Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Gníoṁarṫa 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX Iompóḋ Ṡáuil ċum creideaṁ, 36 agus Tabiṫa ar na tógḃail ó ḃás.

1 Agus ar mbeiṫ do Ṡaul, fós ag séideaḋ bagair agus marḃṫa a naġiaḋ ḋeisciobal an Tiġearna, do ċúaiḋ sé ċum a nárdṡagairt.

2 Agus díarr sé leitreaċa air go Damascus ċum na sínagóg, ionnus dá ḃfaġaḋ sé éinneaċ, dfior nó ṁnáoi don tsliġese, go dtíuḃraḋ sé ris íad go Hiarusalém ceangailte.

3 Agus ag imṫeaċd do, ṫáinic sé a ḃfogus do Ḋamascus: agus go hobann do ḋeallruiḋ soillse neiṁe mar ṫeinnteaċ na ṫimċeall:

4 Agus ar dtuitim ḋó ċum na talṁan, do ċúalaiḋ sé gúṫ ag ráḋ ris, A Ṡaúil, a Ṡaúil, créud fá a ḃfuil tú ag gérleanṁuin orum?

5 Agus a duḃairt seision, Cía ṫu féin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt an Tiġearna, As mé Iósa ar a ḃfuil tusa ag gérleanṁuin: is crúaiḋ ḋuit ḃeiṫ ag gaḃáil dod ṡálaiḃ a naġaiḋ na ndeilg.

6 Agus ar mbeiṫ do Ṡául ar criṫ agus lán dúaṫḃas a duḃairt sé, A Ṫiġearna, créud is áil leaċd do ḋéunaṁ ḋaṁ? Agus a duḃairt an Tiġearna ris, Eiriḋ, agus imṫiġ a sdeaċ don ċaṫruiġ, agus foillséoċar ḋuit créud is cóir ḋuit a ḋéunaṁ.

7 Mar an gcédna an dream do ṡiúḃail má ráon ré Sául do ṡeasadar go búaiḋearṫa, ag éisdeaċd ris an ngúṫ, aċd gan aṁarc ar éinneaċ aca.

8 Agus do éiriḋ Sául don talaṁ; ar nosglaḋ a ṡúl dó, ní ḟacaiḋ sé éinneaċ: agus ag breiṫ ḋóiḃsion ar láiṁ air, do ṫréoraiġeadar go Damáscus é.

9 Agus do ḃí sé trí láeṫe gan aṁarc ar biṫ aige, agus níor íṫ agus níor iḃ éinni.

10 Agus do ḃí deisciobal áiriġe a Ndamáscus, dar ḃainm Ananías; ré a nduḃairt an Tiġearna a dtáiḃse, A Ananiáis. Agus a duḃairt seision, Féuċ, atáim ann so, a Ṫiġearna.

11 Agus a duḃairt an Tiġearna ris, Eiriḋ, agus imṫiġ don tsráid ré ráiḋtear Díreaċ, agus íarr a dtiġ Iúdais, an té dar ab ainm Sául ó Ṫarsus: oír, féuċ, atá sé ag ḋéunaṁ urnuiġe.

12 (Agus do ċonnairc sé a dtaiḃse fear dar ḃainm Ananias ag teaċd a steaċ, agus ag cur a láiṁe air, ionnus go nglacfaḋ sé a raḋairc.)

13 Aċd do ḟreagair Ananías, A Ṫiġearna, do ċúalaiḋ me ó ṁórán ar an ḃfear so, a ṁéud dolcaiḃ do rinne sé dod náoṁaiḃse a Níarusalém:

14 Agus atá cúṁaċda aige ann so ó na hárdsagartaiḃ na huile ḋáoine ċeangal ġuiḋeas hainmse.

15 Aċd a duḃairt an Tiġearna ris, Imṫiġ roṁad: oír atá sé na ṡoiġṫeaċ tóġṫa agamsa, ċum manma diomċar a ḃfiaḋnuise na Gcineaḋaċ, agus na ríġṫeaḋ, agus ċloinne Israél:

16 Oír foillséoċaiḋ misi ḋó créud é méud na neiṫeann is éigin dó ḟulang ar son manmasa.

17 Dimṫiġ Ananías ann sinm agus do ċúaiḋ sé a steaċ don tiġsin; agus ar gcur a láṁ airsion a duḃairt sé, A Ṡaúil a ḋearḃráṫair, an Tiġearna, Iósa, do táiḃreaḋ ḋuit sa tsliġe iona dtáinic tú, do ċuir sé misi, ċum aisig do raḋairc dfaġáil duit, agus do ḃeiṫ líonta don Spiorad Náoṁ.

18 Agus ar an mball do ṫuiteadar ó na ṡúiliḃ mar do ḃeiṫ sgamail: agus fúair sé a raḋaírc gan ḟuireaċ, agus ar néirġe ḋo, ġaḃ sé baisdeaḋ.

19 Agus do ċaiṫ bíaḋ, agus do neartuiġeaḋ é. Agus do ḃí Saul láeṫe áiriġe a ḃfoċair na ndeisciobal do ḃí a Ndamáscus.

20 Agus ar an mball do ṡeanmóir sé Críosd ann sna sinagógaiḃ, gur ḃé so Mac Dé.

21 Agus do ġaḃ úaṫḃás na huile ḋáoine do ċúalaiḋ é, agus a duḃradar, A né naċ é so an té úd do sgrios a Niarusalem an dream do ġuiḋ an tainmse, agus is ċuige ṫáinic sé ann so, da mbreiṫ ris ceangailte ċum na nárdsagart?

22 Aċd is móide do neartuiġeaḋ Sául, agus do ċláoi sé na Iúdaiġe do áitriġ a Ndamascus, ag deiṁniuġaḋ gur bé so Críosd.

23 Agus ar ndul moráin do láeṫiḃ ṫárrsa, do rinneadar na Iúdaiġe do ċoṁairle a ḃfoċair a ċéile eision do ṁarḃaḋ:

24 Aċd do aiṫin Saul a ccealg. Giḋeaḋ do ḃí coiṁéud acasab ar ba geataiḋiḃ do ló agus doiḋċe, ċum eision do ṁarḃaḋ.

25 Uime sin ar na ġaḃáil ċuca do na deisciobluiḃ sa noiḋċe, do ċuireadar amaċ tré san mballa é dá léigean síos a gclíaḃ.

26 Agus ar dteaċd do Ṡául go Hiarusalém, do ċuir sé roiṁe ceangal ris na deisciobluiḃ: aċd do ḃí faitċeas orṫa uile roiṁe, agus níor ċreideadar ḋó gur ḋeisciobal é.

27 Aċd ar na ġaḃáil ċuige do Ḃarnabás, rug sé gus na habsdalaiḃ é, agus dfoillsiġ sé ḋóiḃ cionnus do ċonnairc sé an Tiġearna sa tsliġe, agus gur laḃaír sé ris, agus cionnas do laḃair sé go dána a Ndamascus a nainm Iósa.

28 Agus do ḃí sé na gcaidreaḋ súd ag teaċd a steaċ agus ag dul amaċ a Niarusalém.

29 Agus do laḃair sé go dána a nainm an Tiġearna Iósa, agus do ḃíoḋ sé ag diosbóireaċd a naġiaḋ na Ngréugaċ: agus do ġaḃadarsan do láiṁ eision do ṁarḃaḋ.

30 Aċd ar ḃfaġáil ḟeasa do ná dearḃraiṫreaċaiḃ, do ṫréoraiġeadar é go Seasaréa, agus do ċuireadar as sin go Tarsus é.

31 Uime sin fúair an eagluis ar feaḋ ṫire Iúdaiġe agus na Galilé agus na Samária síoṫċain; ar mbeiṫ ḋóiḃ ar na dtogḃáil súas sa gcreideaṁ: agus ag siúḃal a neaglá Dé, agus do ḃádar ar na líonaḋ do ċoṁḟurtaċd an Spiorad Náoiṁ.

32 Agus tárla, ag gaḃáil dp Ṗeadar tríoṫaḋ uile, go dtáinic sé ċum na náoṁ do áitriġ a Liddá.

33 Agus fuáir sé ann sin duine áiriġe ḋar ḃainm Enéas, do ḃí a bpairilis, agus nar éiriġ as a leabaiḋ feaḋ oċd mblíaḋan.

34 Agus a duḃairt Peadar rís, A Enéas, do ní Iosa Críosd slán ṫú: eiriġ, agus tóg do leabaiḋ. Agus ris sin féin déiriġ seision.

35 Agus do ċunncadar an ṁéid do áitriġ a Liddá agus a Sáron é, noċ do ḟill ċum an Tiġearna.

36 Agus do ḃí baindeisciobal áiriġe a Níoppá dar bainm Tabita, (ré a ráitear ar na eidirṁíniuġaḋ Dorcás:) do ḃí an ḃeansa lán do ḋeaġoibriḃ agus do ḋeirce do níoḋ si.

37 Agus a tárla an sna láeṫiḃ sin, go raiḃ sí tinn, agus go ḃfúair sí bás: agus ar na hionnlaḋ ḋóiḃ, do ċuireadar a séomra úaċdaraċ í.

38 Agus ar mbeiṫ do Liddá a ḃfogus do Ioppa, ar ḃfaġáil sgéul do na deisciobluiḃ go raiḃ Peadar ann sin, do ċuireadar dís fear ċuige, dá íarraiḋ air, gan muill do ḋéanaṁ ré teaċd ċuca.

39 Ann sin ar néirġe do Ṗeadar ṫáinic sé ríu. Agus ar dteaċd ḋó, rugadar súas don tséomra úaċdaraċ é: agus do ṡeasadar na baintreaḃaċ uile na aice ag cáoi, agus ag taisbéanaḋ na gcótaḋ agus na gcúlaiḋeaċ do rinne Dorcás, an feaḋ do ḃí sí na ḃfoċair.

40 Agus ar gcur amaċ gaċ a ráiḃ a sdiġ, ar na ligean féin ar a ġlúiniḃ do Ṗeadar, do rinne sé urnaiġe; agus ar ḃfilleaḋ ċum an ċuirp a duḃairt sé, Eíriġ, a Ṫabita. Agus dosgail sisi a súile, agus ar ḃfaicsin Ṗeadair ḋi, déiriġ sí na suíḋe.

41 Tug se a láṁ ḋí an tan sin, agus do ṫóg sé na seasaṁ í, agus ar ngairm na náoṁ agus na mbaintreaḃaċ ḋó, daisiġ sé ise béo.

42 Agus do foillsiġeaḋ so feaḋ Ioppá uile; agus do ċreideadar mórán sa Tiġearna.

43 Agus tárla, gur ċóṁnuiġ Peadar mórán do laeṫiḃ a Níoppá a ḃfoċair Ṡíomóin áiriġe fear leasaiġe leaṫair.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ