II Rioġ 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XX. Faduġaḋ ṡaoġail Heseciah. 14 Smaċd arson a úaille. 1 An sna láeṫiḃsin do ḃí Heseciah tinn ċum báis. Agus ṫáinig an fáiġ Isaiah mac Amos ċuige, agus a duḃairt ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Cuir do ṫiġ a nórduġaḋ; óir eugfuiḋ tú, agus ní ṁairfiḋ tú. 2 Annsin dfill seision a aġaiḋ ar an mballa, agus do ġuiḋ sé an TIĠEARNA, ġa ráḋ, 3 Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur. 4 Agus tárla suil do ċuáiḋ Isaiah amaċ annsa ccúirt ṁeaḋonuiġ, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċuige, ġa ráḋ, 5 Fill á rís, agus innis do Heseciah caiptín mo ṗobail, Is marso a deir an TIĠEARNA, Díahaṫar Dáiḃi, Do ċuála mé hurnaiġ, agus do ċonnairc mé do ḋéora: féuċ, sláineoċuiḋ mé ṫu: ar an treas lá raċá tú súas go tiġ an TIĠEARNA. 6 Agus cuirfiḋ mé cúig ḃlíaḋna déug dfad ar do ṡáoġal; agus sáorfa mé ṫú feín agus an ċaṫairsi as láiṁ ríġ na Hassíria; agus cuiṁdeoċuiḋ mé an ċaṫairse ar mo ṡon féin, agus ar son mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi. 7 Agus a duḃairt Isaiah, Glac meall fígeaḋ. Agus do ġlacadar agus do ċuireadar ar an neascóid é, agus do ḃí seision slán. 8 ¶ Agus a duḃairt Heseciah ré Isaiah, Cía ḃus coṁarṫa go leiġeosuiḋ an TIĠEARNA me, agus go raċaiḋ mé súas go tiġ an TIĠEARNA an treas lá? 9 Agus a duḃairt Isaiah, Do ġeaḃa tú an coṁarṫasa ón TTIĠEARNA, go ndéana an TIĠEARNA an ní do laḃair sé: an raċaiḋ an sgáile ar aġaiḋ deiċ gcéim, no deiċ gcéim air ccúl? 10 Agus do ḟreagair Heseciah, Is ní súarraċ don sgáile dul síos deiċ ccéim: ní heaḋ, aċd filleaḋ an sgáile deiċ ccéim ar ais. 11 Agus do éiġ Isaiah an fáiġ ċum an TIĠEARNA: agus rug sé an sgáile deiċ ccéim ar cúl, ann a ndeaċuiḋ sé síos a ndiail Ahas. 12 ¶ Fa namsin do ċuir Berodaċbaladan, mac Baladain, ríġ na Babilóne litreaċa agus brontanus ċum Heseciah; óir do ċúala se go raiḃ Heseciah tinn. 13 Agus déisd Heseciah riú, agus do ṫaisbéin dóiḃ tiġ taisgiḋ a neiṫionn mórluaiġ, a nairgid, agus a nóir, agus na spíosraḋ, agus na hola lóġṁaire, agus tiġ a armála uile, agus an ṁéid fríṫ ann a ionnṁusuíḃ: ní raiḃ éinní iona ṫiġ, no iona ṫiġearnus uile, nar ṫaisbéin Heseciah ḋoiḃ. 14 ¶ Ann sin ṫáinic Isaiah an fáiġ gus an ríġ Heseciah, agus a duḃairt ris, Cred a duḃradar na daóinesi? agus cía ó ttangadar ċugadsa? A duḃairt Heseciah, Ṫangadar ó ṫír imċéin, ón Mbabilóin. 15 Agus a duḃairt seision, Cred do ċonncadar ann do ṫiġ? Agus a duḃairt Heseciah, A ḃfuil do neiṫiḃ ann mo ṫiġse do ċonncadar iad: ní ḃfuil éinní a measc mionnṁuis naċ ar ṫaisbeín mé ḋóiḃ. 16 Agus a duḃairt Isaiah re Heseciah, Eist ré breiṫir an TIĠEARNA. 17 Féuċ, tiocfaid na laeṫe, go mbéarṫar a ḃfuil ann do ṫiġsi, agus ar ċuireadar haiṫre súas a stór gus a niuġ, don Ḃabilóin: ní ḟúigfiġear éainní, a deir an TIĠEARNA. 18 Agus dot ṁacaiḃ ṫiucfas uáit, noċ ġeinfeas tusa, béuruid sion leó; agus béid na ccaillteanaċuiḃ a bpálas ríġ na Babilóine. 19 Ann sin a duḃaírt Heseciah re Isaiah, Is maiṫ bríaṫar an TIĠEARNA noċ do laḃair tusa. Agus a duḃairt, Naċ ṁaiṫ é, má ḃíonn síoṫċáin agus fírinne ann mo laéṫiḃsi? 20 ¶ Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Heseciah, agus a neart uile, agus mar do rinne sé tobar agus piópa uisge, agus mar ṫug uisge ċum na caiṫreaċ, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah? 21 Agus do ċoduil Heseciah a ḃfoċair a aiṫreaḋ: agus do ríoġuiḋ Manasseh a ṁac iona áit. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society