Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Hosea 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Géur‐smaċt fa ċoinne ṗobuil doṫleiġis.

1 Anuair buḋ mían liom Israel do leiġios, annsin do foillsiġeaḋ éigceart Eṗraim, agus urċóid Ṡamária: óir do níd síad bréaga; agus ṫig an gaduiġe a steaċ, agus milliḋ an ċoṁláiṁ ṡladṁóireaḋa amuiġ.

2 Agus ní ṁeasuid siad iona ccroiḋṫiḃ go ccuiṁniġimsi a nuile olc: a nois do ṡuiġ a ngníoṁa féin iona ttimċioll, atáid as coinne maiġṫe.

3 Cuirid síad lúaṫġair air an ríġ le na cciontaiḃ, agus air na prionnsaḋuiḃ le na mbréuguiḃ.

4 Atáid uile na naḋaltrannaċaiḃ, aṁuil uáiṁ te ón ḃáicéir, noċ scuirios do ṫógḃáil tairéis an taóis do ṡúaṫaḋ, nó go raiḃ na loiḃín.

5 A ló ar riġ do rinneadar na prionnsaḋa tinn é le buidealuiḃ fíona; síniḋ sé a láṁ amaċ le haḃlóiriḃ.

6 Oír do rinneadar a ccroiḋe ullaṁ aṁuil uáiṁ, an feaḋ luiġid a luiġeaċán: codluiḋ a mbáicéir feaḋ na hoiḋċe; ar maidin loisciḋ sé mar ṫeine lasaṁuíl.

7 Atáid uile te aṁuil bácús, agus do ṡlnigeadar a mbreiṫeaṁuin; do ṫuiteadar a riġṫe uile: ní ḃfuil áon na measg ġoirios orumsa.

8 Do ċumaisc Eṗraim é féin a measc an ṗobail; atá Eṗraim na ḃairġin naċ ar hiompoiġeaḋ.

9 Do ṡluigeadar coiṁṫiġiḋ a neart, agus ní ḃfuil a ḟios aige: fós, atá grúag liaṫ air ann so agus ann súd, giḋeaḋ ní ḃfuil a ḟios aige.

10 Agus fiaḋnuiġid úaḃar Israel a cclár a éadain: agus ni ḟillid ċum an TIĠEARNA a Ndía, agus ní íarruid é ṫairis so uile.

11 ¶ Is cosṁuil Eṗraim mar an ccéadna re colum súarraċ gan ċroiḋe: goirid ar a Négipt, tíaġuid do Nassíria.

12 A nuáir imeoċuid siad, leiṫneoċa misi mo líon orra; do ḃéara mé síos íad aṁuil éunlaiṫ neiṁe; smaiċteoċa mé íad, aṁuil do ċúaluiḋ a ccoiṁṫionól.

13 A ṁairg ḋóiḃsion! óir do ṫeiṫiodar uáimse: donas orra! do ḃriġ gur ċiontuiġeadar am aġaiḋ: bíoḋ gur ḟúascail mé íad, giḋeaḋ do laḃradar bréaga am aġaiḋ.

14 Agus níor ġoireadar orum le na ccroiḋe, an tan do núalladar orum iona leabuiḋ; do ċruinniġeadar íad féin ċum arḃa agus fíona, agus do níd cogaḋ am aġaiḋsi.

15 Matá gur ċeangail mé agus gur neartuiġ mé a láṁa, ṫáirissin tionscnuid síad urċóid am aġaiḋ.

16 Fíllid síad, aċd ní ċum an té is ro Airde: is cosṁuil re boġa mealltaċ íad: tuitfid a bprionsaḋa leis an ccloiḋeaṁ, do ḃríġ díḃḟeirge a tteangaḋ: buḋ é so a magaḋ a ccríċ na Hégipte.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ