Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Gníoṁarṫa 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV Adṁail ḋán Ṗeadair, 23 urnuiġe, 32 agus ionnannus na gcreidṁeaċ.

1 Agus an feaḋ do ḃádar ag laḃairt ris an bpobal, tangadar na sagairt, agus úaċdarán an teampoill, agus na Saducíni orṫa,

2 Ag doilġeas go raḃadarsan ag teagasg an ṗobail, agus ag seanmóruġaḋ a Níosa eiséirġe ó ṁarḃuiḃ.

3 Agus do ċuireadar láṁa ionnta, agus do ċuireadar a bpríosún íad go dtáinic ar na ṁáraċ: oír do ḃí sé fá a namsin déiġeanaċ.

4 Giḋeaḋ mórán da ccúaluiḋ an ḃríaṫar do ċreideadar; agus do ḃí úiḃir na ndáoine a dtimċeall ċúig míle.

5 Agus tárla ar na ṁáraċ, gur ċruinniḋeadar a núaċdaráin, agus a sinnsir, agus a sgríobuiḋe,

6 Agus Annas an tárdsagurt, agus Cáiaṗas, agus Eóin, agus Ailecsandar, agus gaċ a raiḃ do ċineul na nárdsagart, a ḃfoċair a ċéile a Níarusalém.

7 Agus an tan do ċuireadar a lár íad, dfíafruiġeadar, Créud é an túġdarrás, nó an tainm, as a ndearna siḃse a ní so?

8 Ann sin ar mbeiṫ do Ṗeadar, ar na líonaḋ don Spiorad Náoṁ, a duḃairt sé ríu, A úaċdaráin an ṗobuil, agus a ṡinnseara-Israél,

9 O atámáoidne a niuġ air ar dtaḃairt ċum ceasda a dtimċeall na máiṫeasa do rinneaḋ don duine éagcrúaiḋ, cionnas do slánnuiġeaḋ é;

10 Bíoḋ a ḟios aguiḃse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrḋa, noċ do ċroċaḃairse, noċ do ḋúisiġ Día ó ṁarḃuiḃ, as trídsean ṡeasus an fearso slán an ḃur ḃfiaḋnuísesi.

11 A sí so an ċloċ úd do ḃí fá neiṁċion aguiḃse a ṡáora, dá ndearnaḋ ceann an ċuáinne.

12 Agus ní ḃfuil slánuġaḋ a neaċ air biṫ eile: oír ní ḃfuil ainm ar biṫ eile fáoi neaṁ ar na ṫaḃairt do ḋáoiniḃ, lér ab éidir sinne ṡlánuġaḋ.

13 Agus an tan ṫugadar ḋá paire dánaċd Ṗeadair, agus Eóin, agus gur ṫuigeadar a mbeiṫ na ndáoiniḃ gan ḟogluim gan éolus, do ġaḃ iongantus íad; agus daiṫneadar, go raḃadar a ḃfoċair Iósa.

14 Agus ar ḃfaicsin a nfir do ḃí ar na ṡlánuġaḋ na ṡeasaṁ na ḃfoċair, ní raiḃ éainní aca ré ráḋ na uaġuiḋ.

15 Aċd ar na ḟógra ḋóiḃ dul amaċ as an gcoṁairle, diomraiḋeadar eatorra féin,

16 Ag ráḋ, Créud do ḋéunam ris an muinntirse? Óir go deiṁin atá coṁarṫa foillsiġṫeaċ aca ar na ḋeanaṁ agus is follus do gaċ áon áitiġeas á Niárusalem é; agus ní féidir linne a ṡéuna.

17 Aċd deagla leaṫnuiġṫe ḋó ní as faide a measg an ṗóbail, toirmisgeam íad go bagraċ, fá laḃairt feasda sa náinmse ré duinne ar biṫ.

18 Agus ar na ngairm ḋóiḃ, dáiṫneadar ḋíoḃ gan laḃairt air éanċor agus gan teagusg do ḋéunaṁ a nainm Iósa.

19 Aċd ar ḃfreagra do Ṗeadar agus Deóin, a duḃradar ríu, Measuiġ féin an córa a ḃfíaḋnuise Dé, siḃsi deisdeaċd ná Día.

20 Oír ní héidir linne gan na neiṫe do ċúalamar agus do ċunncamar do laḃairt.

21 Agus ar ndéanaṁ bagair ḋoiḃsean, do léigeadar úaṫa íad, mar naċ ḃfúaradar sliġe ar biṫ ċum pionúis do ṫaḃairt dóiḃ, ar son an ṗobail: oír ṫugadar uile glóir do Ḋía ar son a neiṫe do rinneaḋ ann.

22 Oír do ḃí an té air a ndearnaḋ an coṁarṫa slainte úd, ós cionn dá ḟiċead ḃliaḋan dáois.

23 Agus ar na léigean amaċ, tangadar ċum a gcompánáċ, agus dfoillsiġeádar gaċ a nduḃradar na hárdsaguirt agus ná sinnsir ríu.

24 Agus ar na ċlós so ḋóiḃsean, do ṫógḃadar súas a ngúṫ déantoil ċum Dé, agus a duḃradar, a Tiġearna, is tusa an Día do rinne neaṁ, agus talaṁ, agus an ḟáirge, agus gaċ a ḃfuil ionnta:

25 Noċ a duḃairt tré béul Dáiḃi do ṡearḃḟoġantuiġe féin, Créud fár lionadar na cineaḋaċa dfeirg, agus fár smuáineadar na puibleaċa neiṫe díoṁáoineaċa?

26 Do ṡeasadar ríġṫe na talṁan, agus do ċruinniġeadar na húaċdaráin a ḃfoċair a ċéile, a naġaiḋ an Tiġearna, agus a naġaiḋ a Ċríosd.

27 Oír do ċruinniġeadar gan ċonntaḃairt a ḃfoċair a ċéile, sa ċaṫraiġse, Ioruaiḋ, agus Poinnsius Píoláid, maille ris na Cineaḋaċuiḃ, agus ré puibleaċaiḃ Israél, a naġaiḋ do Ṁic náomṫa Iósa, noċ do óng tú,

28 Do ḋéanaṁ gaċ neiṫe dár réuṁórdaiġ do láṁsa agus do ċoṁairle a ḋéanaṁ.

29 Agus a nois, a Ṫiġearna, taḃair aire dá mbagur: agus taḃair dod ṡearḃḟoġantuiḋiḃ féin, do ḃríaṫar a láḃairt maille ré gaċ uile ḋánaċd,

30 Ag sineaḋ do láiṁe amaċ ċum leiġis; agus coṁarṫaḋ agus miorḃuileaḋ do ḋéanaṁ tré ainm do ṁic náomṫa fein Iósa.

31 Agus ar ndéunaṁ úrnuiġe ḋóiḃ, do ċríoṫnuiġe a náit a raḃadar a ḃfoċair a ċéile; agus do líonaḋ íad uile don Spiorad Náoṁ, agus do láḃradar bríaṫar Dé maille ré dánaċd.

32 Agus do ḃí áon ċróiḋe agus áon anam aṁáin ag an druing do ċreid: agus ní dúḃairt éainneaċ aca go maḋ leis féin áon ní ḋá raiḃ na ṡeilḃ; aċd do ḃádar na huile neiṫe coṁċoitċeann aca.

33 Agus tugadar na habsduil maille ré cúṁaċdaiḃ móra fíaḋnuise eiséirġe an Tiġearna Iósa úaṫa: agus do ḃádar grásá móra orrṫa uile.

34 Oír ní raiḃ éainneaċ eatorra ar a raiḃ riaċdanus: oír an ṁéid do ḃí na sealḃaiġeóiriḃ fearuinn nó tiġṫe, ar na réic, do ḃeirdís lúaċ na neiṫe do ḃí ar na reac leó,

35 Agus do ċuirdís ag cósaiḃ na nabsdal é: agus do roinntí é ar gaċ áon do réir a ríaċdanuis.

36 Agus ag Ióses, dar ġoireadar na habsdail Barnabas, (sé sin, ar na eidirṁíniuġaḋ, Mac na coṁḟurṫaċda,) ar mbeiṫ ḋó na Leḃíte, agus do ḟreiṁ na Sioprus,

37 Ar mbeiṫ go raiḃ fearann aige, do reac se é, agus tug sé ris an tairgead, agus do ċuir sé ag cosaiḃ na nabsdal é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ