Genesis 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVII. Fuair Iacob prioṁḃeannaċd a aṫar tre ċoṁair le aṁaṫar. 41 Ar sin dfuaṫuiġ Esau, Iacob. 43 Aċ tug a ṁaṫair fa deara air, teiċeaḋ. 1 Agus tárla, a núair do ḃí Isaac foirfe, agus do raḃadur a ṡuile dorċa, ionnus naċ ḃfaiceaḋ sé, do ġoir se Esau a ṁac buḋ ṡine, agus a duḃairt ris, A ṁic: agus a duḃairt seision ris, Féuċ, atáim annso. 2 Agus a duḃairt sé, Féuċ, a nois atáimsi aosta, ní ḃfuil fios láoi mo ḃáis agam. 3 Guiḋim ṫú anois ar an aḋḃur sin, glac hairm, do ḃolgán, agus do ḃoġa, agus eíriġ fan ṁaġ amaċ, agus faġ fiaḋaċ ḋaṁsa. 4 Agus deúna bíaḋ sóḃlasda ḋaṁ don tsórt as ionṁuin Leam, agus taḃair ċugam é go niṫinn é, ionnus go mbeinneóċaḋ manam ṫu suil do ġeaḃuinn bas. 5 Agus do ċúalaiḋ Rebecah a nuair do laḃáir Isaac ré na ṁac Esau, agus do ċuaiḋ Esau fan maġ dfíaḋaċ, agus dá ṫaḃairt leis. 6 Agus do laḃair Rebecah ré Iacob a mac, ag raḋ, Féuċ, do ċúaluiḋ mé haṫair ag laḃairt ré Hésau do ḋearḃraṫair, ag ráḋ, 7 Taḃair fíaḋaċ ċugam, agus deana bíaḋ sóḃlasda ḋaṁ, go niṫinn, agus go mbeannuiġinn ṫú a laṫair an TIĠEARNA, roiṁ mo ḃás. 8 A nois uime sin, a ṁic, éist rem ġlórsa, do réir an neiṫe aiṫéonus mé ḋíot. 9 Eiriġ a nois gus an tréad, agus taḃair ċugamsa as sin ḋá ṁionnán maiṫe óna gaḃruiḃ; agus do ḋéana misi íad na mbíaḋ ṡóḃlasta dod aṫair, aṁuil as ionṁuin leis: 10 Agus béuraiḋ tusa é ċum haṫar, ċor go níosuiḋ sé, agus go ṁbeinneoċuiḋ ṫú suil do ġeaḃus sé bás. 11 Agus a duḃairt Iácob re Rebecah a ṁaṫair, Féuċ, atá Esau mo ḋearḃraṫair na ḋuine ċluṁaċ, agus atáimsi am ḋuine ṁin: 12 Do bféidir go moiṫéoċaḋ máṫair mé, agus go measfuḋ mé mar ṁealltóir; agus go ttiuḃrainn mallaċd oram féin, a nait na beannaċda. 13 Agus a duḃairt a ṁaṫair ris, Bioḋ do ṁalluġaḋ orumsa a ṁic: aṁain uṁluiġ dom ġlór, agus éiriġ, agus taḃair leaċd ċugam iad. 14 Agus do imṫiġ seision, agus tug leis ċum a ṁaṫar iad: agus do rinne a ṁaṫair bíaḋ sóḃlasta, aṁuil dob ionṁuin le na aṫair. 15 Agus do ġlac Rebecah culaiḋ ṫaitneaṁaċ déaduiġiḃ Esau a mic buḋ siné, noċ do ḃí aice sa tiġ, agus do ċuir e ar Iácob a mac dob óige: 16 Agus do ċuir sí croicne ṁeannán na ngaḃar ar a láṁuiḃ agus ar ṁín a ṁuinéil: 17 Agus tug an bíaḋ milis, agus an tarán do ġléus sí, a laiṁ a mic Iácob. 18 Agus táinig sé ċum a aṫar, agus a duḃairt, A aṫair; agus á duḃairt seision, Ataim annso, cía ṫusa a ṁic? 19 Agus a duḃairt Iácob re na aṫair, Misi Esau do ċéadṁac; do rinne me mar a duḃairt tú rium: éiriġ, guiḋim ṫú, suiġ, agus iṫ dom ṡeilg, go mbeannuiġe hanam mé. 20 Agus a duḃairt Isaac ré na ṁac, Cionnus fuair tú coṁluaṫ agus sin é, a ṁic? agus a duḃairt seision, Do ċionn go ttug an ṪIĠEARNA do Ḋíase ḋaṁ é. 21 Agus a duḃairt Isaac ré Iacob, Guiḋim ṫú tarr láiṁ riom, go nglacuinn ṫú a ṁic, an tú ḋáríriḃ mo ṁac Esau, nó naċ tú. 22 Agus do ḋruid Iácob láiṁ ré na aṫair Isaac; agus do spín seision é, agus a duḃairt, A sé do ġuṫ guṫ Iacob, aċ na láṁa asíad láṁa Esau íad. 23 Agus níor aiṫin é, mar do ḃádur a láṁa cluṁaċ, mar láṁuiḃ a ḋearḃraṫair Esau: agus mar sin do ḃeannuiġe é. 24 Agus a duḃairt, An tú mo ṁac Esau ḋá ríriḃ? Agus a duḃairt seision, As mé. 25 Agus a duḃairt sé, Taḃair láiṁ rium é, agus iosuiḋ mé dfíaḋaċ mo ṁic, go mbeannuiġe manam ṫú. Agus tug na ċoṁġar é, agus a dúaiġ: agus tug fíon ċuige agus do iḃ sé. 26 Agus a duḃairt a aṫair Isaac ris, Tárr ċugam a ṁic, agus póg mé a ṁic. 27 Agus táinic ċuige, agus do ṗóg é: aus do ḃoltnuiġ balaḋ éaduiġ, agus do ḃeannuiġ é, agus a duḃairt, Féuċ, atá balaḋ mo ṁic mar ḃalaḋ ṁuiġe do ḃeannuiġ an TIĠEARNA. 28 Uime sin go ttugaiḋ Día ḋuit do ḋrúċd niṁe, agus do ṡult na talṁan, agus iomad arḃa agus fíona: 29 Go ndéana puibleaċa seirḃís duit, agus go nuṁluiġe ciniḋeaċa síos duit; bi ad ṫiġearna ós cionn do ḋearḃráiṫreaċ, agus uṁluidís mic do ṁaṫar ḋuit: go má malluiġe gaċ áon ṁailleóċus tú, agus go ma beannuiġe an té ḃeinneóċus tú. 30 Agus tárla, mar as lúaiṫe do ċuír Isaac crioċ ar ḃeannuġaḋ Iacob, agus naċ mór go rainig Iácob fós as fiaḋnuisi Isaac a aṫar, an tan ṫáinig Esau a ḋearḃraṫair on ḟíaḋaċ. 31 Agus do rinne bíaḋ blasda mar an cceadna, agus tug ċum a aṫar é, agus a duḃairt re na aṫair, Eirġioḋ máṫair, agus iṫeaḋ do ṡeilg a ṁic, ċor go mbeinneóċuiḋ hanam mé. 32 Agus a duḃairt Isaac a aṫair rís, Cía ṫusa? agus a duḃairt seision, As misi do ṁac, do ċéidġin Esau. 33 Agus do ċrioṫnuiġ Isaac do ċriṫ úaṫḃásac, agus a duḃairt, Cía he, cáit á ḃfuil an té do rinne fíaḋaċ, agus tug ċugamsa é, agus a dúaiġ mé da gaċ éinmi, suil ṫáinic tusa, agus do ḃeannuiġ mé é? agus fos, bíaiḋ beannuiġe. 34 Agus a núair do ċualaiḋ Esau bríaṫra á aṫar, do éiġ maille ré gárrṫuiḃ móra searḃa, agus a duḃairt ré na aṫair, Beannuiġ misi, eaḋon misi mar an ccéadna, ó a aṫair. 35 Agus a duḃairt seision, Ṫáinic do ḋearḃraṫair le ceilg, agus rug leis do ḃeannaċd. 36 Agus a duḃairt seision, Naċ cóir tugaḋ Iácob dainm air? óir ṫáinic sé fúimse an dá uáirsi: rug sé uáim mo ċeart beirṫe: agus a nois, féuċ, rug sé mo ḃeannuġaḋ uáim: agus a duḃairt sé, A neaḋ nár ċoiṁead tú beannuġaḋ ḋamsa? 37 Agus do ḟreagair Isaac agus a duḃairt re Hesau, Féuċ, do rinne me eision na ṫiġearna ort, agus tug mé a ḋearḃraiṫre uile na serḃíseaċuiḃ ḋó; agus lé harḃar, agus le fíon do ċonnuiṁ mé súas é: agus créad do ḋéun riotsa a nois, a ṁic? 38 Agus a duḃairt Esau re na aṫair, An ḃfuil agad aċd éinḃeannaċd aṁain, a aṫair? beannuiġ misi, eaḋon misi mar an ccéadna, ó a aṫair. Agus do ṫóg Esau a ġuṫ súas agus do ġuil sé. 39 Agus do ḟreagair Isaac a aṫair agus a duḃairt ris, Féuċ, buḋ é háitreaḃ sult na talṁan, agus ó drúċ ḟlaiṫeaṁnus a nsúas; 40 Agus led ċloiḋeaṁ ḃiais tú ad ḃeaṫaiḋ, agus biáiḋ tú ag seirḃis dot ḋearḃraṫair; agus tiucfuiḋ a ccríċ a nuair do geaḃa tú úaċdaranaċd, go mbrisfiḋ tú a ċuingsion dot ṁuinéul. 41 Agus do ḟuaṫuiġ Esau Iacob ar son na beannaċda lear ḃeannuiġ a aṫair é: agus a duḃairt Esau na ċroiḋe, Atáid láeṫe cuṁa ar son máṫar a ḃfogus; ann sin ṁuirfeas misi mo ḋearḃraṫair Iacob. 42 Agus do hinniseaḋ do Rebecah na briaṫrasa Esau a mic buḋ sine: agus do ċuir sí fios agus do ġoir sí Jácob a mac dob óige, agus a duḃairt ris, Féuċ, do ḋearḃraṫair Esau, ar do ṡonsa, do ḃeir sé solás dó féin, ré cur roiṁe ṫusa ṁarḃaḋ. 43 Anois ar a naḋḃarsin, a ṁic, uṁluiġ dom ġlórsa; agus éiriġ go Lában mo ḋearḃraṫair go Háran; 44 Agus fan na ḟoċair beagán do láeṫiḃ, no go ttráoṫuiġ fearg do ḋearḃraṫar; 45 No go ḃfilliḋ fearg do ḋérbraṫar úaid, agus go ndearmaduiġ se an ní do rinne tú ris: ann sin cuirfiḋ misi fios, agus do ḃéura mé as sin ṫú. Cread fá ccaillfinnsi siḃ aráon a neunló? 46 Agus a duḃairt Rebecah ré Hisaac, atáim currṫa dom ṡáoġal do ċionn inġeana Hét: má ṗósan Jacob bean as inġeanuiḃ Hét, mar íad so, atá as inġeanuiḃ na tíre, créad an ṁaiṫ ḋéunas mo ḃeaṫa ḋaṁsa? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society