Ieremiah 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Tug cionta agus ioḋolaḋraḋ na Níuduiġe, gur ṫeilg a Ndía agus a ttír fein amaċ go Babilón, íad. 1 Ṫainic fós bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ġa ráḋ, 2 Ní ṫiúḃra tú bean ċugad, ní mó ḃiáid mic nó inġeana agad san náitsi. 3 Oír is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ na mac, agus a ttáoḃ na ninġean béarṫar annsa náitsi, agus a ttáoḃ a maiṫreaċ noċ do rug íad, agus a ttáoḃ a naiṫreaċ do ġein íad ann sa duṫaiġsi; 4 Eúgfuid síad do ḃásaíḃ doilġiosaċa; ní caóinfiġearíad; agus ní aḋlócṫar íad; aċt béid aṁuil aóileaċ ar ġnúis na talṁan, agus muirfiġear íad leis an ccloiḋeaṁ, agus le gorta; agus béid a ccuirp na mbíaḋ déunuiḃ a naiéir, agus do ḃeaṫuiġiḃ na talṁan. 5 Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Ná héiriġ a steaċ a ttiġ na cuṁa, agus ná héiriġ dá ccaói nó dá ttrúaiġṁéile: óir do ṫóg misi mo ṡíoṫċáin ón bpobalso, a deir an TIĠEARNA, trócaire agus grása. 6 Eúgfuiḋ an mór agus an beag annsa tírsi: ní haḋlócṫar íad, ní mó ċaoinfid daoine íad, nó ġearrfuid íad féin, nó ḋéanuid íad féin máol ar a son: 7 Ní mó stíallfuid daóine íad féin ar a son a ccuṁaiḋ, da ccoṁḟurtaċd ar son na marḃ; ní mó ḃéuruid daóine cupán coṁṡóláis doiḃ dól ar son a naṫar nó a maṫar. 8 Ní raċa tú fós go tiġ a nféusta, do ṡuiḋe na ḃfoċair diṫe agus dól. 9 Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé fa deara do ċosc as a náitsi ann ḃur raḋarc, agus ann ḃur láeṫiḃ, gúṫ an tsúgarṫa, agus gúṫ na lúaṫġáire, gúṫ a nfir núaḋṗósta, agus gúṫ na mná núaḋṗósta. 10 ¶ Agus tiucfa a ccríċ, a nuáir innéosas tú na bríaṫraso uile do na daoiniḃsi, agus a déaruidsin riotsa, Cred far ḟúagair an TIĠEARNA an lán uilcsi ar naġaiḋne? nó créd é ar néigceart? no cred é ar bpeacaḋ noċ do rinneamar a naġaiḋ an TIĠEARNA ar Ndía? 11 Ann sin a déara tú ríu, Do ḃríġ gur ṫréigeadar ḃur naiṫre mé, a deir an TIĠEARNA, agus gur ṡlúḃluiġeadar a ndiáiġ dée oile, agus gur aḋradar ḋóiḃ, agus gur onóruiġeadar íad, agus gur ṫréigeadar misi, agus nar ċoiṁéadadar mo ḋliġeaḋ; 12 Agus go ndearnaḃairsi ní as measa náid ḃur naiṫre; óir, féuċ, siúḃluiġ gaċ uile ḋuine aguiḃ do réir smuáiniġ a droċċroiḋe féin, ċor naċ féidir léo éisteaċd riomsa: 13 Uime sin teilgfiḋ mé as an ttírsi siḃ go tír naċ aiṫnid díḃ féin, ná da ḃur naiṫriḃ; agus annsin foiġontaoi do ḋéeiḃ oile do ló agus doiḋċe; áit naċ ttaisbeanfa misi faḃar ḋíḃ. 14 ¶ Ar a naḋḃarsin, féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, ann naċ aibéorṫar nísa ṁó, Mairiḋ an TIĠEARNA, ṫug clann Israel amaċ as críċ na Hégipte; 15 Aċt, Mairiḋ an TIĠEARNA ṫug a níos clann Israel as tír an tuáisceirt, agus as gaċ uile ṫalaṁ ann ar ḋíḃir sé íad: agus do ḃéara mé a rís dá ndúṫaiġ íad noċ ṫug mé dá naiṫriḃ. 16 ¶ Féuċ, cuirfe mé fios air ṁórán íascaireaḋ, a deir an TIĠEARNA, agus géaḃuid siad íad; agus na ḋíaiġsin cuirfiḋ mé fios ar ṁórán sealgaireaḋ, agus do ḋéanaid a ḃfíaḋaċ ó gaċ uile ṡlíaḃ, agus ó gaċ uile ċnoc, agus a maċ as polluiḃ na ccarrac. 17 Oír atáid mo ṡúile ar a nuile ṡliġṫiḃ: ní ḃfuilid a ḃfólaċ óm ġnúis, ní mó atáid a ccionta a ḃfolaċ ar mo ṡúiliḃ. 18 Agus an ċéaduáir cúiteoċa mé a néigceart agus a bpeacaḋ dúbalta; do ḃríġ gur ṫruáilleadar mo ḋúṫaiġ, do líonadar moiġreaċt le conablaċuiḃ a neiṫeann aḋḟúaṫṁar ngráineaṁuil. 19 O a ṪIĠEARNA, mo neart, agus mo ḋaingion, agus mo ċúil ḋidin a ló na haindeisi, tiucfaid na geintiḋe ċugad ó ṫéorannuiḃ na talṁan, agus a déuruid, Go deiṁin do ġaḃadar ar naiṫre óiġreaċt na mbréug, an dioṁaoinis, agus neiṫe gan tairḃe. 20 An ndéana duine dée ḋó féin, agus naċ dée íad ar áonċor? 21 Ar a naḋḃarsin, féuċ, do ḃéara mé orra a núairse aiṫniuġaḋ, do ḃéara mé orra mo láṁ agus mo neart daiṫniuġaḋ; agus aiṫeonuid síad gur bé an TIĠEARNA mainm. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society