II Rioġ 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Do ḃuaġaiḋ Iehoas mac Iehoahas ri Israel, ar na Sirianċuiḃ go minic. 1 Annsa treas blíaḋain fiṫċiod do Ioas mac Ahasiah ríġ Iúdah do ṫosuiġ Iehoahas mac Iehu a ríġe ós cionn Israel a Samária, agus do ḃí na ríġ seaċd mblíaḋna déug. 2 Agus do rinne sé an ní buḋ olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus do lean sé peacaḋ Ieroboam ṁic Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ; níor ḋealuiġ sé ris sin. 3 ¶ Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ṫoirḃir iad a láiṁ. Hasael ríġ na Síria, agus a láiṁ Ḃen hadad ṁic Hasael, ar feaḋ a láeṫeaḋ uile. 4 Agus do ġuiḋ Iehoahas an TIĠEARNA, agus déist an TIĠEARNA ris: oír do ċonnairc sé coṁmbuáiḋreaḋ Israel, do ḃríġ gur ṡáruiġ ríġ na Síria íad. 5 Agus ṫug an TIĠEARNA fear tárṫála do Israel, ionnus go ndeaċadar amaċ ó ḃeiṫ fáoi láiṁ na Sírianaċ: agus do aítreaḃadar clann Israel iona ttiġṫiḃ, mar do ḃádar roiṁe. 6 Giḋeaḋ níor ḋealuiġeadar re peacaḋ ṫiġe Ieroboam, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ, aċd do ṡiuḃluiġeadar ann: agus do ḃí an garrán fós a Samária. 7 Agus níor ḟág sé don ṗobal ag Iehoahas aċd cáogad marcaċ, agus deiċ ccarbuid, agus deiċ míle coisiġe; óir do ṁarḃ ríġ na Síria íad, agus do rinne íad aṁuil luaiṫreaḋ re búalaḋ. 8 ¶ Anois an ċuid oile do ġnióṁuiḃ Iehoahas, agus a ndéarna sé uile, agus a neart, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel? 9 Agus do ċoduil Iehoahas a ḃfoċair a aiṫreaḋ; agus do aḋlaiceadar é a Samária; agus do ríoġaiḋ Ioas a ṁac iona áit. 10 ¶ Annsa seaċdṁaḋ blíaḋuin déug ar ḟiṫċid do Ioas ríġ Iúdah do ṫosuiġ Iehoas mac Iehoahas a ríġe ós cionn Israel a Samaria, agus do ríoġaiḋ sé blíaḋna déug. 11 Agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA; níor léig sé ḋe peacuiḋ Ieroboam ṁic Nebat uile, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ: aċd do ṡiuḃail sé ionnta. 12 Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ioas, agus a ndéarna sé uile, agus a neart ler ṫroid se a naġaiḋ Amasiah ríġ Iúdah, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel? 13 Agus do ċoduil Ioas a ḃfoċair a aiṫreaḋ; agus do ṡuiġ Ieroboam iona ċaṫaoir ríoġa: agus do haḋlaiceaḋ Ioas a Samária a ḃfoċair ríoġ Israel. 14 ¶ Anois do ġlac tinneas Elisa don tinneas dá bfuáir sé bás. Agus ṫáinic Ioas ríġ Israel síos ċuige, agus do ġuil ós a ċionn, agus a duḃairt, O maṫair, maṫair, carbad Israel, agus a ṁarcṡlúaġ. 15 Agus a duḃairt Elisa ris, Glac boġa agus soiġde. Agus do ġlac sé boġa agus soiġde. 16 Agus a duḃaírt sé ré ríġ Israel, Cuir do laṁ ar do ḃoġa. Agus do ċuir se á láṁ air: agus do ċuir Elisa a láṁ ar láiṁ an ríġ. 17 Agus a duḃairt sé, Foscuil an nfuinnéog don leaṫ ṡoir. Agus dfoscuil sé í. Annsin a duḃairt Elisa, Caiṫ. Agus do ċaiṫ seision. Agus a duḃaírt sé, Soiġead ṡáorṫa an TIĠEARNA, agus soiġeaḋ na tárṫala ó Ṡiria: óir buailfiḋ tusa na Sírianuiġ ann Aṗec, no go scroiosfuiḋ tú íad. 18 Agus a duḃairt sé, Glac na soiġde. Agus do ġlac sé íad. Agus a duḃairt sé ré ríġ Israel, Buail ar an ttaluṁ. Agus do ḃuail sé trí huáire, agus do sdad sé. 19 Agus do ḃí óglaċ Dé feargaċ ris, agus a duḃairt sé, Buḋ ċóir ḋuit a ḃualaḋ a cúig no a sé huáiriḃ; annsin do ḃuáilfá Síria nó go scriostá í: a nait naċ mbuáilfiḋ tú anois Síria aċd trí huáire. 20 ¶ Agus déug Elisa, agus do aḋlaiceadar é. Agus do ionnsuiġeadar buiḋne na Moabiteaċ an tír ar ṫeaċd a steaċ na blíaḋna. 21 Agus tárla, mar do ḃadar ag aḋlacaḋ duine, féuċ, go ḃfacadar buiḋean aca; agus do ṫeilgeadar an duine a ttuama Elisa: agus a nuáir do léigeaḋ an tóglaċ síos, agus do ḃean sé re cnáṁuiḃ Elisa, do aiṫḃéoġuiḋ sé, agus do ṡeas sé súas ar a ċosuiḃ. 22 ¶ Aċt do ḃrúiġ Hasael ríġ na Síria Israel ar feaḋ laeṫé Iehoahas. 23 Agus do ḃí an TIĠEARNA grásaṁuil dóiḃ, agus do ġaḃ truáiġe ḋóiḃ é, agus do ḃí meas aige orra, do ḃríġ a ċunnarṫa ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor ḃáill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úaḋ as a laṫair fós. 24 Annsin fúair Hasael ríġ na Síria bás; agus do ríoġaiḋ Ben‐hadad a ṁac íona áit. 25 Agus do ḃean Ioas mac Iehoahas a rís as láiṁ Ḃen‐hadad ṁic Hasael na caiṫreaċa, do ḃean seision as láiṁ Iehoahas a aṫair le cogaḋ. Do ḃuail Ioas é trí huáire, agus do ḃean sé caiṫreaċa Israel de. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society