Ieremiah 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Furail ro ḋiṫċiollaċ Dísrael ar filleaḋ re Día, agus a mbeaṫa do leasuġaḋ. 1 Ma ḟilleann tú, a Israel, a deir an TIĠEARNA, fill ċugamsa: agus má ċuireann tú do ġráineaṁlaċd uait as mo raḋarcsa, annsin ní ċoirreoċa tú. 2 Agus mionnoċa tú, Mairiḋ an TIĠEARNA, a ḃfírinne, a mbreiṫeaṁnus, agus a ḃfíreantaċd; agus beinneoċuid na geinte íad féin annsan, agus is ann ḃías a nglóir. 3 ¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA ré fearuiḃ Iúdah agus Ierusalem, Brisiġ súas ḃur ḃfearann branair, agus ná siolċuiriḋ a measg ḋosan. 4 Timċillġearruiḋ siḃ féin don TIĠEARNA, agus beanaiḋ ḋíḃ croicionn tosuiġ ḃur ccroiḋe, siḃsi a ḟeara Iúdah agus a áitreaḃṫaċa Ierusalem: deagla go ttiucfaḋ mo ḋiḃḟeargsa amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ iondus naċ ḃféadfaiḋ éinneaċ a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa. 5 Foillsiġiḋ siḃsi ann Iúdah, agus súagraḋ ann Ierusalem; agus abruiḋ, Séidiġsi an stoc annsa dúṫaiġ: fúagraiḋ, cruinniuġaḋ a ccionn a ċéile, agus abruiḋ, Cruinniġiḋ siḃ féin, agus teanam annsna caiṫreaċaiḃ daingne. 6 Cuiriḋ ḃur mbrataċa súas leaṫ ré Sion: filliḋ ar ḃur nais, ná fuiriḋe: óir do ḃéara misi olc ón tuáisciort, agus aiḋṁilleaḋ mór. 7 Ṫáinic an leoṁan a níos as a ḋoire, agus atá sgriostóir na ccineaḋaċ ar a ṡliġe; dimṫiġ sé ó na ionad ċum ṫfearan do ḋeanaṁ úaigneaċ; agus leagfuiḋear do ċaiṫreaċa na ḃfásáċ, gan áitreaḃaċ. 8 Uime so criosluiġiḋ siḃ féin le saicéadaċ, caóiḋiġ agus núalluiġiḋ: óir níor hiompoiġeaḋ fearg ḃorb an TIĠEARNA uáinn ar a hais. 9 Agus tiucfa a ccríċ annsa lósin, a deir an TIĠEARNA, go múċfuiḋear croiḋe an ríġ, agus croiḋe na bprionnsaḋ; agus béid na sagairt anḃuáineaċ, agus buḋ iongnaḋ leis na faiġiḋ 10 Annsin a duḃairt misi, Ah, a Ṫiġearna DIA! go deiṁin do ṁeall tú go mór na daóinesi agus Ierusalem, ġa ráḋ, Do ġeaḃṫaoi síoṫċáin; an tionad a roiċionn an clóiḋeaṁ go nuige an tanam. 11 Annsa namsin déarṫar ris an bpobalso agus re Ierusalem, Gáoṫ ṫirim as na háitiḃ árda annsa ḃfásaċ leaṫ re hinġin mo ṗobail, ní do ċáṫaḋ, ná do ġlanaḋ. 12 Eaḋon tiucfuiḋ gáoṫ is láidre ná sin ó na háitiḃsi ċugamsa: anois fós do ḃéara mé breiṫeaṁnus na naġaiḋ. 13 Féuċ, tiucfa sé súas aṁuil néulla, agus biáid a ċárbuid aṁuil ġáoṫ ġuáirdeáin: is luáiṫe a eaċruiḋ na iolair. A ṁairg ḋúinne! óir atámaoid millte. 14 A Ierusalem, ionnuil do ċroiḋe ó urċoid, ċor go sáorfuiġear ṫú. Cá fad áiteoċuid do smuaintiġṫe díoṁaóine a stiġ ionnad? 15 Oír foillsiġ guṫ ó Ḋan, agus fuágruiḋ aindeisi ó ṡlíaḃ Eṗraim. 16 Cuiriḋsi a gcéill do na cineaḋaċaiḃ; féuċ, foillsiġiḋ a naġaiḋ Ierusalem, luċt faire do ḃeiṫ ag teaċt as críċ imċéin, agus ag taḃairt a ngoṫa ós áird a naġaiḋ ċaiṫreaċa Iúdah. 17 Atáid síad na haġaiḋ timċioll fa ccuáirt, aṁuil coiṁéuduiġe maġa; do ḃríġ go raiḃ sí easuṁal am aġaiḋsi, a deir an TIĠEARNA. 18 Do ṡliġe agus do ġníoṁarṫa ṫug na neiṫesi ort; sé so holc, do ḃríġ go ḃfuil sé searḃ, do ḃríġ go roiċionn sé go nuige do ċroiḋe. 19 ¶ Minniġe, minniġe! atáim ar mo ċráḋ a mballuiḋiḃ mo ċroiḋe; do ní mo ċroiḋe fuáim ionnam; ní ḟéaduim ḃeiṫ am ṫoċd, do ḃríġ go ccúala tusa, ó a manam, guṫ an stuic, graifne an ċaṫa. 20 Do fúagraḋ léirscrios ar léirscrios; óir do creaċaḋ an dúṫaiġ go hiomlán: is obann do milleaḋ mo ṗáilliún agus mo ċúirtíne a móiment. 21 Cá fad do ċífe mé an ḃrataċ, agus ċluinfios mé guṫ an stuic? 22 Oír atáid mo ḋaóine leaṁ, níor aiṫniġeadar mé; is clann ḃrúideaṁuil fad, agus ní ḃfuil tuicsi ar biṫ aca: atáid glic ċum uilc do ḋéanaṁ, aċt do ḋéanaṁ maiṫeasa ní ḃfuil tuicsi ar bíṫ aca. 23 Dféuċ mé air an ttalaṁ, agus, ċeana, do ḃí sé gan ċuma agus folaṁ; agus ar na neaṁuiḃ, agus ní raiḃ solus ann. 24 Do ḋearc mé ar na sléiḃtiḃ, agus, féuċ, do ċrioṫnuiġeadar, agus do ċorruiġeadar na huile ċnoca go héadtrom. 25 Daṁarc mé, agus, féuċ, ní raiḃ dúine ar biṫ, agus do ṫeiṫeadar éunlaiṫ a naiéir uile. 26 Daṁarc mé, agus, féuċ, do ḃí a náit tóirṫeaċ na fásaċ, agus a caiṫreaċa uile ar na mbriseaḋ síos lé gnúis an TIĠEARNA, agus ó na ḟeirg ḟíoċṁair. 27 Oír is marso a duḃairt an TIĠEARNA, Biáiḋ an tír go huiliḋ áonranaċ; giḋeaḋ ní ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán. 28 Is uime so ċaóiḋfios an talaṁ, agus béid na neaṁa ṡúas dúḃ: do ḃríġ go ndúḃairt misi é, do ṫionnscuin mé é, agus ní buḋ haiṫreaċ liom, ní mó ḟillfiod ar mais úaḋ. 29 Teiṫfiḋ an ċaṫair go hiomlán ré tormán an ṁarcṡluáiġ agus na soiġideóireaḋ; raċid asteaċ a ndaoiriḃ, agus dreapuiḋ siad súas ar na cairgiḃ: tréigfíġear a nuile ċaṫair, agus ní ḃía duine na ċoṁnuiḋe ionnta. 30 Agus cred do ḋéana tú, an tan ḃías tú creaċta? Bíoḋ go néaduiġionn tú ṫú féin le crimson, bíoḋ go ndeasuiġeann tú ṫú féin lé séuduiḃ órḋa, bíoḋ go réabann tú héadan lé piontáil, is go díoṁaóin do ḋéana tú ṫú féin sgíaṁaċ; dísbeagfuid háos gráḋa ṫú, sirfid do ḃás. 31 Oír do ċúala misi gúṫ mar ṁnaoi ré nioḋnuiḃ, agus aṁuil goiṁ na mná ḃeirios a céidleanaḃ, gúṫ inġine Sion, noċ ċaóineas í féin, leaṫnuiġeas a láṁa, ġa raḋ, A ṫrúaiġe misi anois! óir atá manam coirṫe tres an luċd marḃṫa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society