II Rioġ 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Olcas Ṁanasseh an rí. 19 Agus Amon. 1 Do ḃí Manasseh ḋá ḃlíaḋain déug dáois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ríoġaiḋ cúig ḃlíaḋna déug agus dá ḟiṫċiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Heṗsibah. 2 Agus do rinne se an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, do réir aḋḟuaṫṁaireaċd ná ngeinteaḋ, noċ do ṫeilg an TIĠEARNA amaċ roiṁe ċloinn Israel. 3 Oir do ċuir sé súas a rís na háite árda noċ do ṁill Heseciah a aṫair; agus do ċuir sé altóra súas do Ḃaal, agus do rinne sé garrán, mar do rinne Ahab ríġ Israel; agus do aḋuir sé slúaġ neiṁe, agus do rinne serḃís dóiḃ. 4 Agus do rinne sé altóra a ttiġ an TIĠEARNA, dá nduḃairt an TIĠEARNA, Ann Ierusalem ċuirfios mé mainm. 5 Agus do ċuir sé altóra súas do ṡlúaġ neiṁe uile a ndá ċúirt ṫiġe an TIĠEARNA. 6 Agus ṫug ar a ṁac dul ṫríd an tteine, agus do aḋraḋ daimsearuiḃ, agus do níoḋ droiġeaċd, agus cumann ré leannánuiḃ síṫe agus re luċd fáistine: doibriġ sé mórán uilc a raḋarc an TIĠEARNA, ler ḃrostuiġ é ċum feirge. 7 Agus do ṡuiġiḋ sé íaṁáiġ ġráḃálta don ġarrán do rinne sé annsa tiġ, a ttaóiḃ a nduḃairt an TIĠEARNA ré Dáiḃi, agus re Solaṁ a ṁac, Annsa tiġsi, agus ann Ierusalem, noċ do ṫoġ mé as treaḃuiḃ Israel uile, ċuirfios mé mainm go bráṫ: 8 Agus ní ċorroċa mé cosa Israel nios mó amaċ as a ndúiṫċe féin noċ ṫug mé dá naiṫriḃ; aṁáin má ċoiṁéaduid síad a ḋéanaṁ do réir a nuile ḋliġe, do aiṫin mo ṡearḃḟoġantuiġ Maóise ḋíoḃ. 9 Aċt níor éisteadarsan: agus do ṫarruing Manasseh íad ċum niós mó dulc do ḋéanaṁ ná a ndéarnadar na cineaḋaċa do ḋíbuir an TIĠEARNA roiṁe ċloinn Israel. 10 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA tre na ṡearḃḟoġantaiḃ na fáiġe, ḋa ráḋ, 11 Do ḃríġ go ndéarnuiḋ Manasseh ríġ Iúdah na neiṫe aḋḟuaṫṁarsa, go ndéarna sé olc ós cionn a ndéarnadar na Hamorítiġ, noċ do ḃí roiṁe, agus go ttug air Iúdah mar an gcéadna peacuġaḋ le na ioḋaluiḃ: 12 Ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Féuċ, atáim ag taḃairt a leiṫéid sin dulc ar Ierusalem agus ar Iúdah, giḋ bé ar biṫ ċluinfios é, go mbíaiḋ fuáim iona ḋá ċluáis. 13 Agus sínfiḋ mé tar Ierusalem dúruḃa Ṡamária, agus plumba ṫiġe Ahab: agus cuimeoluiḋ mé Ierusalem mar ċuimlios duine mias, dá ċumailt, agus da hiompóġ bun ós cionn. 14 ¶ Agus tréigfiḋ mé fuiġioll moiġreaċda, agus seaċoduiġ mé a láiṁ á náṁad íad; agus béid na ccreiċ agus na nédail agá naiṁde uile; 15 Do ḃríġ go ndéarnadar an ní dob olc ann mo raḋarc, agus gur ċorruiġeadar ċum feirge mé, on ló fá ttangadar a naiṫre amaċ as an Négipt, gus a niuġ. 16 Tuilleaṁ oile do ḋóirt Manasseh fuil neíṁċiontaċ go ro iomarcaċ, nó gur lion sé Ierusalem ón ċionn go ċéile; táoḃ amuiċ dá ṗeacaḋ lé ttug sé ar Iúdah peacuġaḋ, an déanaṁ an neiṫe fa holc a raḋarc an TIĠEARNA. 17 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁaiḃ Ṁanasseh, agus a ndéarna sé uile, agus a ṗeacaiḋ noċ do ṗeacaiḋ sé, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah? 18 Agus do ċoduil Manasseh a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ a ngáirdín a ṫiġe féin é, a ngáirdín Ussah: agus do ríoġaiḋ Amon a ṁac na áit. 19 ¶ Do ḃí Amon ḋá ḃlíaḋuin agus fiṫċe daóis an tan do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do ríoġaiḋ ḋá ḃlíaḋuin ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Mesulemet, inġean Harus ó Iotbah. 20 Agus do rinne sé an ní dob olc a raḋarc an TIĠEARNA, mar do rinne a aṫair Manasseh. 21 Agus do ṡiuḃail sé annsna huile ṡliġṫiḃ ann ar ṡiuḃail a aṫair, agus do rinne serḃís do na hioḋaluiḃ dá ndearnuiḋ a aṫair serḃís, agus do aḋair sé ḋóiḃ: 22 Agus do ṫréig sé an TIĠEARNA Día a aiṫreaḋ, agus níor ṡiuḃail sé a sliġe an TIĠEARNA. 23 ¶ Agus do ċumadar searḃḟoġantuiġe Amon feall na aġaiḋ, agus do ṁarḃadar an ríġ iona ṫiġ féin. 24 Agus do ṁarḃadar dáoine na tíre an luċd sin uile do rinne feall a naġaiḋ an ríġ Amon; agus do rinneadar dáoine na tíre ríġ do Iosiah a ṁac na aít. 25 ¶ Anois an ċuid oile do ġnioṁuiḃ Amon noċ do rinne sé, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah? 26 Agus do haḋlaiceaḋ iona ṫúama é a ngáirdín Ussa: agus do ḃí Iosiah a ṁac na ríġ na áit. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society