Ieremiah 28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVIII. Tairrgir spleaḋaċ meaḃlaċ Hananiah, anaġaiḋ Ieremiah. 1 Agus tárla an ḃliaḋuin ċéadna, a ttosaċ rioġaċta Ṡedeciah ríġ Iúdah, annsa ċeaṫraṁaḋ bliaḋain, agus annsa ċúigeaḋ mí, gur laḃair Hananiah mac Asur an fáiġ, noċ do ḃí do Ġibeon, riomsa a ttiġ an TIĠEARNA, a laṫair na sagairt agus an ṗobail uile, ġa ráḋ, 2 Is marso laḃrus Día na slóġ, Día Israel, ġa ráḋ, Do ḃris mé cuing ríġ na Babilóine. 3 Táoḃ a stiġ do ḋá ḃliaḋuin iomlána do ḃéara mé liom a rís don náitse uile ṡoiṫiġe ṫiġe an TIĠEARNA, rug Nebuċadnessar ríġ na Babilóine leis as a náitse, agus diomċuir sé don Ḃabilóin. 4 Agus do ḃéara mé a rís don náitse Ieconiah mac Iehoiacim ríġ Iúdah, maille re uile ḃraiġdiḃ Iúdah, do ċuáiḋ don Ḃabilóin, a deir an TIĠEARNA: óir brisfiḋ misi cuing ríġ na Babilóine. 5 ¶ Annsin a dúḃairt an fáiġ Ieremiah ris an ḃfáiġ Hananiah, a ḃfíaġnuise na sagart, agus a ḃfíaġnuise an ṗobail uile do ṡeas a ttiġ an TIĠEARNA, 6 Eaḋon a dúḃairt an fáiġ Ieremiah, Amen: go ndéarna Día sin: go ccoiṁlíona an TIĠEARNA do ḃríaṫrasa noċ a dúḃairt tú, do ṫaḃairt soiṫiḋe ṫiġe an TIĠEARNA ar ais, agus a nuile ḋuine dá rugaḋ a láiṁ don Ḃabilóin, don náitsi. 7 Ṫairis sin éist anois an focalso a déara misi ann do ċlúasaiḃ, agus a cclúasaiḃ an ṗobail uile, 8 Do ṫairrġiriodar na fáiġe do ḃí roṁamsa agus roṁadsa a nallód ar áon a naġaíḋ ṁóráin tíorṫa, agus a naġaíḋ rioġaċta móra, ar ċogaḋ, agus ar olc, agus ar ṗlaiġ. 9 An fáiġ ṫairrġirios síoṫċáin, a núair ṫiucfas bríaṫra a nfáiġ a gcríċ, annsin aiṫeontar an fáiġ, gur bé an TIĠEARNA ḋa ríriḃ do ċuir úaḋ é. 10 ¶ Ann sin do ṫóig an fáiġ Hananiah an ċuing do ṁuinéal a nfáiġ Ieremiah, agus do ḃris sé í. 11 Agus do laḃair Hananiah a ḃfíaḋ nuisi an ṗobail uile, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; Eaḋon marso ḃrisfios mé cuing Nebuċadnessar ríġ na Babilóine ó ṁuinéul na nuile ċineaḋaċ táoḃ a stiġ do spás ḋá ḃliaḋan iomlán. Agus dimṫiġ an fáiġ Ieremiah roiṁe. 12 ¶ Ann sin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċum Ieremiah an fáiġ, (tár éis Hananiah an fáiġ do ḃriseaḋ na cuinge ó ḃráġad a nfáiġ Ieremiah), ġa ráḋ, 13 Imṫiġ agus innis do Hananiah, ḋa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; Do ḃris tú na cuiḃriġe maide; aċt do ḋéana tú cuiḃriġe íarruinn ar a son. 14 Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċur mé cuing íarruinn ar ṁuinéal na gcineaḋaċso uile, ċor go noirfid do Nebuċadnessar ríġ na Babilóine; agus foiġeonuid dó: agus fós ṫug mé beaṫuiġ na maġa ḋó. 15 ¶ Annsin a dúḃairt an fáiġ Ieremiah re Hananiah an fáiġ, Eíst anois, a Hananiah; Ní hé an TIĠEARNA do ċuir úaḋ ṫú; aċt do ḃeir tú air an bpobalso dóṫċusuġaḋ a mbréig. 16 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, teilgfiḋ mé ṫusa do ġnúis na talṁan: éugfuiḋ tú annsa mblíaḋuinsi, do ḃríġ gur mbúin tú easuṁlaċt a naġaiḋ an TIĠEARNA. 17 Mar sin déug Hananiah an fáiġ an ḃlíaḋuin ċéadna, annsa seaċtṁaḋ mí. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society