Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Hosea 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Dimṫiġ Israel contrarḋa do na haiṫeantaiḃ gu hiomlán.

1 Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.

2 Agus atáid na heasurrumuiġ ro ḟonnṁar ċum áir do ḋéanaṁ, bíoḋ go raiḃ misi aiṫḃioraċ orra uile.

3 Atá fios Eṗraim agum, agus ní ḃfuil Israel a ḃfolaċ orum: óir anois, a Eṗraim, do rinne tú stríopaċus, agus atá Israel air na ṫruáilleaḋ.

4 Ní ċumfuid síad a ngníoṁa dfilleaḋ ċum a Ndé: óir atá spiorad an stríopaċuis iona lár, agus níor ḃaiṫnid ḋóiḃ an TIĠEARNA.

5 Agus fíaḋnuiġiḋ úaḃar Israel a cclár a éadain: uimesin tuitfiḋ Israel, agus Eṗraim iona néigceart; tuitfiḋ fós Iúdah maille ríu.

6 ¶ Imeoċuid síad le na ttréaduiḃ agus le na nealḃuiḃ díarruiḋ an TIĠEARNA; aċt ní ḃfuiġid síad é; do ṫarruing sé é féin úaṫa.

7 Do rinneadar go fealltaċ a naġaiḋ an TIĠEARNA: óir do ġineadar clann ċoiṁṫiġṫeaċ; anois sluigfiḋ míosa íad maille ré na ccuid ronna.

8 Séidiġse an ḃúaḃall ann Gibeah, agus an stoc ann Rámah: coṁairciḋe ós áird a Mbet‐aḃen: ad ḋiaiġsi, a Ḃeniamin.

9 Biaiḋ Eṗraim áonránaċ a ló a niomaiṫḃir: ameasc ṫreaḃ Israel dinnis mé an ní ḃías ann go deiṁin.

10 Do buḋ cosṁuil prionnsaḋa Iúdah ris an ndruing áitreaḃus an téora: dóirtfiḋ mé amaċ mfearg orra aṁuil uisge.

11 Do brúiġeaḋ Eṗraim agus atá sé briste a mbreiṫeaṁnus, do ḃríġ gur ṡiuḃail sé go toileaṁuil do réir na háiṫne.

12 ¶ Uimesin biáiḋ misi do Eṗraim aṁuil léamann, agus do ṫiġ Iúdah aṁuil neiṫe loḃṫa.

13 An tan do ċonnairc Eṗraim a ṫinneas, agus Iúdah a ċneaḋ, ann sin do ċuáiḋ Eṗraim a ccionn a Nassírianaċ, agus do ċuir fios gus an ríġ Iáreb; giḋeaḋ níor ḟéad sé siḃsi do ṫárṫáil, nó ḃur leiġios ó ḃur ccneiḋ.

14 Oír biaiḋ misi do Eṗraim aṁuil leoṁan, agus do ṫiġ Iúdah mar leoṁan óg: réabfa misi, eaḋon misi féin, agus imeoċad roṁam; do ḃéara mé liom é, agus ní ḟúaideoċuiḋ duine ar bíoṫ úaim é.

15 ¶ Imeoċa mé agus fillfiḋ mé ċum máite féin, nó go nadṁaid síad a ccoir, agus go níarruid síad maġaiḋ: íarrfuid síad go moċ mé iona mbuáiḋreaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ