Ieremiah 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Diarr Ieremiah ó Ḋía, ar an bpobal uṁluġaḋ do Nebuċadressar, neaċ ar iaḋ le campa iad. 1 An focal noċ ṫáinic ċum Ieremiah ón TTIĠEARNA, a núair do ċur an ríġ Sedeciah ċuige Passur ṁac Melċiah, agus Seṗaniah ṁac Maaseiah an sagart, ġa ráḋ, 2 Ceastnuiġ, íarruim daṫċuinge ort, ris an TTIĠEARNA air ar soinne; (óir atá Nebuċadressar ríġ na Babilóine ag déanaṁ cogaiḋ oruinn); má ní an TIĠEARNA rinn do réir a uile oibreaċ iongantaċ, go raċuiḋ sé súas uáinn. 3 Annsin a duḃairt Ieremiah ríu, Is marso a déarṫaói re Sedeciah, 4 Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel; Féuċ, fillfiḋ mé ar ais na hairm ċogaiḋ atá an ḃur láṁuiḃ, lé ttroidṫí a naġaiḋ ríġ na Babilóine, agus a naġaiḋ na Ccaldeánaċ, noċ ṡuíġios ḃur dtimċioll taoḃ amuiġ do na ballaḋuiḃ, agus cruinneoċá mé íad a lár na caiṫreaċso. 5 Agus troidfiḋ mé féin ḃur naġaiḋ maille ré láiṁ sínte amaċ agus le ríġ láidir, eaḋon a ḃfeirg, a mbuile, agus a ndíḃḟeirg ṁóir. 6 Agus buáilfiḋ mé muinntir na caiṫreaċso idir ḋuine agus ḃeaṫaċ: do ġeabuid síad bás do ṗláiġ ṁóir. 7 Agus na ḋiáiġ sin, a deir an TIĠEARNA, seaċóduiġ mé Sedeciah ríġ Iúdah, agus a ṡeirḃísiġ, agus na daoine, agus an ṁéid do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġsi ón bpláiġ, ón cclóiḋeaṁ, agus ón ġorta, a láiṁ Nebuċad‐ressar ríġ na Babilóine, agus a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na ndaóine íarras a mbás: agus buáilfiḋ sé íad le fáoḃar an ċloiḋiṁ; ní ċoigeoluiḋ sé íad, ní mó ḃías truáiġe, nó trócaire aige ḋóiḃ. 8 ¶ Agus a déara tú ris an bpobalso, Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ċuir mé roṁuiḃ sliġe na beaṫa, agus sliġe an ḃáis. 9 An té ḟanfas annsa ċaṫruiġsi éugfuiḋ sé ris an ccloiḋeaṁ, agus ris an ngorta, agus ris an bpláiġ: aċt mairfiḋ an té raċas amaċ, agus ṫuitfios ċum na Ccaldeánaċ ċampuiġios oruiḃ, agus biáiḋ a ḃeaṫa aigesion mar éadáil. 10 Oír do ċuir misi maġaiḋ a naġaiḋ na caiṫreaċso ċum uilc, agus ní ċum maiṫeasa, deir an TIĠEARNA: do béarṫar a láiṁ ríġ na Babilóine í, agus loiscfiḋ sé í lé teine. 11 ¶ Agus do ṫáoḃ tiġe ríġ Iúdah, eistiġ breiṫir an TIĠEARNA; 12 A ṫiġ Ḋáiḃi, is marse a deir an TIĠEARNA; Déan breiṫeaṁnus ar maidin, agus tárṫuiġ an té do milleaḋ amaċ as láiṁ an ṁilltéora, deagla go raċaḋ mfearg amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ ċor naċ ḃféadfaḋ áonduine a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁ. 13 Féuċ, atáim ad aġaiḋ, a áitreaḃuiġ an ġleanna, agus ċairge an réitiġ a deir an TIĠEARNA; noċ a deir, Cía ṫiucfas a núas ar naġaiḋ? nó cía raċus ann ar ttiġṫiḃ? 14 Aċt smaiċteoċa mé siḃ do réir soċair ḃur ngníoṁ, a deir an TIĠEARNA: agus lasfa mé teine iona ḟoraoissin, agus loisgfiḋ sé a nuile ní na ṫimċioll faccuáirt. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society