Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Hosea 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Go bfuil Día iona oide altruinn dá ṗobal, ge go bfuilidsion minic dombuiḋeaċ.

1 An tan do ḃí Israel na leanaṁ, annsin dob ionṁuin liom é, agus do ġoir mé mo ṁac amaċ as an Négipt.

2 Mar do ġoireadar íad, is marsin dimṫiġeadar úaṫa: díoḋbradar do Ḃaalim, agus do loisgeadar túis díoṁáiġiḃ greanta.

3 Do ṁúin mé fós siuḃal do Eṗraim, dá nglacaḋ ar láṁuiḃ; aċt ní raiḃ a ḟios aca gur leiġis misi íad.

4 Do ṫarruing mé íad le córduiḃ duine, lé cuiḃreaċ gráḋ: agus do ḃí mé ḋóiḃ mar an ndroing ṫógḃas an ċuing air a ngíalluiḃ, agus do ċuir mé bíaḋ fúṫa.

5 Ní ḟillfiḋ sé go críċ na Hégipte, aċt buḋ é an Sírianaċ a ríġ, do ḃríġ gur ḋíultádar filleaḋ.

6 Agus coiṁneoċuiḋ an cloiḋeaṁ air a ccaiṫreaċaiḃ, agus brisfiḋ sé a ḃeangáin, agus sluigfiḋ íad, do ḃríġ a ccoṁairleaċ féin.

7 Agus atá mo ṗobal cláon ċum sleaṁnuiġṫe síar uáimse: bíoḋ gur ġoireadar íad ċum an té is ro Airde, ní áirdeoċuiḋ duine ar bioṫ é.

8 ¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.

9 Ní ċríoċnoċa mé buirbe mfeirge, ní iompoċa mé do ṁilleaḋ Eṗraim: óir is Día mé, agus ní duine; an Táon Náoṁṫa ann do lár: agus ní raċuiḋ mé a steaċ annsa ċaṫraiġ.

10 Síuḃoluid síad a ndiáiġ an TIĠEARNA: núallfuiḋ sé aṁuil leoṁan: an tan núallfas sé, annsin crioṫnoċuid an ċlann ó níarṫar.

11 Crioṫnoċuid síad aṁuil éun as an Négipt, agus aṁuil colum as tír na Hassíria: agus suiḋeoċa misi iona ttiġṫiḃ íad, a deir an TIĠEARNA.

12 ¶ Compasuiġ Eṗraim mé fá ccuáirt lé bréaguiḃ, agus tiġ Israel le ceilg: aċt ríaġluiḋ Iúdah fós maille ré Día, agus atá sé ionruic maille leis na náoṁuiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ