Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Ieremiah 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. Seanmóir ag brostuġaḋ na Níuduiġeaḋ ċum aiṫreaċus.

1 Deirid síad, Má ligion fear a ḃean, agus go nimeoċuiḋ sí úaḋ, agus go mbía sí ag fear oile, a niompoċuiḋ sé uirre a rís? naċ ttrúailliġear an talaṁsin go mór? aċt do rinne tusa meirdreaċus lé mórán do luċt gráḋa; aċt ċeana, fill ċugamsa a rís, a deir an TIĠEARNA.

2 Tóig súas do ṡúile ċum na náiteaċ nárd, agus féuċ a náit ann naċ ar luiġeaḋ leaċd: annsna sliġṫiḃ do ṡuiġ tú ríu, do nós a Narábianuiġ annsá ḃfásaċ; agus do ṫruáill tú an talaṁ led stríopaċus agus led ċiontuiḃ.

3 Uimesin do congṁaḋ na ceaṫa, agus ní raiḃ an fearṫuinn deireanaċ ann; agus do ḃí éadan stríopuiḋ agadsa, do ḋiúlt tú ḃeiṫ náireaċ.

4 Naċ éiġfiḋ tú órumsa ó nuairsi amaċ, Mo aṫair, is tú tréoruiġṫeóir móige?

5 An ccoinneoċuiḋ sé a ḟearg ċoiḋċe? an ccoinneoċa sé í go deireaḋ? Féuċ, a dúḃairt tú agus do rinne tú droiċneiṫe mar do ḟéad tú.

6 ¶ A duḃairt an TIĠEARNA mar an ccéadna riomsa a láeṫiḃ Iosiah an ríġ, An ḃfaca tú an ní sin do rinne Israel míoċoinġiollaċ? do ċuáiḋ sí súas ar gaċ aon tslíaḃ ard agus faói gaċ aon ċrann glas, agus annsin do rinne sí meirdreaċus.

7 Agus a duḃairt misi tar éis í da ndéanaṁ so uile, Fill ċugamsa. Aċt níor ḟill sí. Agus do ċonnairc a deirḃṡíur ḟealltaċ Iúdah sin.

8 Agus do ċonnairc misi, a núair ar son gaċ uile ċúise ler ċiontuiġ Israel ṁíoċoinġiollaċ a naḋaltranas gur ċuir mé uaim í, agus go ttug mé scríḃinn dealuiġṫe ḋi; ṫairis sin níor ġaḃ eagla a deirḃṡíur ḟealltaċ Iúdah, aċt dimṫiġ sí agus do rinne sí fós meirdreaċus.

9 Agus tárla tré éattruime a stríopaċuis, gur ṫruáill sí an talaṁ, agus go ndéarnuiḋ sí aḋaltrannus re cloċuiḃ agus ré smotanuiḃ.

10 Agus ṫairis so uile níor ḟill a deirḃṡíur ḟealltaċ Iúdah ċugamsa maille re na huile ċroiḋe, aċt go bréagaċ, ar san TIĠEARNA.

11 Agus a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Is mó do ḟíréunuiġ Israel ṁíoċoinġiollaċ í féin ná Iúdah fealltaċ.

12 ¶ Eíriġ, agus fúagair na bríaṫraso leaṫ ris an ttaoiḃ ṫuáiġ, agus abair, Fill, a Israel ṁíoċoinġiollaċ, a deir an TIĠEARNA; agus ní ṫiuḃra misi ar mfeirg tuitim ort: óir a atáim trócaireaċ, a deir an TIĠEARNA, agus ní ċoinneoċa mé fearg go síoṫḃuan.

13 Aṁáin aduiṁ do ċionta, gur ṡáruiġ tú a naġaiḋ an TIĠEARNA do Ḋía, agus gur spréiġ tú do ṡliġṫe do na coiṁiġṫeaċuiḃ faói gaċ áon ċrann glas, agus nar úṁluiġ tú dom ġuṫsa, a deir an TIĠEARNA.

14 Filliḋ, a ċlann ṁioċoinġiollaċ; a deir an TIĠEARNA; óir atáimsi pósta riḃ: agus glacfa mé siḃ áon as caṫruiġ, agus días as muinntir, agus do ḃéara me siḃ go Sion:

15 Agus do ḃéara mé áoḋaireaḋa ḋíḃ do réir mo ċroiḋe, noċ ḃeaṫoċus siḃ lé héolus, agus le tuigsin.

16 Agus tiucfa a ccríċ, a nuáir oirlíonfuiḋe agus ṁéideoċṫaoi annsa tír, annsna laéṫiḃsin, a deir an TIĠEARNA, ní aibeoruid síad ní as mó, Airc ċunnarṫa an TIĠEARNA: ní mó ṫiucfas dá nintinn: ní mó ċuiṁneoċuid síad í; ní mó raċaid síad ar cúairt ċuice; ní ḋéantar sin ní sa ṁó.

17 Annsa namsin goirfid Dierusalem caṫaóir an TIĠEARNA; agus cruinneoċṫar na críoċa uile ċuice, go hainm an TIĠEARNA, go Hierusalem: agus ní ṡiuḃolfuid síad ní sa ṁó do reir ḃreaṫnuiġe a ndroċ ċroiḋe féin.

18 Annsna laéṫiḃsin siúḃolfuiġ tiġ Iúdah le tiġ Israel, agus tiucfaid lé ċéile as fearann an tuáisceirt don dúṫaiġ ṫug misi mar oiġreaċt dá ḃur naiṫriḃ.

19 Aċt a duḃairt mé, Ciondus ċuirfios mé ṫusa a measg na cloinne, agus ḃéaras mé dúṫaiġ aóiḃin duit, deaġoiġreaċd ṡlúaġ na gcineaḋaċ? agus a dúḃairt mé, Goirfe tú ḋíomsa, Mo aṫair; agus ní ḟillfe tú ar ais uáimsi.

20 ¶ Go deiṁin mar imṫiġeas bean go meaḃlaċ ó na fear, is marsin do rinne tusa go meaḃlaċ riomsa, a ṫiġ Israel, a deir an TIĠEARNA.

21 Do ċlos guṫ ar na haitiḃ árda, caoi agus gearán ċloinne Israel: óir do ṁilleadar a sliġe, agus do ḋearmadar an TIĠEARNA a Ndía.

22 Filliḋ, a ċlann ṁíoċoinġiollaċ, agus leiġeosuiḋ misi ḃur míoċoinġioll. Feuċ, ṫangamar ċugadsa; óir is tú an TIĠEARNA ar Ndía.

23 Go deiṁin is díoṁaóin súil do ḃeiṫ re slánuġaḋ ó na cnocaiḃ, agus ó iomad na slíaḃ: go deiṁin is annsa TIĠEARNA ar Ndía atá slánuġaḋ Israel.

24 Oír do ṡluig náire sáoṫar ar naiṫreaḋ ó ar nóige; a ttréada agus a náirġeaḋa, a mic agus a ninġeana.

25 Luiḋmid síos ann ar náire, agus foluiġiḋ ar mbuáiḋirt sinn: óir do ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA ar Ndía, sinn féin agus ar naiṫre, eaḋon ó ar nóige gus a niuġ, agus níor úṁluiġeamar do ġuṫ an TIĠEARNA ar Ndía.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ