Ieremiah 45 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLV. Do ċaiṫ Ieremiah ar Baruċ (ro ḃrónaċ,) do ḋeaġ‐ṁeisniuġaḋ 1 An focal do láḃair Ieremiah an fáiḋ ré Baruċ ṁac Neriah, a núair do scríoḃ sé na briaṫrasa a leaḃar ó ḃéul Ieremiah, annsa ceaṫraṁaḋ blíaḋain do Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah, ġá ráḋ, 2 Is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel, riotsa, a Ḃaruċ; 3 A dúḃairt tú, A ṁairg ḋaṁsa a nois! óir do ċuir an TIĠEARNA doilġios a ccionn mo ḋóbróin; danḃfainniġ mé ann mosnaḋuiḃ, agus ní ḟaġuim suáiṁneas ar biṫ. 4 Is marso a déara tú ris, A dúḃairt an TIĠEARNA marso; Féuċ, brisfiḋ mé síos an ní do ċuir mé súas, agus an ní do ṗlannduiġ mé taireonga mé a níos, eaḋon an tírse go hiomlan. 5 Agus a níarrann tusa neiṫe móra ḋuit féin? ná híarr: óir, féuċ, do ḃéara misi olc ar a nuile ḟeóil, a deir an TIĠEARNA: aċt do ḃéara mé hanum ḋuitse mar éadáil annsa nuile ḃall a raċa tú. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society