Hosea 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Bagra arson ċráḃaiḋ eattrom, agus aneólas an dliġe. 1 Cuir an stoc ċum dó ḃéil. Tiucfuiḋ sé aṁuil iolar a naġaiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡáruiġeadar mo ċunnraḋ, agus gur ċiontuiġeadar a naġaiḋ mo ḋliġe. 2 Goirfiḋ Israel ċugam, Mo Ḋía, aiṫniġmid ṫú. 3 Do ṫeilg Israel uáḋ an ní is maiṫ: inġreamoċuiḋ an náṁuid eision. 4 Do ċuireadar ríġṫe súas, aċt ní maille ríomsa: do rinneadar prionnsaḋa, agus ní raiḃ a ḟios agamsa: do rinneadar ioḋal dóiḃ féin dá nairgiod agus dá nór, ċor go ngeárrfuiḋe amaċ íad. 5 Do ṫeilg do láoġ úaḋ ṫusa, a Ṡamária; atá mfearg ar lasaḋ na naġaiḋ: gá fad ḃías suil roiṫeoċuid go neiṁċiontaċus? 6 Oír is ó Israel do ḃí mar an cceadna: do rinne an fear oibre é; uimesin ní Día é: aċt brisfiġear láoġ Ṡamária a mbloḋuiḃ. 7 Oír do ṡíoladar an ġáoṫ, agus beanfúid an ġáoṫ ġuáirdeain: ní ḃiáiḋ connlaċ aige: ní ṫiuḃra an coinlín min uaḋa: má ḃeir, isé an coiṁṫiġeaċ ṡluigfios súas í. 8 Do sluigeaḋ Israel súas: anois béid siad a measg na Ngeinteaḋ mar ṡoiġṫeaċ gan dúil ar bioṫ ann. 9 Oír do ċúadar súas do Nassíria, assal fíaḋta na áonar leis féin: dfostoiġ Eṗraim áosgráḋ. 10 A seaḋ, bíoḋ gur ḟostadar a measc na ccineaḋaċ, a nois cruinneoċa misi íad, agus do ḋéanuid beagán doilġis ar son úaluiġ ríġ na bprionnsaḋ. 11 Do ḃríġ go ndeárna Eṗraim mórán altóraċ do ṗeacuġaḋ, béid altora aige ċum peacaiḋ. 12 Do scrioḃ misi ċuige neiṫe móra mo ḋliġe, aċt do measaḋ mar ní coiṁṫiġeaċ íad. 13 Ofráluid síad feóil ar son íoḋḃarṫaċ mofrálaċsa, agus iṫid í; aċt ní ġlacann an TIĠEARNA íad; anois cuiṁneoċa sé a néigceart, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacaḋ: fillfid síad don Négipt. 14 Oir do ḋearmuid Israel a Ċruṫaiġṫeóir, agus cuiriḋ sé teampuill súas; agus dfoirlíon Iúdah caiṫreaċa dáingne: aċt cuirfiḋ misi teine air a ċaiṫreaċaiḃ, agus loisgfe sí a bpáláis sin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society