Gníoṁarṫa 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXII Aiṫris ar ṫús beaṫaiḋ, 6 filleaḋ, 14 úrleisgeul, 25 agus saóirse Ṗóil mar Roṁanaċ. 1 A Ḋaoine, a ḃráiṫreaċa, agus a aiṫre, éisdiġ a nois rém ṡáoraḋsa ḋáoiḃ. 2 (Agus an tan do ċúaladar gur sa teanguiḋ Eaḃra do laḃair sé ríu, as móide do rinneadar cíuinus e: agus a duḃairt seision,) 3 As Iúdaiġe misi gan aṁarus, rugaḋ a Dtarsus, na Cilícia, giḋeaḋ as ann sa ċaṫruiġsi ag cosaiḃ Ġamáliel do hoileaḋ mé, agus do muineaḋ go diongṁála a ndliġeaḋ ar naiṫreaḋ mé, agus do ḃí mé ar lasáḋ do ġráḋ Dé, aṁail agus ataṫáoisi uile a niu. 4 Agus do ḃí mé ag gérleanṁuin na sliġeaḋso gus an mbás, ag ceangal ḟear agus ban agus dá dtarraing ċum priosúin. 5 Mar do ní uaċdarán na sagurt fós fíaḋnuisi ḋaṁ, agus na sinnsir uile: ó fuáir mé litreaċa mar an gcéudna ċum na mbraṫar, ré dul go Damascus, ar ċor go dtiuḃruínn leam ceanguilte go Híarusalém an ṁuinntir do ḃí ann sin, dfaġáil piannuide. 6 Agus tárla ḋaṁ, ar mo ṫuras, ar roċdain daṁ go gar do Ḋamascus timċeall ṁeaḋóin láoi, gur ḋeallruiġ solus mór ó neaṁ go hobann am ṫimċeall. 7 Agus do ṫuit mé ar talaṁ; agus do ċúaluiḋ mé gúṫ dá ráḋ rium, A Ṡáuil, a Ṡáuil, créd fá ngérleanann tú mé? 8 Agus do ḟreaguir misi, Cia ṫú féin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seisean rium, As misi Iósa Nasarḋa ar a ḃfuil tusa ag gérleanṁuin. 9 Agus na dáoine do ḃí am ḟoċair do ċunncadar an solas go deiṁin, agus do ġaḃ eagla íad; giḋeaḋ ní ċúaladar gúṫ an té do laḃuir rium. 10 Agus a duḃairt mé, Créd do ḋéuna mé, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt an Tiġearna rium, Eiriġ, agus imṫiġ go Damascus; agus inneósdar ḋuit ann sin gaċ uile ní dár hórduiġeaḋ ḋuit dó ḋéunaṁ. 11 Agus mar naċ raiḃ aṁarc agam tré ġlóir na soillsi sin, do ṫreóruiġeadar mo luċd éintsliġeaḋ ar láiṁ mé, nó go dtáinic mé go Damascus. 12 Agus táinic óglaċ áiriġe, dár ḃainm Ananias ċugam, duine díaḋa do réir an dliġiḋ, air a riaḃ teisd ṁaiṫ ag gaċ uile Iúduiġe dár áitiġ ann sin, 13 Agus ar seasaṁ ḋó láiṁ rium, a duḃairt sé, A Ṡáuil a ḃráṫuir, gaḃ ċugad do raḋarc. Agus ar a núair sin féin dféuċ me airsion. 14 Agus a duḃairt sé, Do ṫoġ Día ar naiṫreaċne roiṁ láiṁ ṫusa, ċum a ṫóla féin daiṫniúġaḋ, agus an Neaċ Coṁṫrom úd dfaicsin, agus glór a ċluisden as a ḃéul. 15 Oír bíaiḋ tu ad ḟíaḋnuisi aige a láṫuir na nuile ḋáoine ar na neiṫiḃ do ċunnairc agus do ċúala tú. 16 Agus a nois créd do ḃeir ag déunaṁ moilee ṫú? éiriġ, gaḃ baisdeaḋ ċugad, agus bí ar do ġlanaḋ ód ṗeacaḋaiḃ, ar ngairm ar ainm an Tiġearna. 17 Agus tárla, an tan do ḟill mé go Hiarusalém, agus do rinne mé urnaiġe ann sa teampoll, go ndeaċaiḋ mé a néull; 18 Agus do ċunnairc mé eisean dá ráḋ rium, Déuna deiṫḃir, agus imṫiġ go tapuiḋ as Iárusalém: óir ní ġéuḃuid síad ċuca ṫfíaḋnuisi am ṫimċeallsa. 19 Agus a duḃairt misi, A Tiġearna, as aiṫne ḋóiḃséan go gcuirinnsi a bpriosún an lión do ċreideaḋ ionnadsa agus go ngaḃainn orrṫa ann gaċ uile ṡínagóg: 20 Agus a núair dóirteaḋ fuil do ṁairtír Steaṗán, do ḃi misi a láṫair, agus dáontuiġ mé ċum a ṁarḃṫa, agus do ċoiṁéud mé éudaiġe na muinntire do ṁarḃ é. 21 Agus a duḃairt seisean rium, Imṫiġ roṁad: óir cuirfiḋ misi ag céin ṫú ċum na Gcineaḋaċ. 22 Agus déisdeadarsan ris gus an ḃfocalsin, aċd ann sin do ṫógḃadar a ngúṫ os áird, ag ráḋ, Beir uáinn don talaṁ a leṫéid so do ḋuine: óir ní cóir a ḃeiṫ na ḃeaṫuiḋ. 23 Agus an tan do éiġṁeadar, agus do ṫeilgeadar a néuduiġe ḋíoḃ, agus do ṫeilgeadar luaiṫreaḋ sa naiér, 24 Do aiṫin an túaċdarán eisean do ḃreiṫ don ċaisléun, agus a duḃairt sé fios sgéul do ḃuáin lé sgíursaiḋiḃ ḋe; do ċum go mbeiṫ a ḟios aige créd é an taḋḃar fár éiġṁeadar mar sin na aġuiḋ. 25 Agus mar do ċeangladar é lé cordaḋuiḃ, a duḃairt Pól ris an gcaiptín do ṡeas a láṫair, An cóir ḋáoiḃsi Róṁánaċ a sgíursaḋ, agus gan é ar na ḋamnaḋ? 26 Agus ar na ċlós so don ċaiptín, do ċuáiḋ sé a gceann a núaċdaráin, agus dfoillsiġ sé sin dó, ag ráḋ, Taḃair dod aire créd atá tú ḋéunaṁ: óir is Róṁánaċ an fearso. 27 Ann sin ar dteaċd do núáċdarán ċuige, a duḃairt sé ris; Innis daṁsa, an Róṁánaċ ṫú? Agus a duḃairt seisean, A seaḋ. 28 Agus do ḟreaguir an túaċdarán, As mór an tsuim ar a ḃfuáir misi sáoirsi na caiṫreaċ sin. Agus a duḃairt Pól, Aċd is ann a rugaḋ misi. 29 Ar a naḋḃarsin an luċd do ḃí ar tí a sgíursaiġe do imṫiġeadar úaḋ ar an mball: agus mar an gcéadna do ġaḃ eagla an túaċdarán, ar ḃfaġáil a ḟeasa gur Róṁánaċ é, agus go dtug sé fa deara a ċeangal. 30 Agus ar na ṁáraċ ar mbeiṫ ḋó fonnṁair air ḋeiṁin sgéul dfaġáil créd í an ċoir do ċuirfidis na Iúdaiġe na aġuiḋsion, do sgáoil sé é ó na ċuiḃriġiḃ, agus tug sé aiṫne dúaċdaráin na sagart agus dá gcoṁairle uile teaċd do laṫuir, agus ar dtaḃairt Ṗóil amaċ, do ċuir sé ann a ḃfíaḋmuisi é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society