Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

II Rioġ 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIV. Do ṁarḃ Amasiah ṁac Ioas rí Iudah, dúnṁarḃaċ a aṫar. 7 Agus na Hedomitiġ.

1 Annsa dara bliaḋuin do Ioas mac Iehoahas ríġ Israel do rioġaḋ Amasiah mac Ioas ríġ Iúdah.

2 Do ḃí sé cúig ḃlíaḋna fiṫċiod daóis an tan do ṫosuiġ a ríġe, agus do ḃí sé na ríġ naói mblíaḋna fiṫċiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Iehoaddan ó Ierusalem.

3 Agus do rinne sé ceart a raḋarc an TIĠEARNA, giḋeaḋ ní a ccosaṁlaċd Ḋáiḃi a aṫair: do rinne sé do reir gaċ uile neiṫe dá ndéarnuiḋ a aṫair Ioas.

4 Aċt ċeana níor scriosaḋ na háite arda: do ḃídís an pobal fós ag íoḋbuirt agus ag losgaḋ túise ar na háitiḃ árda.

5 ¶ Agus tárla, ar ball ar daingniġeaḋ an rioġaċd iona láiṁ, gur ṁarḃ sé a ṡearḃḟoġantuiḋiġ noċ do ṁarḃ an ríġ a aṫair.

6 Aċt níor ṁarḃ sé clann na ndúnṁarḃṫaċ: do reír mar atá scríoḃṫa a leaḃar dliġe Ṁaóise, ann ar aiṫin an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Ní cuirfiġear na haiṫreaċa ċum báis ar son na cloinne, ní mó cuirfiġear an ċlann ċum báis ar son a naiṫreaċ; aċd cuirfiġear gaċ aon ċum báis ar son a ṗeacaiḋ féin.

7 ¶ Do ṁarḃ sé deiċ míle do Edom a ngleann an tsaluinn, agus do ġaḃ sé Sélah ré cogaḋ, agus do ġoir Iocteel dainm ḋi gus a niuġ.

8 ¶ Ann sin do ċuir Amasiah teaċda úaḋ go Ioas mac Iehoahas ṁic Iehu ríġ Israel, ġa ráḋ, Tárr, féuċam ar aiġṫiḃ a ċéile.

9 Agus do ċuir Ioas ríġ Israel go Hamasiah ríġ Iúdah, ġá ráḋ, Do ċuir an foġḃánnan do ḃí a Lebanon teaċda ċum an ċédair do ḃi a Lebanon, ġa ráḋ, Taḃair hinġion dom ṁacsa na mnáoi: agus do ġaḃ beaṫaċ állta ṫort do ḃí a Lebanon, agus do ṡaltair siós an foġḃannan.

10 Do ḃúail tú go deṁin Edom, agus do ṫóg do ċroiḋe súas ṫú: déana gloír ḋe so, agus fan san mbáile: óir cred as a mbúainfeá ré ní do ġoirteoċaḋ ṫú, as a ttuitfeá féin, agus Iúdah maille riot?

11 Aċ ní ṫug Amasia toraḋ air. Uimesin do ċuáiḋ Ioas ríġ Israel súas; agus dféuċ sé feín agus Amasiah ríġ Iúdah a ċéile na naiġṫiḃ a Mbetsémes, noċ ḃeanas re Iúdah.

12 Agus tugaḋ an ċuid fá ṁeasa do Iúdah roiṁe Israel; agus do ṫeiṫeadar gaċ áon aca da bpailiun.

13 Agus do ġaḃ Ioas ríġ Israel Amasiah ríġ Iúdah, mac Ioas ṁic Ahasiah, a Mbet‐sémes, agus ṫainic sé go Hierusalem, agus do ḃris sé síos balla Ierusalem ó ġeata Eṗraim go geata an ċoirnéil, ceiṫre ċéud cuḃad.

14 Agus do rug leis iomlán a nóir agus a nairgid, agus ar fríṫ do ṡoiṫiġiḃ a ttiġ an TIĠEARNA, agus a nionnṁusuiḃ ṫiġe an ríġ, agus braiġde coṁaill, agus dfill sé go Samária.

15 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ioas noċ do rinne sé, agus a neart, agus mar do ṫroid sé re Hamasiah ríġ Iúdah, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríóġ Israel?

16 Agus do ċoduil Ioas agá aiṫriḃ, agus do haḋlaíceaḋ é a Samária maille re ríoġuiḃ Israel; agus do ríoġaḋ Ieroboam a ṁac iona áit.

17 Agus do ṁair Amasiah mac Ioas ríġ Iúdah cúig ḃlíaḋna déug a ndiáiġ ḃáis Ioas ṁic Iehoahas ríġ Israel.

18 Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Amasiah, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah?

19 Anois do ċumadar feall iona aġaiḋ ann Ierusalem: agus do ṫeiṫ sé go Laċis; aċd do ċuireadarsan na ḋíaġ go Laċis, agus do ṁarḃadar ann sin é.

20 Agus ṫugadar leó air eaċaiḃ é: agus do haḋlaiceaḋ é ann Ierusalem agá aiṫriḃ a ccaṫruiġ Ḋáiḃi.

21 ¶ Agus rugadar pobal Iúdah uile Asariah, (noċ do ḃí sé blíaḋna déag dáois) leó, agus do rinneadar ríġ ḋe a naít Amasiah a aṫair.

22 Do ċuir se súas Elat, agus do aisig do Iúdah í, tar éis sin do ċoduil an ríġ a ḃfoċair a aiṫreaḋ.

23 ¶ Annsa ccúigeaḋ bliaḋuin déag do Amasiah mac Ioas ríġ Iúdah do ṫosuiġ Ieroboam mac Ioas ríġ Israel a ríġe a Samária, agus do ḃí na ríġ blíaġuin agus dá ḟiṫċiod.

24 Agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA: níor ḋealuiġ sé ré uile ṗeacuiġiḃ Ieroboam ṁic Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ.

25 Do aisig sé cósta Israel ó ṫeaċd a steaċ Hamat go fairge an réitiġ, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA Día Israel, noċ do laḃair sé le láiṁ a óglaiċ Iónah, ṁic Amittai, an fáiġ, noċ do ḃí do Ġat‐heṗer.

26 Oír do ċonnairc an TIĠEARNA aindeise Israel, go raiḃ ro ṡearḃ: óir níor druideaḋ éainni súas, agus nior fágḃaḋ éinní, nó cungantaċ ar biṫ ag Israel.

27 Agus ní duḃairt an TIĠEARNA fós go léirscriosfaḋ sé ainm Israel ó ḃeiṫ faói neaṁ: aċt do ṡáor sé íad le láiṁ Ieroboam ṁic Ioas.

28 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁniḃ Ieroboam, agus a ndéarna sé uile, agus a neart, mar do rinne sé cogaḋ, agus mar do ḃean sé Damascus amaċ, agus Hamat Iúdah, do Israel, naċ ḃfuilid scrioḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel?

29 Agus do ċoduil Ieroboam agá aiṫriḃ, ag rioġuiḃ Israel; agus do ḃí Saċariah a ṁac na ríġ iona áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ