Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

II Rioġ 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVI. De ḟóir rí na Hassiria ar Ahas rí Iudah, anaḋaiḋ riġ na Siria.

1 Annsa seaċdṁaḋ blíaḋuin déug do Ṗecah mac Remaliah do ṫosuiġ Ahas mac Iótam ríġ Iúdah a ríġe.

2 Fiṫċe blíaḋna daóis do ḃí Ahas a nuáir do ṫosuiġ a ríġe, agus do ríoġaiḋ sé bliáḋna déug ann Ierusalem, agus ní ḋearnuiḋ sé an ní fa ċeart a raḋarc an ṪIĠEARNA Dé, mar do rinne a aṫair Dáiḃi.

3 Aċt do ṡiuḃail sé a sliġe ríoġ Israel, ṫug fós, ar a ṁac dul ṫríd an tteiniḋ, do réir aḋúaṫṁaireaċd na ngeinteaḋ, noċ do ṫeilg an TIĠEARNA amaċ roiṁe ċloinn Israel.

4 Agus do rinne sé ióḋbairt agus do loisg sé túis air na hárduiḃ, agus air na cnocaiḃ, agus fáoi gaċ éanċrann glas.

5 ¶ Annsin ṫáinic Resin ríġ na Síria agus Pecah mac Remaliah ríġ Israel súas go Hierusalem ċum cogaiḋ: agus do ċuireadar slúaġ na suiḋe air Ahas, aċd ní ḋeaċaiḋ aca air.

6 A nuairsin do ġnoḋuiġ Résin ríġ na Siria Elat ar ais don Tsiria, agus do ḋíbir na Iúduiġe ó Elat: agus ṫangadar na Sírianuiġ go Helat, agus do áitiġeadar ann sin gus a niuġ.

7 ¶ Annsin do ċuir Ahas teaċda go Tiglat‐pileser ríġ na Hassíria, ġá ráḋ, Is misi do ṡerḃíseaċ agus do ṁac: tárr anṡíos, agus cuṁdaiġ mé as láiṁ ríġ na Síria, agus as láiṁ ríġ Israel, noċ déiriġ súas am aġaiḋ.

8 Agus do ġlac Ahas an tór agus an tairgiod do fríṫ a ttiġ an TIĠEARNA, agus a nionnṁus ṫiġe an ríġ, agus do ċuir tioḋlacaḋ go ríġ na Hassíria.

9 Agus dáontuiġ ríġ na Hassíria leis: óir do ċuáiḋ ríġ na Hassíria súas a naġaiḋ Ḋamascus, agus do ġaḃ sé í, agus rug na daóine do ḃí innte a láiṁ go Cir, agus do ṁarḃ sé Résin.

10 ¶ Agus do ċúaiḋ Ahas go Damascus a ccoinne Ṫiglat‐pileser ríġ na Hassíria, agus do ċonnairc sé altóir do ḃí ann Damascus: agus do ċuir an ríġ Ahas ċum Uriiah an sagart cuma na haltóra, agus a saṁlaċus, dó réir á hoibriġṫe uile.

11 Agus do rinne Uriiah an sagart altóir do réir gaċ éinneiṫe dar ċuir Ahas an ríġ ó Ḋamascus ċuige: már sin do rinne Uriiah an sagart í fá a nam a ttáinic an ríġ Ahas ó Ḋamascus.

12 Agus a núair ṫáinic an ríġ ó Ḋamascus, do ċonnairc an ríġ an altóir: agus ṫáinic an ríġ gus a naltóir, agus do ofráil sé uirre.

13 Agus do loisg sé ofráil loisge agus ofráil ḃíḋ, agus do ḋóirt a ofráil diġe, agus do ċroiṫ sé fuil a ofrála síoṫċána, air an naltóir.

14 Agus do rug sé leis mar an gcéadna an naltóir ṗráis, do ḃí a laṫair an TIĠEARNA, ó éadan an tiġe, ó eidir an naltóir agus tiġ an TIĠEARNA, agus do ċuir sé air an ttáoiḃ ṫuáiġ do naltóir í.

15 Agus do aiṫin Ahas do Uriiah an sagart, ġá ráḋ, Ar an naltóir ṁóir loisg ofráil loisge na ṁaidne, agus ofráil ḃíḋ an traṫnóna, agus ioḋbuirt loisge an ríġ, agus a ofráil ḃíḋ, agus ofráil loisge ḋáoine na tíre uile, agus a nofral ḃiḋ agus a nofrála diġe; agus croiṫ uirre fuil na hofrála loisge uile, agus fuil híoḋbarta uile: agus biáḋ an naltóir ṗraís agumsa do ċeasnuġaḋ maille lé.

16 Marso do rinne Uriiah an sagart, do réir a nuile ní dar aiṫin an ríġ Ahas de.

17 ¶ Agus do ġeárr an ríġ Ahas imiol na mbásaḋ, agus do áṫarruiġ an láiḃer ḋíoḃ amaċ; agus do leag an nfairge do na daṁuiḃ práis do ḃí fúiṫe, agus do ċuir ar ṗáḃáil ċloċ í.

18 Agus an folaċ don tsabbóid do rinneadar annsa tiġ, agus dul a steaċ an ríġ amuiċ, do iompóiġ sé ó ṫiġ an TIĠEARNA deagla ríġ na Hassíria.

19 ¶ Auois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ahas noċ do rinne sé, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah?

20 Agus do ċoduil Ahas a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ agá aiṫriḃ é a ccaṫruiġ Ḋáiḃi: agus do ríoġaiḋ Heseciah a ṁac na áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ