Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

II Samuel 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Bréug an Amalecitiġ na agaiḋ féin. 17 Le caói Ḋaiḃi oscionn Ṡauil agus Ionatan.

1 Anois tárla tar éis ḃáis Ṡauil, a nuáir do ḟíll Dáiḃi ó ṁarḃaḋ na Namaleciteaċ, agus Dáiḃi ḋá lá na ċoṁnuiḋe ann Siclag;

2 Tárla a deirím an treas la, féuċ, go ttáinic duine ón ċampa ó Ṡaul agus a éadaċ brisde, agus cré ar a ċeann: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫáinic sé ċum Dáiḃi, gur ṫuit sé ċum talṁan, agus go ndéarna sé uṁlaċd.

3 Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Cáit as a ttáinic tusa? Agus a duḃairt seision ris, As campa Israel ṫáinic mé.

4 Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ciondas do ċúaiḋ an ċúis? Guiḋim ṫú, innis daṁ. Agus do ḟreagair seision, Gur ṫeiṫeadar cáċ as an gcaṫ, agus gur ṫuit agus gur marḃaḋ mórán don ṗobal; agus go raiḃ Saul agus Ionatan a ṁac marḃ mar an gcéadna.

5 Agus a duḃairt Dáiḃi ris a nógánaċ dinnis sin dó, Gá fios duitsi go ḃfuil Saul agus Ionatan a ṁac marḃ?

6 Agus a duḃairt an tógánaċ dinnis sin dó, Mar ṫárla ḋamsa do ċinneaṁuin ḃeiṫ ar ṡlíaḃ Gilboa, féuċ, do ḃí Saul na leaṫluiġe ar a ġaṫ; agus, féuċ, do leanadar na carbuid agus an marcṡlúaġ go géar na ḋiáiġ.

7 Agus a nuáir daṁairc sé na ḋiáiġ, do ċonnairc sé misi, agus do ġoir orum. Agus do ḟreagair misi, Atáim annso.

8 Agus a duḃairt seision leam, Cía ṫú? Agus do ḟreagair misi, Amaleciteaċ mé.

9 A duḃairt sé leam a rís, Guiḋim ṫú, seas ar mo ṁuin, agus marḃ mé: óir ṫáinic doirḃios orum, do ḃríġ go ḃfuil manum fós go hiomlán ionam.

10 Ann sin do ṡeas mé air, agus do ṁarḃ mé é, mar do ḃí a ḋeiṁin agum nar ḃféidir leis a ḃeiṫ béo tar éis é ṫuitim: agus do ġlac mé an ċoróin do ḃí air a ċeann, agus an bráisléad do ḃí fá na láiṁ, agus ṫug mé liom annso íad ċum mo ṫiġearna.

11 ¶ Ann sin do rug Dáiḃi greim ar a éadaċ, agus do réub sé íad; agus mar an gceádna an ṁéid daóine do ḃí na ḟoċair:

12 Agus do ċuṁadar, agus d ġuileadar, agus do ṫroisceadar go tráṫnóna, ar son Ṡauil, agus a ṁic Ionatan, agus ar son ṗobail an TIĠEARNA, agus ar son ṫiġe Israel; do ḃríġ gur ṫuiteadar leis an gcloiḋeaṁ.

13 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris a nógánaċ dinnis sin dó, Cá has duitsi? Agus do ḟreagair seision, mac coiṁṫiġiḋ Amalecitiġ mé.

14 Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ciondus naċ raiḃ eagla ort do láṁ ṡíneaḋ amaċ do ṁarḃaḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA?

15 Agus do ġoir Dáiḃi duine do na hógánaċaiḃ, agus a duḃairt ris, Eiriġ angear, agus siuḃail air. Agus do ḃuail seision é, go ḃfúair sé bás.

16 Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Bíoḋ ṫfuil ar do ċeann féin; do ḟíaḋnuiġ do ḃéul féin ad aġaiḋ, ġá ráḋ, Do ṁarḃ me ungṫaċ an TIĠEARNA.

17 ¶ Agus do ċaói Daiḃi leis an ccaoineaḋso ós cionn Ṡauil agus os cionn a ṁic Ionatan:

18 Mar an gcéadna daiṫin sé ḋíoḃ cleaċdaḋ an ḃoġa do ṁunaḋ do ċloinn Iúdah: féuċ, atá sé scríoḃṫa a leaḃar Iaser.

19 Tá scéiṁ Israel ar na marḃaḋ ar háítiḃ árda: ciondus atáid na cuṁaċdaiġ ar ttuitim!

20 Ná hinnis a Ngát é, ná foillsiġ é a sráidiḃ Ascélon; deagla go ndéanaidís inġeana na Ḃṗilistineaċ luáṫġáire, deagla go ndéanaidís inġeana na neṁṫimċiilgearrṫaḋ caiṫréim.

21 A ṡléiḃte Gilboa, ná raiḃ drúċd, ná fearṫuínn oruiḃ, nó maġa ofrála: óir is annsin do teilgeaḋ go tarcuisneaċ sciaṫ an ċumbaċduiġ seaċad, sciaṫ Ṡauil, mar naċ bíaḋ ungṫa le hola.

22 O ḟuil na marḃ, ó ṁéaṫus na gcuṁaċdaċ, nior ḟill boġa Ionatain air ais, agus nior ḟill cloiḋeaṁ Ṡauil folaṁ.

23 Saul agus Ionatan do ḃádar gráḋaċ sólasaċ ann a mbeaṫaiḋ, agus ann a mbás níor roinneaḋ íad: bá luáiṫe íad ná ioluir, bá láidre ná leoṁuin iad.

24 Siḃsi a inġeana Israel, guiliḋ ós cionn Ṡauil, noċ do ċuir culaḋa scarláoide oruiḃ, maille re háoiḃneas, noċ do ċuir córuġaḋ óir air ḃur néaduiġiḃ.

25 Ciondus do ṫuiteadar na cuṁaċduiġ a meaḋón an ċaṫa! O a Ionatain, do marḃaḋ ṫú ann háitiḃ árda.

26 Atáimsi doilġiosaċ ṫríod, a ḋearḃraṫair Ionatan: bá roṡólasaċ ḋaṁsa ṫú: dob iongantaċ do ġráḋ orum, ag saruġaḋ ġráḋ na mban.

27 Cionnus do ṫuiteadar na cuṁaċduiġ, agus airm an ċogaiḋ ar nimṫeaċd!

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ