Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Ieremiah 47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLVII. Tairrġir attaoḃ scrios na Bfilistineaċ.

1 Briaṫar an TIĠEARNA ṫáinic go Ieremiah an fáiḋ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, suil do ḃuáil Ṗarao Gasa.

2 Is marso a deir an TIĠEARNA: Féuċ, éireoċuid uisgeaḋa súas ón ttuaisceart, agus biáid na ttuile tar ḃrúaċ, agus báiṫfid an tír, agus a nuile ni dá ḃfuil ann; an ċaṫair, agus an drong áitreaḃus innte: annsin coṁaircfid na daóine, agus núallfuid uile áitreaḃṫaċa na tíre.

3 Lé fuáim ċloiċḃéimniġ ḃonn a eaċ láidir, agus le roiṫrem a ċarbad, agus lé toirḃléasgaḋ a roiṫléan, ní ḟéuċfuid na haiṫre síar ar an ccloinn tre laige láṁ.

4 Do ḃríġ an láe ṫig do ṁilleaḋ na Ḃṗilistineaċ uile, agus do ġearraḋ ó Ṫíor agus ó Ṡídon a nuile ċuidiġṫeaċ dá maireann: óir creáċfuiḋ an TIĠEARNA na Ṗilistiniġ, fuiġioll tíre Ċaṗtor.

5 Ṫáinic maóile ar Ġasa; do gearraḋ amaċ Ascelon maille re fuiġioll a ngleanna: cá fad ġearrfas tú ṫú féin?

6 O a ċloiḋiṁ an TIĠEARNA, gá fad no go mbía tú suáiṁneaċ? cuir a steaċ ṫú féin ann do ḋúḃla, bí ciúin, agus suáiṁneaċ.

7 Ciondus is féidir ḋó ḃeiṫ suáiṁneaċ, ó ṫug an TIĠEARNA áiṫne ḋó a naḋaíġ Ascelon, agus a naġaiḋ ṫráiġe na fairge? ann sin dorduiġ sé é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ