Hosea 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Onóir, gráineaṁlaċda, agus pionus doirḃ Israel. 1 An tan do laḃair Eṗraim, ar crioṫ, dárduiġ sé é féin a Nisrael; aċt an tan do ṗeacuiḋ sé a Mbaal, fuáir sé bás. 2 Agus anois peacuiġid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar ioṁáiġe leaġṫa dá nairgiod, agus ioḋail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreaċa na ḃfear ceirde: a deirid dá ttáoḃsan, Na daóine ioḋbras pógaidís na laóiġ. 3 Uimesin béid síad aṁuil néull maidne, agus aṁuil an moċḋrúċt noċ imṫiġios seaċad, mar au ccáiṫ díbearṫar leis an ngaóiṫ ġuáirdeáin as a nurlár, agus aṁuil an deataċ as an tsimné. 4 ¶ Ṫairis sin is misi an TIĠEARNA do Ḋía ó ċríċ na Hégipte, agus ní ḃiáiḋ fios día ar biṫ agad aċt misi: óir ni ḃfuil slanaiġṫeoir táoḃ amuiġ ḋíomsa. 5 Dob aiṫne ḋaṁ ṫú annsa ḃfásaċ, a ndúṫaiġ an tarta ṁóir. 6 Do réir a ninḃir, is marsin do líonaḋ íad; do líonaḋ íad, agus do ḃí a ccroiḋe air na árduġaḋ; uimesin do ḋearmadar misi. 7 Uimesin biáiḋ misi ḋóiḃsion aṁuil leoṁan: mar liopard annsa tsliġe ḃéara mé dom aire íad. 8 Teigeoṁa mé ríu aṁuil beiṫir dá mbeantar a cuiléin, agus brisfe mé scairt a ccroiḋe, agus annsin sluigfiḋ mé íad aṁuil leoṁan: réubfuiḋ an beaṫaċ álta íad. 9 ¶ O a Israel, uáid féin atá do scrios, aċt is ionnamsa atá do ċaḃair. 10 Biáiḋ misi am ríġ agad: cáit a ḃfuil duine ar bioṫ oile ḟéadas do ṡáḃáil ann do ċaiṫreaċaiḃ uile? agus do ḃreiṫeaṁuin do ṫáoiḃ a ndúḃairt tu, Taḃair ḋaṁsa ríġ agus prionnsaḋa? 11 Ṫug mé ríġ ḋuit ann mfeirg, agus rug mé liom é ann mo ḋíḃḟeirg. 12 Atá éigceart Eṗraim ceangailte súas; do folċaḋ a ṗeacaḋ. 13 Tiucfuid dóilġiosa mná re nioḋnuiḃ air: is mac éigcrionna é; óir níor ċóir ḋó seasaṁ a ḃfad a náit ḃriste amaċ na cloinne. 14 Fuáisceola mé íad ó ċuṁaċdaiḃ na huáiġe; fuáisceola mé íad ón mbás: Oh a ḃáis, biáiḋ misi am ṗláiġ ḋuit; Oh a uáiġ, biáiḋ mé am scrios duit: foileoċṫar aiṫreaċus óm ṡúiliḃ. 15 ¶ Má tá go ḃfuil sé tarḃaċ a measg a ḋearḃráiṫreaċ, tiucfa gáoṫ a noir, tiucfa gáoṫ an TIĠEARNA súas ón ḃfásaċ, agus tiormoċuiḋ sí a ṫobar, agus tiormoċṫar súas a ṫiubruid: millfe sé ionnṁus gaċ uile ṡoiṫeaċ taitneaṁaċ. 16 Biáiḋ Samária áonránaċ; óir do rinne sí cogaḋ a naġaiḋ a Dé: tuítfid síad ris an ccloiḋeaṁ: réubfar a naóiḋin na mbloḋuiḃ, agus sgoiltfiġṫear a mná torrċa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society