Hosea 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Aċṁusan Israel arson a neigceart agus a nioḋala. 1 Is fíneaṁuin gan toraḋ Israel, do ḃeir sé amaċ toraḋ ḋó féin: do réir iomuid a ṫoruiḋ do ṁéaduiġ sé na haltóra; do réir maiṫeasa a ḟearuinn do rinneadar íoṁáiġe breáġa. 2 Atá a ccroiḋe roinnte; anois do ġeaḃṫar ciontaċ íad: brisfiḋ sé síos a naltóra, millfiḋ sé a níoṁáiġe. 3 Oír a déaruid síad anois, Ní ḃfuil ríġ ar bioṫ aguinn, do ḃríġ naċ raiḃ eagla an TIĠEARNA oruinn; maiseaḋ, cred do ḋéanaḋ ríġ ḋúinn? 4 Do laḃradar focuil, ag taḃairt a néiṫiġ a ndéanaḋ cunnarṫa: marso ḟásas breiṫeaṁnus súas aṁuil muinṁear a neitriġiḃ an mbaċaire. 5 Eagloċuiḋ luċt áitreaḃa Ṡamária, do ḃriġ láoġ Ḃet‐aḃen: óir caóiḋfid a daoine ós a cionn, agus a sagairt do ġáirdiġ ría, do ḃríġ a glóire, do ċionn gur imṫiġ uáiṫe. 6 Do ḃéarṫar fós do Nassíria é mar ṫaḃartas go ríġ Iareb: do ġeaḃa Eṗraim náire, agus biáiḋ náire air Israel tre na ċoṁairle féin. 7 Ar son Ṡamária, do gearraḋ a ríġ amaċ mar an ccuḃar air a nuisce. 8 Aite árda Aḃen mar an gcéadna, scriosfuiġear, peacaḋ Israel: tiucfuiḋ an droiġion agus an foġḃannán súas ar a naltóraċaiḃ; agus déaruid ris na sleiḃtiḃ, Folċuiḋ sinn; agus ris na cnoċaiḃ, Tuitiġ oruinn. 9 O a Israel, do ṗeacuiḋ tú ó láeṫiḃ Ġibeáh: ann sin do ṡeasadar: ní rug an caṫ a Ngibeáh a naġaiḋ ċloinne a néigceirt orra. 10 Atá dfonn orum a smaċtuġaḋ; agus cruinneoċṫar an pobal na naġaiḋ, an tan ċeangoluid íad féin iona ndá eitriġe. 11 Agus is láoġ do múineaḋ Eṗraim, agus graḋuiġiḋ sé an tarḃar do ṡaltairt síos; aċt dimṫiġ misi tair a muineal breáġa: do ḃéara mé air Eṗraim marcuiġeaċd do ḋéanaṁ; treaḃoċuiḋ Iúdah, agus brisfiḋ Iácob a ḟóide. 12 Síolċuiriḋ ḋíḃ féin a nionracus, beanuiḋ a ttrócaire; brisiḋ súas ḃur ḃféarainn branair: óir is miṫid an TIĠEARNA díarruiḋ, nó go ttí sé agus go ḃfearuiḋ fíreuntaċt oruiḃ: 13 Do ṫreaḃaḃair urċóid, do ḃeanaḃair éicceart; diṫeaḃair toraḋ na mbréug: do ḃríġ gur ḋóṫċusaiġ tú ann do ṡlíġe, a niomadaṁlaċt do ḋaóine cuṁaċtaċ. 14 Uimesin éireoċuiḋ ceannairg eidir do ḋaóiniḃ, agus millfiġear do ḋaingin uile, mar do ṁill Salman Bet‐arbel a ló an ċaṫa: do réubaḋ an ṁaṫair na bloḋuiḃ air muin a cloinne. 15 Marso do ḋéana Betel riḃsi do ḃríġ méid ḃur nurċóide: a maidin géarrfuiġear ríġ Israel ṫríd amaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society