Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

II Samuel 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Tuisleaḋ Ḋaiḃí a naḋaltrannas, 14 an ndunmarḃaḋ.

1 Agus tárla, tar eis na blíaḋna do ċaiṫeaḋ, fa nam a ttéid ríġṫe amaċ ċum caṫa, gur ċuir Dáiḃi Ióab, agus a ṡerḃísiġ leis, agus Israel uile amaċ; agus do scriosadar clann Ammon, agus do ṡuiġeadar timċioll Rabbah. Aċ dfán Dáiḃi ann Ierusalem.

2 ¶ Agus tárla a naimsir an traṫnoná, gur éiriġ Dáiḃi as a leabuiḋ, agus go raiḃ ag spaisdeóraċd an úaċdar ṫiġe an ríġ: agus ó ṁullaċ an tiġe do ċonairc sé bean ḋá niġe féin; agus do ḃí an ḃean roscíaṁaċ re féaċuinn uirre.

3 Agus do ċuir Dáiḃi fios, agus dfíasruiġ a ndiáiġ na mná. Agus a duḃairt neaċ áiriġ, Naċ í so Batséba, inġean Elam, bean Uriah an Hititeaċ?

4 Agus do ċuir Dáiḃi teaċda uaḋ, agus tugaḋ ċuige í; agus ṫaínic sí a steaċ ċuige, agus do luiḋ sé lé; oir do ḃí sí ar na glanaḋ ó na neaṁġlaine: agus dfill sí ḋá tiġ féin.

5 ¶ Agus do toirrċeaḋ an ḃean, agus do ċuir sí scéala uáiṫe agus dinnis do Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Atáim torraċ.

6 Agus do ċuir Dáiḃi scéala uaḋ go Ióab, ġá raḋ, Cuir ċugam Uriah an Hititeaċ. Agus do ċuir Ióab Uriah go Dáiḃi.

7 Agus a núair ṫáinic Uriah ċuige, dfíafruiġ Dáiḃi ḋe cionnus do ḃí Ióab, agus cionnus do ḃí an pobal, agus cionnus do ċuáiḋ an cogaḋ ar aġaiḋ?

8 Agus a duḃairt Dáiḃi ré Huriah, Imṫiġ síos dot ṫiġ, agus ionnuil do ċosa. Agus dimṫiġ Uriah as tiġ an ríġ, agus do cuireaḋ coṁroinn ḃíḋ na ḋiáiġ ón ríġ.

9 Aċ do ċoduil Uriah ag dorus ṫiġe an ríġ maráon re serḃíseaċaiḃ a ṫiġearna uile, agus ní ḋeaċaíḋ sé síos ḋa ṫiġ.

10 Agus a nuáir dinnsiodar do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Ní ḋeaċaiḋ Uriah síos ḋá ṫiġ, a duḃairt Dáiḃi re Huriah, Naċ dtáinic tú ód aistior? uime sin créd fa naċ deaċaiḋ tú síos dot ṫiġ?

11 Agus a duḃairt Uriah re Dáiḃi, Atá a náirc, agus Israel, agus Iúdah, a bpáilliúnuiḃ; agus atá mo ṫiġearna Ióab, agus serḃísiġ mo ṫiġearna, a ccampa ann sna maċairiḃ réiḋe; an raċa misi maseaḋ dom ṫiġféin, diṫe agus dol, agus do luiġe lem ṁnáoi? mar ṁairios tusa, agus mar is beó hanum, ní ḋéana misi an ní sin.

12 Agus a duḃairt Dáiḃi re Huriah, Fan annso a niuġ mar an gcéadna, agus leígfiḋ mé ḋuit imṫeaċd a máraċ. Mar sin dfan Uriah an Ierusalem an lá sin, agus ar na ṁáraċ.

13 Agus a nuáir do ġoír Dáiḃi air, duáiġ sé agus diḃ sé iona ḟíaḋnuise; agus do ċuir sé ar meisge é: agus tráṫnóna do ċuáiḋ amaċ do luiġ air a leabuiḋ a ḃfoċair ṡerḃiseaċ a ṫiġearna, agus ní ḋeaċaiḋ síos dá ṫiġ féin.

14 Agus tárla ar máidin, gur scríoḃ Dáiḃi litir ċum Ioab, agus do ċuir le láiṁ Uriah í.

15 Agus do scríoḃ sé annsa litir ġa ráḋ, Cuir Uriah a naġaiḋ an ċaṫa as láidre, agus filliḋ feín uaḋ, ċor go mbuáilfiġear, agus go muirfiġear é.

16 Agus tárla, a nuáir do ṁeas Ioab an ċaṫair, gur ḋíriġ sé Uriah ċum na háite ar ḃaiṫniḋ dó daóine gaisgeaṁla ḃeiṫ.

17 Agus do ċúadar muinntir na caiṫreaċ amaċ, agus do ṫroideadar re Ioab, agus do marḃaḋ cuid do ṁuinntir Ḋáiḃi; agus do ṫuit Uriah an Hitíteaċ mar an gcéadna.

18 ¶ An sin do ċuir Ióab scéula uáḋ, agus dinnis do Ḋáiḃi a ttáoḃ gaċ neiṫe don ċogaḋ;

19 Agus do aiṫin sé don teaċdaire, ḋa ráḋ, A nuáir ċríoċnoċus tú innisin scéul an ċogaiḋ don ríġ,

20 Agus dá tteagṁaḋ go néireoċaḋ fearg an ríġ, agus go naibéoraḋ sé riot, Cred fa ndeaċaḃair coṁḟogus sin don ċaṫruiġ a nuáir do ṫroideaḃair? naċ raiḃ a ḟios aguiḃ go gcaiṫfidís ón ḃallá?

21 Cía ḃuáil Abimeleċ ṁac Ierubbesċet? né naċ ar ċaiṫ bean cuid do ċloiċ ṁuilinn air ó nḃalla, iondus go ḃfuair sé bás ann Tebes? cred fá ndeaċaḃairsi a ngoire an ḃalla? ann sin abairsi, Déug do ṡearḃḟoġantuiġ Uriah an Hitíteaċ mar an gcéadna.

22 ¶ Mar sin dimṫiġ an teaċdaire, agus dinnis do Ḋáiḃi gáċ éinní ler ċuir Ioab é.

23 Agus a duḃairt an teaċdaire re Dáiḃi, Go deiṁin rugadar na daóine buáiḋ oruinn, agus ṫangadar amaċ oruinn san maċaire, agus do ḃámairne orrasan go nuige an geata.

24 Agus do ċaiṫeadar an luċd láṁuiġ do ṡerḃísiġ ó nḃalla; agus do marḃaḋ cuid do ṁuinntir an ríġ, agus déug hóglaċ Uríah an Hititeaċ mar an gcéadna.

25 Ann sin a duḃairt Dáiḃi ris an tteaċdaire, Mar so déara tú ré Ióab, Ná cuiréaḋ an ní si ort, óir marḃuiḋ an cloiḋeaṁ duine mar ḋuine oile: déana do ċaṫ nios láidre a naġaiḋ na caiṫreaċ, agus mill í: agus cuirse meisneaċ ann.

26 ¶ Agus mar do ċúaluiḋ bean Uriah gur éug Uriah a fear, do ċáoin sí ar son a fir.

27 Agus a nuair do scuir aimsir a cuṁa, do ċuir Dáiḃi fios uirre ċum a ṫiġe, agus do ḃí na mnaói aige, agus rug sí mac ḋó. Aċ do ṁíoṫaitín an ní do rinne Dáiḃi ris an TTIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ