḃ. 32 Agus noċd a ḋeaġ‐ġean dá ċairdiḃ.

1 Agus do hinnseaḋ do Ióab, Féuċ, atá an ríġ ag gul agus ag caoineaḋ fa Absolon.

2 Agus do hiompoiġeaḋ an ḃuáiḋ an lásin a gcuṁaiḋ don ṗobal uile: óir do ċúaladar an pobal do ráḋ an lá sin, cionnus do ḃí an ríġ dóilġíosaċ fa na ṁac.

3 Agus go éalóiġeadar na daóine an lá sin don ċaṫruiġ, mar do níd daoine ar a mbí náire agus éalóiġios a núair do ṫeiṫfidís a ccaṫ.

4 Aċt dfoluíġ an ríġ a aġaiḋ, agus do ċoṁairc an ríġ lé guṫ árd, O a ṁic Absolon, ó Absolon, a ṁic, a ṁic!

5 Agus ṫáinic Ióab don tiġ ċum an ríġ, agus a duḃairt sé, Ṫug tú náire a niuġ daiġṫiḃ na serḃíseaċ uile, noċ do ċuṁdaiġ hanum a niuġ, agus anmanna do ṁac agus hinġean, agus anmanna do ḃan, agus anmanna do leannán;

6 Do ċionn gur bionṁuin leaċd do náṁuid, agus gur fúaṫ leaċd do ċaruid. Oir do ḟoillsiġ tú a niuġ naċ ḃfuil suim agad ar ṗrionnsaḋuíḃ nó ar ṡerḃíseaċaiḃ: aiṫniġim a niuġ, dá mbeiṫ Absolon béo, agus sinne uile marḃ a niuġ, go mbiaḋ sin go maiṫ ann do raḋarcsa.

7 Anois ar a naḋḃarsin éiriġ, agus imṫiġ amaċ, agus laḃair red ṁuínntir go sólasaċ: óir do ḃeírimsi an TIĠEARNA mar ṁionnaiḃ, muna ndeaċuiḋ tú amaċ, náċ ḃfanfuiḋ duine agad a noċd: agus buḋ measa ḋuit sin na ar éiriġ dulc ḋuit ód óige gus a nois.

8 Annsin déiriġ an ríġ agus do ṡuiġ annsa ġeata. Agus dinnsiodar don ṗobal, ḋa ráḋ, Féuċ, atá an ríġ na ṡuiḋe san ġeata. Agus ṫáinic an pobal uile a ḃfiaḋnuise an ríġ: óir do ṫeiṫ Israel uile gaċ áon da lóistín féin.

9 ¶ Agus do ḃí an pobal uile a nimreasain ar feaḋ ṫreaḃ Israel uile, ḋá ráḋ, Do ċuṁduiġ an ríġ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad, agus do ṡáor sinn ó láṁuiḃ na Ḃṗilístineaċ; agus a nois do ṫeiṫ sé as a ttír roiṁe Absolon.

10 Agus Absolon, noċ dungamar ós ar ccionn, do marḃaḋ a ccaṫ é. Anois uime sin cred fa naċ laḃarṫaoi focal do ṫaḃairt an ríġ ar ais?

11 ¶ Agus do ċuir Dáiḃi ríġ fios go Sadoc agus go Abiatar na sagairt, ḋa ráḋ, Laḃruiḋ ré seanuiḃ Iúdah, ḋa raḋ, Creád fa ḃfuiltíse air deireaḋ do ḃreiṫ an ríġ air ais da ṫiġ? ó ṫáinic coṁráḋ Israel uile go nuíge an ríġ ḋa ṫiġ.

12 As siḃse mo ḋearḃráiṫre, as síḃ mo ċnaṁa agus mfeóil: air a naḋḃarsin cred uime gur siḃ as deiġeanuiġ do ṫaḃairt an ríġ ar ais?

13 Agus abruiḋ ré Amasa, naċ dom ċnáiṁ, agus dom ḟeóilse ṫusa? Go ndéarna Día sin, agus fós níos mó rinmsa, muna raiḃ tusa ad ċaiptín an tslóiġ agamsa ċoiḋċe a náit Ióab.

14 Agus dó ċlácn sé croiḋṫe ṁuinntire Iúdah uíle, mar ċroiḋe éainḟir; iondus gur ċuireadar an focalsa ċum an ríġ, Fill féin, agus do ṁuinntir uile.

15 Marsin dfill an ríġ, agus ṫáinic go Iordan. Agus ṫáinic Iudah go Gilgal, dimṫeaċd a ccoinne an ríġ, da ṫaḃairt tar Iordan.

16 ¶ Agus do luáṫaiḋ Simei ṁac, Gera air, Beniamiteaċ, noċ do ḃí do Ḃahurim, agus ṫáinic a núas le muinntir Iúdah a ccoinne Ḋáiḃi ríġ.

17 Agus do ḃí míle fear do Ḃeníamin na ḟoċair, agus Síba óglaċ tiġé Ṡauil, agus a ċúig mic déug agus fiṫċe serḃíseaċ na ḟoċair; agus do ċúadar tar Iordan roiṁe an ríġ.

18 Agus do ċúaiḋ bád do ṫaḃairt ṁuinntire an ríġ ṫairis, agus do ḋéanaṁ mar buḋ toil leis. Agus do ṫuit Símei ṁac Géra siós a ḃfíaḋnuise an ríġ, ag teaċd a nall dó ṫar Iordan.

19 Agus a duḃairt ris an ríġ, Ná cuireaḋ mo ṫiġearna éigceart am leiṫsi, agus ná cuiṁniġ an ní do rínne do ṡerḃiseaċ go hainndliġeaċ an lá do ċuáiḋ mo ṫiġearna an ríġ as Ierusalem, as a ngéuḃaḋ an ríġ ċuige ann a ċroiḋe é.

20 Oír atá a ḟios ag do ṡerḃiseaċ gur ṗeacaiḋ mé: uime sin, féuċ, gur mé an céad duine ṫig a núas do ṫiġ Ióseṗ do ṫeagṁáil ris an ríġ mo ṫiġearna.

21 Aċt do ḟreagair Abisai mac Seruiah agus a duḃairt, Naċ ccuirfiġear Símei ċum baís ṫríd so, do ċionn gur ṁalluiġ sé ungṫaċ an TIĠEARNA?

22 Agus a duḃairt Dáiḃi, Créd ta agamsa re deanaṁ riḃse, a ċlann Ṡeruiah, go mbiaḋ siḃ a niuġ ag cur am aġaiḋ? an gcuirfiġear éanduine ċum báis a niuġ a Nisrael? óir naċ ḃfuil a ḟios agumsa go ḃfuilim féin a niuġ am ríġ ós cionn Israel?

23 Ar a naḋḃarsin a dúḃairt an ríġ re Simei, Ní muirfiġear ṫú. Agus ṫug an ríġ a ṁíonna ḋó.

24 ¶ Agus ṫáinic Meṗibóset mac Sauil a núas a ccoinne an ríġ, agus níor ḋeasuiġ a ċosa, agus níor ḃfearr a ḟeasóg, agus níor niġ a éadaċ, ón ló far imṫiġ an ríġ gus an lá fá ttáinic a síoṫċáin.

25 Agus tárla, a núair ṫáinic sé go Hierusalem a ccóinne an ríġ, go nduḃairt an ríġ ris, Cred fa naċ deaċaiḋ tusa liomsa, a Ṁeṗibóset?

26 Agus do ḟreagair seision, A ṫiġearna, a ríġ, do ṁeall mo ṡerḃiseaċ mé: óir a duḃairt do ṡerḃíseaċ, Cuirfead díalláoid ar assal daṁ, go ndeaċad ar a ṁuin, agus raċaiḋ mé gus an ríġ; do ċionn go ḃfuil do ṡerḃíseaċ bacaċ.

27 Agus do scannluiḋ sé do ṡerḃíseaċ rem ṫiġearna an ríġ; aċd atá mo ṫiġearna an ríġ aṁuil aingeal o Ḋía: déana ar a naḋḃarsin an ní is féarr do ċítear ḋuit.

28 Oir ní raiḃ do ṫiġ maṫarsa uile aċd daóine marḃa a ḃfiaḋnuise mo ṫiġearna an ríġ: giḋeaḋ do ċuir tusa do ṡerḃiseaċ a measc na ndaóine do ṡuiḋeaḋ ar do ḃórd féin. Créd an ceart atá agam ṫairis sin gairm níos mó ar an ríġ?

29 Agus a duḃairt an ríġ ris, Créd fá laḃránn tú níos mó ar do ċúisiḃ? A duḃairt misi, Roinn féin agus Síba an fearann

30 Agus a duḃairt Meṗibóset ris an ríġ, Glacaḋ sé íomurro an tiomlán, ó ṫáinic mo ṫiġearna an ríġ a rís a síoṫċáin da ṫiġ féin.

31 ¶ Agus ṫáinic Barsillaí an Gileadíteaċ núas ó Rogelim, agus do ċuáiḋ tar Iordan leis an ríġ, dá ṡéolaḋ tar Iordan.

32 Anois do ḃí Barsillai ná ḋuine ro áosta, ceiṫre fiṫċid blíaḋan daóis: agus a sé do ġléus lónn don ríġ an fad do ḃí a Mahanaim; óir ba ro ṁór an duine é.

33 Agus a duḃáirt an ríġ ré Barsillai, Tárr sa liomsa a nonn, agus beaṫoċuiḋ misi ṫú am ḟoċair féin ann Iérusalem.

34 Agus a duḃairt Barsillai ris an ríġ, Cá fad atá agumsa ré marṫuinn, as a raċuinn súas leis an ríġ go Hierusalem?

35 Atáim a niuġ ceíṫre fiṫċid blíaḋan dáois: agus a naiṫniġim eidir olc agus ṁaiṫ? an ḃféudann do ṡerḃíseaċ a ḃlasaḋ cred iṫeas nó cred iḃios? an ḃféuduim feasda guṫ ḟeár no ban cantaireaċd do ċlos? uime sin cred fa mbeiṫ do ṡerḃíseaċ na eire ar mo ṫiġearna an ríġ?

36 Raċaiḋ do ṡerḃíseaċ tamall beag anonn tar Iordan leis an ríġ: agus cred fá ccúiteoċaḋ an ríġ sin rióm le na leiṫeid sin do luáiḋeaċd?

37 Fílleaḋ do ṡerḃíseaċ, guíḋim ṫú, go ḃtuiġe mé bás am ċaṫair féin, agus go naḋlaicṫear mé a nuaiḋ maṫar agus mo ṁaṫar. Aċd féuċ do ṡerḃíseaċ Ċimam; eirġeaḋ sé anonn lé mo ṫiġearna an ríġ; agus déana ris mar do ċiṫear ḋuit féin.

38 Agus do ḟreagair an ríġ, Raċaiḋ Ċimam liom anonn, agus do ḋéana mé ris an ní is maiṫ leaċdsa: agus giḋ bé ní íarrfus tú orum, do ḋéana mé sin ar do ṡon.

39 Agus do ċúadar an pobal uile anonn tar Iordan. Agus a nuáir ṫáinic an ríġ a nail, do ṗóg an ríġ Barsillai, agus do ḃeannuiġ é; agus dfill sé ḋá áit féin.

40 Ann sin do ċuáiḋ an ríġ roiṁe go Gilgal, agus do ċuáiḋ Ċimam leis: agus do ṡéoladar muinntir Iudah uile an ríġ, agus fós leaṫ ṗobail Israel.

41 ¶ Agus, féuċ, ṫangadar muinntir Israel uile gus an ríġ, agus a duḃradar rís an ríġ, Créd fár ġadadar ar ndearḃraiṫre fir Iúdah ṫusa léo, agus fa ttugadar an riġ, agus a ṫeaġlaċ, agus muinntir Ḋáiḃi uile léo, tar Iordan?

42 Agus do ḟreagradar fir Iúdah uile fir Israel, Do ċionn go ḃfuil an ríġ a ngáol fogus dúmn: cred uimesin fa mbiaṫ fearg oruiḃsi fa naḋḃarsin? a ndúamar air éanċor do ċostús an ríġ? nó an ttug sé tioḋlaċaḋ ar biṫ ḋúinn?

43 Agus do ḟréagradar tir Israel fir Iúdah, agus a duḃradar, Atá deiċ ccuid aguinne ann sa riġ, agus atá níos mó do ċeart fós aguinn a Ndáiḃi ná atá aguiḃsi: uimesin cred far ṫarcuisniġeaḃair sinn, naċ iarrfuiġ ar ccoṁairle ar ttús do ṫaḃairt an ríġ ar ais? Agus bá fíoċṁuire bríaṫra ḟear Iúdah ná bríaṫra ḟear Israel.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ