II Rioġ 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII. Do ċlaón Iehóas ó na ḋiaġaċd. 17 Do ċuir se cuid don ionnṁus naoṁṫa ċum Hasael. 1 Annsa seaċdṁaḋ blíaḋuin do Iehu do ṫosuiġ Iehoas a ríġe; agus ḋá ḟiṫċiod blíaḋuin do ḃí na ríġ ann Ierusalem. Agus do bé ainim a ṁaṫar Sibia ó Ḃeerséba. 2 Agus do rinne Iehoas an ní fá ċeart a raḋarc an TIĠEARNA ar feaḋ láeṫeaḋ a ṡáoġail iona raiḃ Iehoiada an sagart dá ṁúnaḋ. 3 Aċt níor cuireaḋ na háite árda ar geúl: do nídis an pobal a ccoṁnuiġ íoḋbuirt agus do loisgedís túis annsna háitiḃ árda. 4 ¶ Agus a duḃairt Iehoas ris na sag airtaiḃ, Gaċ uile airgiod do na neiṫiḃ tioḋlaicṫe ḃeirṫear go tiġ an TIĠEARNA, eaḋon airgiod gaċ duine dá ndéan a ċuntas, an tairgiod meastar do ḋuine fa leiṫ, agus gaċ uile airgiod dá ttiucfa a ccroiḋe ḋuine do ṫaḃairt go tiġ an TIĠEARNA, 5 Glacaidis na sagairt ċuca é, gaċ éanduine ó na aiṫeantus féin; agus leasuiġdís bristeaḋa an tiġe, giḋ bé ball a ḃfaġṫar briseaḋ air. 6 Aċd is aṁluiḋ ḃí, annsa treas blíaḋuin fiṫċiod do ríġe Iehoas nár ḋeasuiġeadar na sagairt bristeaḋa an tiġe. 7 Ann sin do ġoir Iehoas air Iehoiada an sagart, agus na sagairt oile, agus a duḃairt riú, Cred fa naċ leasuiġṫiġ bristeaḋa an tiġe? anois ar a naḋḃarsin ná glacaiḋ nios mó dairgiod ó ḃur naiṫeantus, aċt tugaiḋ ar son ḃristeaḋa an tiġe é. 8 Agus do buḋ toil leis na sagartaiḃ gan nios mó dairgiod do ġlacaḋ ón bpobal, agus gan bristeaḋa an tiġe do leasuġaḋ. 9 Aċd do ġlac Iehoiada an sagart cófra, agus ṫug poll iona ċláirḃéil, agus do ṡuiġiḋ láiṁ ris a naltoír é, ar an ttaoḃ ndeas mar tig duine a steaċ go tiġ an TIĠEARNA: agus na sagairt do ċoiṁéd an dorus do ċuirdís annsin gaċ airgiod dá ttugṫaói go tiġ an TIĠEARNA. 10 Agus is aṁluiḋ ḃí, an tan do ċonncadar go raiḃ mórán airgid annsa ċófra, go ttáinic scriḃneóir an ríġ agus an tárdṡagart súas, agus do ċuireadar a málaḋa, agus do coṁáireadar an tairgiod do friṫ a ttiġ an TIĠEARNA. 11 Agus ṫugadar an tairgiod, ar na áireaṁ, a láiṁ na ndáoine do rinne a nobair, agá raiḃ féaḋmantus ṫiġe an TIĠEARNA: agus ṫugadarsan amaċ é do na sáoruiḃ agus don luċd saóṫair, do oibriġ ar ṫiġ an TIĠEARNA, 12 Agus do ṡaóruiḃ cloċ, agus do luċd snoiġte cloċ, agus do ċeannaċ aḋmuid agus cloċ ṡnoiġte do leasuġaḋ ḃriseaḋ tiġe an TIĠEARNA, agus ar gaċ éinní dar cuireaḋ amaċ ar son an tiġe da ḋeasuġaḋ. 13 Giḋeaḋ ní ḋeárnaḋ do ṫiġ an TIĠEARNA cupáin airgid, glantóiriġ, báisíniġ, trumpaḋa, aon tsoiṫeaċ óir, nó soiṫiġe airgid, do nairgiod tugaḋ a steaċ go tiġ an TIĠEARNA: 14 Aċt ṫugadar sin don luċd oibre, agus do leasuiġeadar leis tiġ an TIĠEARNA. 15 Os a ċionn sin ní ḋeárnadar cuntus ris na dáoiniḃ, a láṁuiḃ a ttugadar an tairgiod re ṡeaċadaḋ don luċd oibre: óir do rinneadar fírinne. 16 Airgid a naindliġe agus airgiod an ṗeacaiḃ ní tugaḋ sin a steaċ go tiġ an TIĠEARNA: buḋ leis na sagartaiḃ é. 17 ¶ Ann sin do ċuáiḋ Hasael ríġ na Síria súas, agus do ṫroid sé a naġaiḋ Gát, agus do ġaḃ sé í: agus ṫug Hasael aġaiḋ ar ḋul súas go Hierusalem. 18 Agus do ġlac Iehoas ríġ Iúdah na neiṫe náoṁṫa uile do ṫioḋlaic Iehosaṗat, agus Iehóram, agus Ahasiah, a aiṫre, ríġṫe Iúdah, agus a neiṫe naoṁṫa feín, agus ar fríṫ dór a stórúsuiḃ ṫiġe an TIĠEARNA, agus a ttiġ an ríġ, agus do ċuir ċum Hasael ríġ na Síria é: agus dimṫiġ sé ó Ierusalem. 19 ¶ Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ioas, agus a ndéarna sé uile, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar ċroinice ríoġ Iúdah? 20 Agus déirġeadar a ṡerḃísiġ, agus do ċogradar ré ċeile, agus ṁarḃadar Ioas a ttiġ Ṁillo, noċ ṫéid síos go Silla. 21 Oír do ḃuail Iosaċar mac Simeat, agus Iehosabad mac Sómer, a ṡerḃísiġ é, agus deúg sé; agus do aḋlaiceadar é a ḃfoċair a aiṫreaḋ a ccaṫruiḋ Ḋáiḃi: agus do ríoġuiḋ Amasiah a ṁac na áit. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society