Ieremiah 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Searnóin attaóḃ aiṫreaċuis, 12 ríġ agus ṗobail: 22 Olcas fós an droċċleaċtaḋ. 1 Is marso a deir an TIĠEARNA riomsa, Imṫiġ, faġ ḋuit crios línéaduiġ, agus cuir air do leasraċ é, agus ná cuir a nuisge é. 2 Annsin fuáir mé crios do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA, agus do ċuirios ar mo leasraċ é. 3 Agus ṫáinic focal an TIĠEARNA ċugam an dara huáir, ġa ráḋ, 4 Glac an crios noċ do fuáir tú, noċ atá ar do leasraċ, agus éiriġ, imṫiġ go Heuṗrátes, agus fóluiġ annsin é a bpoll don ċarruic. 5 Mar sin dimṫiġ mé, agus do ḟóluiġ mé ag Euṗrátes é, mar do áiṫin an TIĠEARNA ḋíom. 6 Agus tárla tar éis ṁóráin do láeṫiḃ, go ndúḃairt an TIĠEARNA riom, Eiriġ, imṫiġ go Heuṗrátes, agus taḃair an críos as sin, noċ daiṫin mé ḋíot dfólaċ ann. 7 Ann sin do ċuáiḋ mé go Heuṗrátes, agus do ṫoċail mé, agus ṫug mé an crios as a náit ionar ḟóluiġ mé é: agus, féuċ, do ḃí an crios millte, níor fóġuin sé ċum neiṫe ar biṫ. 8 Ann sin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ḋa ráḋ, 9 Is marso a deir an TIĠEARNA, Ar an moḋso ṁillfios mé úaḃar Iúdah, agus mórúaḃar Ierusalem. 10 Biáiḋ na droċḋaóinesi, noċ ḋíultas mo ḃríaṫra déisdeaċd, noċ imṫiġios do réir ṫoíle a ninntinne, agus ṡiuḃluiġios do réir ḋée oile, dá naḋraḋ, agus do ḋéanaṁ seirḃíse ḋóiḃ, do nós an ċreasa so, naċ maiṫ ċum aóinneiṫe. 11 Oír mar ṫeannas an crios ré leasraċ duine, marsin ṫug misi air ṫiġ Israel uile teannaḋ ríomsa agus ar ṫiġ Iúdah uile, a deir an TIĠEARNA; ċor go mbeidís na bpobal agam, agus na nainm, agus na molaḋ, agus na nglóir: aċt níor éisteadar. 12 ¶ Uimesin laiḃeora tusa ríu an focalso; Is marso a déir an TIĠEARNA Día Israel, Lionfuiġear gaċ áon ḃuidéal le fíon: agus a déuruid riot, Naċ fios dúinne go deiṁin go líonfuiġear gaċ aon ḃuidéal lé fíon? 13 Ann sin a déara tú ríu, Is marso a deir an TIĠEARNA, Féaċ, líonfa mé uile áitreaḃṫaċa na tírese, eaḋon na ríġṫe ṡuiġios a ccaṫaóir Ḋáiḃi, agus na sagairt, agus na fáiġe, agus uile áitreaḃṫaċa Ierusalem, le meisge. 14 Agus géaḃa mé ḋíoḃ féin fa ċéile, eaḋon na haiṫre agus na mic a naóinḟeaċt, a deir an TIĠEARNA: ní ḃía truáiġe agam, ní ċoigeola mé, ní ḋéan trócaire, aċt scriosfa mé íad. 15 ¶ Eístiġsi, agus tugaiḋ clúas; ná bíṫí uáiḃreaċ: óir do laḃair an TIĠEARNA. 16 Tugaiḋ glóir dá ḃur TTIĠEARNA Día, suil dó ḃéara sé dorċadus, agus suil ṫuisleoċuid ḃur ccosa ar na sléiḃtiḃ dorċa, agus, an feaḋ ḃeiṫí ag feiṫioṁ re solus, go ḃfillfiḋ séision é a sgáile an ḃáis, agus go ndéana sé dorċaċt ṫiuġ ḋe. 17 Aċt muna néistiġe ris, caóiḋfiḋ manam a náitiḃ uáigneaċa ar son ḃur núaḃair; agus guilfid mo ṡúile go géur, agus riṫfid síos lé déoruiḃ, do ċionn tréada an TIĠEARNA do ḃreiṫ ar siuḃal a láiṁ. 18 Abruiḋ ris an ríġ agus ris an mbainríoġain, Uṁluiġíḋ siḃ féin, suíġiḋ síos: óir tiucfa ḃur bprionnsaṁlaċt síos, eaḋon coróin ḃur nglóire. 19 Druidfiġear caiṫreaċa an deisceirt súas, agus ní oisceoluiḋ áonduine íad: béarṫar Iúdah uile ar siuḃal a mbraiġdionas, béarṫar a mbía ann a láiṁ go hiomlán. 20 Tógḃaiḋ súas ḃur súile, agus féuċuiḋ an luċt ṫig ón ttuáiscceart: cáit a ḃfuil an tréad tugaḋ ḋuitsi, do ṫréad scíaṁaċ? 21 Cred a déara tú a nuáir ḃéarus sé pionús duit? (óir do ṁúin tú ḋóiḃ ḃeiṫ na ccaiptíniḃ, agus mar úaċtaránuiḃ ós do ċionn:) naċ géaḃa brón ṫú, aṁuil bean re nioḋnuiḃ? 22 ¶ Agus ma deir tú ann do ċroíḋe, Cred fa ttigid na neiṫese orumsa? Ar son méid huilc atáid do sciortaḋa leis, agus do ṡála ar ndéanaṁ lomnoċt. 23 An ḃféadann an Tetíopeaċ a ċroicionn do ṁalairt, nó an liopard a ḃreice? marsin féadṫaoise fós maiṫ do ḋéanaṁ, noċ ġnáṫuiġios déanaṁ uilc. 24 Uimesin scaóilfiḋ mé ó ċéile íad do nós an ċonnluiġ noċ imṫiġios ar siuḃal lé gaóiṫ a nfásuiġ. 25 Isé so do ċrannċarsa, cuid do ṫoṁais uáimsi, a deir an TIĠEARNA; do ḃríġ gur ḋearmuid tú misi, agus gur ṫáoḃuiḋ tú ré bréig. 26 Uimesin léigfiḋ mé do sciortaḋa leis ar haġaiḋ, ċor go má léir do náire. 27 Do ċonnairc mé haḋaltrannuis, agus do ṡeitreaċa, gráin do stríopaċuis, do graáineaṁlaċd ar na cnocuiḃ annsna maċairiġiḃ. A ṁairg ḋuit, a Ierusalem! naċ déana tú ṫú féin glan? ca ham fós a ḃías sin? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society