Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Genesis 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Geineaḋ Ċaín agus Abel. 25 Geineaḋ Ṡeṫ agus na naoṁ úaḋ.

1 Agus do luiġ Aḋaṁ ré na ṁnáoi Eúḃa; agus do ṫoirrċeaḋ í, agus rug sí Cáin, agus a duḃairt sí, Do ġnoġuiḋ mé duine ón DTIĠEARNA.

2 Agus rug sí a ris a ḋearḃraṫair Abel. Agus do ḃí Abel na áoḋaire caoraċ, agus do buḋ críaḋuire ḟearuin Cáin.

3 Agus accionn aiṫe tárla ann, go ttug Cáin leis do ṫoraḋ na talṁan ofrail don TIĠEARNA.

4 Agus go tugg Abel, mar an ccéudna do ċéidġiniḃ a ṫréuda agus da ṡault; agus do ḃí meas ag an TTIĠEARNA ar Abel agus ar ofráil.

5 Aċ ní raiḃ suim aige a Ccáin, ná ann a ofráil. Agus do ḃí Cáin lán dḟeirg, agus daṫarruiġ a ḋealḃ.

6 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Cáin, cioḋ fá bḟuil tú feargaċ? agus créud far ċláoċluiḋ tú do ċruṫ?

7 Má ní tú go maiṫ, naċ nglacfuiġṫear ṫú? agus muna ndéarna tú go maiṫ, atá an péacaḋ na luiġe ag an dorus, agus biáiḋ a ḟonn ċugadsa, agus riaġloċuiḋ tú ós a ċionn.

8 Agus do ċoṁráiġ Cáin ré na ḋearḃraṫair Abel; agus tarla ann, a nuair do ḃádar ar an maċaire, gur éiriġ Cáin súas a naġuiḋ Abel a ḋearḃraṫar, agus gur ṁarḃ é.

9 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Cáin, Cáit a ḃfuil do ḋearḃraṫair Abel? agus a duḃairt seision, ni ḟeidir misi sin: an misi coiṁeuduiġ mo ḋearḃraṫar?

10 Agus a duḃairt seision, Creud do rinne tú? atá guṫ fola do ḋearḃraṫar ag éiġṁe ormsa as an ttalaṁ.

11 Agus a nois ata tusa malluiġe ón ttalaṁ, noċ do osguil a beul do ġlacaḋ fola do ḋearḃraṫar as do láiṁ.

12 A nuáir ṡáoṫroċus tú an talaṁ, ní ṫiuḃra feasda a neart duit; ad ṫeiṫṁeaċ agus ad ḋeóruiġe ḃías tú annsa talaṁ.

13 Agus a duḃairt Cáin ris an TTIĠEARNA, As mó mo ṗionús ná mar ḟéuduim iomċar.

14 Féuċ, do ḋíbir tú mé ó aġuiḋ na talṁan san ló a niuġ; agus foileoċar ód ġnúis mé, agus béad am ṫeiṫṁeaċ agus am ḋeóruiġe annsa talaṁ, agus tiucfa as sin, giḋ bé air biṫ ṫeigeoṁas riom, go muirfiḋ sé mé.

15 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Uime sin giḋ bé ar biṫ ṁuirfeas Cáin, do ḋéuntar a ṡeaċd noirid dioġaltuis air. Agus do ċuir an TIĠEARNA coṁarṫa ar Ċáin, deagla áonduine ar na ḟaġáil go muirfeaḋ é.

16 Agus do ċuáiḋ Cáin amaċ as fiaġnuisi an TIĠEARNA, agus do áitriḃ sé a ttír Nod, táoḃ ṡoir do Eden.

17 Agus do luiġ Cáin ré na ṁnáoi; agus do ṫoirrċeaḋ í, agus rug sí Enoċ: agus do rinne caṫair, agus tug aimn uirre do réir anma a ṁic, Enoċ.

18 Agus do Enoċ rugaḋ Irad: agus do ġein Irad Mehuiael: agus do ġein Mehuiael Metusael: agus do ġein Metusael Lameċ.

19 Agus tug Lameċ días ban: áon díoḃ dar ḃainm Adah, agus an dara ḃean dar bainm Sillah.

20 Agus rug Adah Iabal: do bé sin aṫair na druinge do ċoṁnuiġeaḋ a bpuibliḃ, agus na druinge gá mbí airnéis.

21 Agus do bé ainm a ḋearbraṫar Iúbal: do bé sin aṫair na nuile do ġlacaḋ an ċláirseaċ agus na horgáin.

22 Agus Sillah, mar ann cceudna rug Túbal-Cáin, fear múinte a nuile ḟir ceirde do nioḋ céardaċd ṗráis agus íaruinn: agus do bí dearḃṡíur Ṫúbal-Cáin Náamah.

23 Agus a duḃairt Lameċ ré na ṁnáiḃ, Adah agus Sillah, Eisdiġ ré mo ġlór a ṁná Lameċ, eisdiġ rem ċaint: óir do ṁarḃus duine ċum mo lot, agus duine óg ċum mo ḋoċair féin.

24 Má ḋioġaltar ar Ċáin seaċd noirid, go deiṁin dioġaltar ar Lámeċ seaċt agus seaċdṁoḋad oirid.

25 Agus do luiġ Aḋaṁ ré na ṁnáoi a rís; agus rug sí mac, agus tug Seṫ daínm air: Oir ar sisi, do órduiġ Día ḋaṁ síol eile a náit Abel, do marḃaḋ lé Cáin.

26 Agus do Ṡéṫ, rugaḋ mac ḋósan mar an ccéudna; agus Enos do ġoir dainm ḋe: annsin do ṫosuiġ dáoine gairm ar ainm an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ