II Samuel 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Do ṫionnscain Absolon ar an ríġeaċd do ġaḃail ó a áṫár. 13 Do ṫeiċ Dáiḃí uaḋ. 1 Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ġléus Absolon carbuid ḋo féin agus eiċ, agus cáogad fear do rioṫ roiṁe. 2 Agus déirġeaḋ Absolon súas go moċ, agus do ṡeasaḋ láiṁ ré sliġe an ġeata: agus is aṁluiḋ ḃí, gaċ duine agá mbíoḋ aḋḃar imreasuin a núair do ṫigeaḋ ċum an ríġ dfaġáil breiṫeaṁnuis, annsin do ġoireaḋ Absolon air, agus a deirioḋ sé, Cía an ċaṫair dar di ṫusa? agus a deirioḋ seision, Is do ṫreaḃaiḃ Israel do ṡerḃíseaċ. 3 Agus deireaḋ Absolon ris, Féuċ, atáid do ċúisionna go maiṫ ceart; aċd ní ḃfuil éanduine ar na órduġaḋ on ríġ dá ḃur néisdeaċd. 4 Deireaḋ Absolon ṫairis sin, Oh naċ déarnaḋ breiṫeaṁ ḋíomsa annsa tír, ċor go ḃféadfaḋ gaċ duine agá mbíaḋ cúis no aḋḃar teaċd ċugam, do ḋéanuinn ceart ḋó! 5 Agus is aṁluiḋ do ḃíoḋ, a nuáir do ṫigeaḋ éanduine na ġoire do ḋéanaṁ uṁla ḋó, go ccuireaḋ a laṁ amaċ, agus go mbeireaḋ air, agus go ttugaḋ póg ḋó. 6 Agus ar an moḋso do níoḋ Absolon ré Hisrael uile noċ ṫigeaḋ ċum an ríġ dfaġáil breiṫeaṁnuis: mar sin do ġoid Absolon croiḋṫe ḟear Israel. 7 ¶ Agus tárla a ndiaiġ ḋá ḟíṫċiod blíaḋan, go nduḃairt Absolon ris an ríġ, Guiḋim ṫú, taḃaír ḋaṁ cead dul do ḋíol mo ṁóide, ṫug mé don TIĠEARNA, ann Hébron. 8 Oír ṫug do ṡearḃḟoġantuiġ móid a nuáir do ḃí mé am ċoṁnuiġ a Ngésur a Síria, ġa ráḋ, Má ḃeirionn an TIĠEARNA mé go dearḃṫa a rís go Hierusalem, ann sin do ḋéana mé serḃís don TIĠEARNA. 9 Agus a duḃairt an ríġ ris, Imṫiġ a síoṫċáin. Annsin déiriġ sé, agus do ċuáiḋ sé go Hébron. 10 ¶ Aċ do ċuir Absolon luċd braṫa ar feaḋ ṫreaḃ Israel uile, ḋá ráḋ, Ar ball a ccluinfiḋe fuáim an stuic, annsin abruiḋ, Atá Absolon na ríġ ann Hébron. 11 Agus do ċuádar ḋá ċéud fear le Habsolon as Ierusalem, air ar goireaḋ; agus dimṫiġeadar ann a simpliḋeaċd, agus ní raiḃ fios éinneiṫe aca. 12 Agus do ċuir Absolom fios ar Aċitoṗel an Giloníteaċ, coṁairleaċ Ḋáiḃi, óna ċaṫrúiġ féin, ó Ġiloh, ann feaḋ do ḃí ag déanaṁ ioḋbarṫa. Agus do ḃí an ċealg láidir; óir do ḃí an pobal ag méaduiġaḋ a ccoṁnuiġ ag Absolon. 13 ¶ Agus ṫáinic teaċdaire ċum Dáiḃi, ġa ráḋ, Atáid croiḋṫe ḟear Israel le Habsolon. 14 Agus a duḃairt Dáiḃi ré na ṡearḃḟoġantuiḃ uile do ḃí na ḟoċair ann Ierusalem, Eirgiḋe, agus teiṫiom; nó ní raċam as ar éanċor ó Absolon: déanuiḋ deiṫfir re himṫeaċd, deagla go mbéaraḋ sé oruinn go hobann, agus go dtiuḃra olc oruinn, agus go millfiḋ an ċaṫair lé faoḃar an ċloiḋiṁ. 15 Agus a duḃradar muinntir an ríġ ris an ríġ, Feuċ, úlṁuiġ ag so do ṡerḃisíġ ċum gaċ uile ni déaras mo ṫiġearna an ríġ. 16 Agus do ċuáíḋ an ríġ amaċ, agus muinntir a ṫiġe uile na ḋiáiġ. Agus dfág an ríġ deiċneaṁar ban, fá leannáin dó féin, do ċoiṁéad an tiġe. 17 Agus do ċuáiḋ an ríġ amaċ, agus cáċ uile na ḋiáiġ, agus dfan a náit do ḃí a ḃfad as sin. 18 Agus do ġaḃadar a ṡeirḃísiġ uile ṫairis láiṁ ris; agus na Ċerititiġ uile, agus na Peletítiġ uile, agus na Gititiġ uile, sé céud fear ṫáinic na ḋiáiġ ó Ġát, do ġluáisiodar rompa roiṁe an ríġ. 19 ¶ Ann sin a duḃairt an ríġ ré Ittai an Gititeaċ, Cred fa a ḃfuil tusa ag teaċd linne mar an gcéadna? fill dot áit féin, agus fan a ḃfoċair an ríġ: óir is coiṁiṫeaċ, agus is duine díobarṫa fós ṫú. 20 An tan naċ ttainic tú aċd a né, an ttiuḃruinnsi ort a niuġ gluasaċd linn síos agus súas? ó táimsi ag dul mar a ḃféaduím, fillse ar hais, agus béir do ḋearḃraiṫre ar a nais: go ráiḃ trócaire agus fírinne maille leaċd. 21 Agus do ḟreagair Ittai an ríġ, agus a duḃairt, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios mo ṫiġearna an ríġ, giḋ bé áit a mbía mo ṫiġearna an ríġ, más a mbás nó a mbeaṫuiġ, is ann ḃias do ṡearḃḟoġantuiġ mar an gcéadna. 22 Agus a duḃairt Dáiḃi ré Ittai, Imṫiġ agus éiriġ ṫairis anonn. Agus do ċuáiḋ Ittai an Gititeaċ ṫairis anonn, agus a ṁuinntir uile, agus a ḋaóine beaga uile do ḃí na ḟoċair. 23 Agus do ġuil an tír uile do ġuṫ árd, agus do ċúadar an pobal uile ṫairis anonn: agus do ċuáiḋ an ríġ féin ṫar a naḃuinn Cedron, agus do ċúadar cáċ uile ṫairis a nonn, leaṫ re sliġe an nfasuiġ. 24 ¶ Agus féaċ do ḃí Sádoc fós, agus na Leḃítiġ uile na ḟoċair, ag iomċar airce ċunarṫa Dé: agus do léigeadar airc Dé ar lár; agus do ċuáiḋ Abiatar súas, nó go ttáinic lé cáċ uile dul amaċ as an gcaṫruiġ. 25 Agus a duḃairt an ríġ re Sádoc, Beir ar a hais aírc Dé don ċaṫruiġ: má ġeiḃimsi grása a raḋarc an TIĠEARNA, do ḃéara sé leis a rís mé, agus taisbeanfuiḋe sé ḋaṁ í, agus a áit ċoṁnuiġ: 26 Aċ ma deir sé mar so, Ní ḃfuil dúil ar biṫ agum ionnad; féuċ, atáimsi annso, déanaḋ sé liom mar is áill leis féin. 27 A duḃairt an ríġ mar an gcéadna re Sádoc an sagart, Naċ fear fise ṫúsa? fill don ċaṫruiġ a sioṫċáin, agus do ḋías mac ad ḟoċair, Ahimaas do ṁac féin, agus Ionatan ṁac Abiatar. 28 Féuċ, fanfa misi a réiteaċ an nfásaiġ, nó go mbeirid scéula dearḃṫa úaitsí orum. 29 Rug Sádoc ar a naḋḃarsin agus Abiatar aírc Dé a rís go Hierusalem: agus dfanadar annsin. 30 ¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi suas lé hárd ṡleiḃe na nolaḋ, agus do ġuil sé ag dul súas, agus do ḃí a ċeann a ḃfolaċ, agus é ag imṫeaċd cosnoċd: agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḟoċair dfoluiġ gaċ áon aca a ċeann, agus do ċúadar suas, ag gul ag dul súas dóiḃ. 31 ¶ Agus dinnis duine do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Atá Aċitoṗel a measg na ndróiċṫionnsgantaċ a ḃfoċair Absolon. Agus a duḃairt Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, iompóiġ coṁairle Aċitoṗel a namadánaċd. 32 ¶ Agus tárla, a núair ṫáinic Dáiḃi go mullaċ an tsléiḃe, mar a ndéarna se aḋra do Ḋía, féaċ, ṫáinic Ċúsai an Tarċíteaċ na ċoinne re na ċóta briste, agus cré ar a ċeann: 33 Le a nduḃairt Dáiḃi, Má gluaisionn tú liomsa, annsin bu húalaċ ḋaṁ ṫú: 34 Aċt má ḟilleann tú don ċaṫruiġ, agus a raḋ re Habsolon, Biáiḋ mé am ṡearḃḟoġantuiġ agadsa, a ríġ; mar do ḃí mé am ṡearḃḟoġantuiġ ag haṫair go ttí so, mar sin ḃías mé mar an gcéadna am ṡearḃḟoġantuiġ agadsa: annsin féadfuiḋ tú coṁairle Aċitoṗel do ċur ar neiṁní ar mo ṡonsa. 35 Agus naċ ḃfuil annsin Sadoc ad ḟoċair agus Abiatar na sagairt? uimesin go maḋ haṁluiḋ ḃías, gaċ uile ní dá gccluinfe tú amaċ as tiġ an ríġ, inneosa tú é do Ṡádoc agus do Abiatar na sagairt. 36 Féuċ atá na ḃfoċair annsin a ndias mac, Ahimaas mac Sadoc, agus Ionatan mac Abiatar; agus leó sin ċuirfe siḃ ċugamsa gaċ éinní dá ccluinfe siḃ. 37 Mar sin ṫainic Ċusai caruid Ḋáiḃi don ċaṫruiġ, agus ṫáinic Absolon go Hierusalem. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society